Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-gradam-speisialta-bronnta-ag-iws-ar-fhear-gaeltachta-mar-gheall-ar-a-eacht-snamha

Gradam speisialta bronnta ag IWS ar fhear Gaeltachta mar gheall ar a éacht snámha

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Bronnadh an gradam speisialta ‘Freagracht Phobail agus Shóisialta’ ar Anrí Ó Domhnaill as an gCarraig Fhinn i nGaeltacht Thír Chonaill ag searmanais de chuid Shábháilteacht Uisce na hÉireann anocht.

Ba í Síle Seoighe a bhronn an gradam ar Anrí ag searmanas digiteach a reáchtáladh ar YouTube. Tá Anrí aon trian den bhealach timpeall na hÉireann anois agus é i mbun iarrachta a bheith ar an gcéad duine a shnámhfaidh timpeall na tíre uilig agus lapaí snámha air.

Tá Anrí ag bailiú airgid ar son Shábháilteacht Uisce na hÉireann (IWS) agus Cumann Ailse na hÉireann a fhad is atá an t-éacht seo ar siúl aige, agus is mar gheall ar an mbailiú sin a bronnadh an gradam speisialta seo anocht air.

Is iomaí cúrsa traenála atá déanta ag Anrí leis an IWS i gcaitheamh na mblianta agus is múinteoir cáilithe snámha agus tarrthála é agus cáilíochtaí aige ón eagraíocht chéanna.

Dúirt sé ag an searmanas anocht go bhfuil cleachtaí agus druileanna rialta á ndéanamh aige féin agus ag an bhfoireann atá leis agus é ag snámh timpeall na hÉireann faoin tsábháilteacht ar an uisce.

“Tá mé ag ullmhú le haghaidh an turais seo le ceithre bliana anuas agus is í an tsábháilteacht an rud is tábhachtaí dom i gcónaí. Bíonn druileanna á ndéanamh againn le criú an bháid agus cleachtaí rialta sábháilteachta. Tá an-bhród orm go bhfuil IWS ar cheann de na dá charthanas a bhfuil muid ag tacú leo ar an turas,” a dúirt Anrí agus an gradam á ghlacadh go digiteach aige.

Tá an Anrí anois in uachtar Laighean agus é ag déanamh a bhealaigh dheisil timpeall na hÉireann.

Tá Anrí anois 56 bliain d’aois agus taithí mhór aige ar an snámh farraige. Is garda tarrthála trá é, tumadóir, múinteoir snámha agus bádóir cumasach. Tá taithí ceathracha bliain aige den snámh lapaí, agus beidh foireann á leanacht i mbád sábháilteachta ó thús deireadh an turais. 

Tá dhá phéire lapaí ag Anrí, ceanna fada agus ceanna gearra, agus úsáidfidh siad an dá phéire le linn an turais, ag brath ar chúinsí aimsire agus farraige.  Tá spéaclaí snámha, hata agus bríste snámha air den chuid is mó, agus beidh culaith uisce air má bhíonn teocht na mara an-íseal go deo. Tá fón póca leis, chomh maith le huaireadóir cliste agus rianaire a thaispeánfaidh don phobal agus dá chriú cén áit go díreach a bhfuil sé agus é ag snámh. 

Níos mó