TUAIRISC BHEO: Reachtaíocht agus cearta teanga á bplé sa Dáil
Cúlra an bhille…
Ag Oireachtas na Samhna 2011, d’fhógair iar-aire stáit na Gaeltachta Dinny McGinley go rabhthas chun athbhreithniú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, an reachtaíocht a tugadh isteach chun dualgais a leagan ar chomhlachtaí poiblí maidir le seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge. Dúradh go raibh athbhreithniú le déanamh ar an acht le fáil amach an raibh gá le leasuithe a dhéanamh air, reáchtáladh próiseas comhairliúcháin phoiblí agus rinneadh go leor moltaí ar mhaithe leis an acht a neartú.
In 2014 foilsíodh ceannteidil do bhille nua a dhéanfadh an t-acht a leasú ach is amhlaidh gur mheas an Coimisinéir Teanga agus eagrais teanga gur lagú seachas láidriú ar an acht a dhéanfadh na leasuithe a bhí molta.
Ba léir gur shocraigh comharba Dinny McGinely, an t-aire stáit agus foghlaimeoir Gaeilge aitheanta, Joe McHugh nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid agus caitheadh na ceannteidil i dtraipisí. D’fhág McHugh an phraiseach le hoidhreacht ag a chomharba Seán Kyne agus in 2017 foilsíodh ceannteidil nua. Cuireadh fáilte roimh na ceannteidil nua a bhí i bhfad Éireann níos uaillmhianaí agus níos láidre ó thaobh cearta teanga ná ceannteidil 2014.
Cad atá sa bhille teanga nua agus cén difear a dhéanfaidh sé do phobal na Gaeilge?