Tá an t-iar-aire Gaeltachta Tom O’Donnell tar éis bháis in aois a 94 bliain.
Bhí Tom O’Donnell, arb as Cill Mológ i gcontae Luimnigh dó, ina aire Gaeltachta idir 1973-1977, le linn chomhrialtas Liam Cosgrave.
Bhí Tom O’Donnell ar dhuine de na hairí Gaeltachta ba mhó cáil agus stádas sa chéad seo caite. Cé nach raibh an teist ar an gcomhrialtas idir Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre a raibh sé mar bhall de go raibh leas na teanga mar thosaíocht acu, bhí meas ar O’Donnell féin sa Ghaeltacht.
An creideamh mór a bhí aige mar aire ná nach mairfeadh an Ghaeltacht ná an teanga gan na daoine agus nach mbeadh aon daoine fágtha sa Ghaeltacht mura gcuirfí fostaíocht ar fáil dóibh.
Leag sé béim mhór ar fhostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht le linn a thréimhse mar aire.
Dúirt an t-iarThaoiseach John Bruton aréir gurbh “iontach an gaisce” a rinne Tom O’Donnell mar aire Gaeltachta
“Bhí an-chion ag muintir na Gaeltachta air agus tharraing sé aird orthu agus ar a gcás ag an leibhéal is airde ar bhealach nár tharla riamh roimhe sin. Bhain sé líofacht amach sa Ghaeilge agus rinne sé cúram oifgiúil a roinne go léir trí Ghaeilge…
“…Thug sé tús áite do chruthú fostaíochta sa Ghaeltacht. Le linn na tréimhse a bhí ag Tom san oifig, mhéadaigh líon na bpostanna sa Ghaeltacht faoi dhó agus tháinig feabhas mór ar an infreastruchtúr inti,” arsa John Bruton.
30 bliain a thug Tom O’Donnell sa saol poiblí. Toghadh chun na Dála den chéad uair i 1961 agus d’éirigh sé as i 1989. Toghadh chun parlaimint na hEorpa é é i 1979 agus arís i 1984.
Ba dhuine d’fhathaigh Fhine Gael i Luimneach. Nuair a d’éirigh sé as an bpolaitíocht ag deireadh na n-ochtóidí lean sé air ag obair go deonach ar son an phobail.