Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘tabharfaidh-me-a-dteanga-dhuchais-do-mo-phaisti-–-fiu-ma-thogtar-anseo-in-eirinn-iad’

‘Tabharfaidh mé a dteanga dhúchais do mo pháistí – fiú má thógtar anseo in Éirinn iad’

| Wuraola Majekodunmi |

Is í Iarúibis mo theanga dúchais féin. Ní dhearna mé staidéar uirthi riamh, d’fhoghaim mé an teanga ó a bhí mé óg ag éisteacht le mo thuismitheoirí agus a gcuid comhráite Iarúibise –  na focail dhána ar dtús, cosúil le “Oloshi” nó “Oloriburuku”! 

Is teanga scríofa agus labhartha í Iarúibis. Nílim go huile is go hiomlán líofa sa teanga ach ba bhreá liom a bheith amach anseo. Tá sé ar intinn agam go mbeidh roinnt Iarúibise ag mo pháistí nach ann dóibh fós chomh maith, fiú má fhásann siad aníos anseo in Éirinn.

Tá ceangal láidir déanta agam leis an teanga shaibhir bhríomhar seo. Bíonn an méid sin gníomhaíochta sa cholainn i gceist agus tú ag labhairt na teanga.

Sho gbo Yoruba?” Seo frása a chloiseann daoine cosúil liomsa go minic. Daoine a d’fhás aníos i ndiaspóra na Nigéire, ón treibh Iarúbach. Ceist a fhaighimid ó strainséirí a shíleann go minic nach mbeadh Iarúibis ag ár leithéidí, toisc nár fhás muid aníos sa Nigéir, ach ní hé sin an cás go minic. 

Dá mba rud nár labhair mo thuismitheoirí Iarúibis liom agus mé óg, ní dóigh liom go mbeadh an teanga agam i ndáiríre. Tá an-mheas acu ar an teanga agus bhí sé thar a bheith tábhachtach dóibh go mbeadh sí agam fiú dá bhfreagróinn iad as Béarla uaireanta. Tá mo thuismitheoirí tar éis a lua liom cúpla uair go ndúirt daoine as a bpobal féin leo gan Iarúibis a labhairt liom mar go “millfeadh” sí mo chanúint. 

Seo an cineál dearcadh coilíneach atá fós beo i roinnt daoine, gur leor an Béarla agus an Béarla amháin. Go háirithe sa diaspóra, bíonn an eagla sin ann go ndéanfaidh sé níos mó dochair do pháistí — atá “difriúil” cheana féin gona n-ainm agus a ndath craicinn — an Iarúibis a labhairt leo. Mar sin féin, tá mé tar éis a chloisteáil gur fearr le roinnt daoine sa Nigéir féin an Béarla a labhairt ná Iarúibis anois, le bheith níos ‘Iartharaí’. 

Ainm. Sin rud tábhachtach i gcultúr na hIarúibise. M’ainm iomlán ná Olufemi Wuraola Majekodunmi. Go garbh, ciallaíonn sé ‘Tá grá ag Dia dom, muirneach an tsaibhris, Ná ligtear dó mé a ghortú’. Ón méid sin, tá sé soiléir go bhfuil brí an ainm an-tábhachtach do lucht labhartha na hIarúibise, agus is féidir ainm Iarúibise a aithint i gcónaí.

Insíonn d’ainm scéal faoi leith. Chaith duine anuas ar m’ainm Iarúibise nuair a bhí mé óg, chreid daoine eile sa phobal gurbh fhearr ainm Béarla a thabhairt orm ionas go mbeadh daoine in ann é a rá. Sin an fáth a dtugann daoine ‘Ola’ orm seachas ‘Wuraola’, lena dhéanamh éasca ar muintir na hÉireann m’ainm a rá. Ach fós bíonn daoine ag streachailt “Ola” a rá i gceart…

Rinne duine de mo deartháireacha, Bode, staidéar ar an Iarúibis ar scoil sa Nigéir. Ba ábhar roghnach í an teanga nuair a bhí sé ar scoil. Deir sé go bhfuil an-éifeacht ag na diaicriticí sa Iarúibis agus uaireanta déanann siad an teanga deacair a fhoghlaim. Mar shampla, m’ainm leis na diaicriticí ná ‘ Wúràọlá Májẹ́kódùnmí’. Ach de gnáth, ní úsáidtear na diaicriticí ar ainmneacha Iarúibise i gcomhthéacs oifigiúil. 

Deirtear ar an suíomh yorubaname,com go bhfuil thar 6,856 ainmneacha Iarúibise ann. Deir Bode freisin gur teanga álainn í agus go bhfuil go leor canúintí difriúla inti. Más duine thú as Lagos, ní thuigfidh tú go díreach an méid atá á rá ag na daoine ó chúlra Ijebu.

Labhraítear Iarúibis in iarthar na Nigéire, agus tá sí ar cheann de thrí phríomhtheangacha dúchais na tíre. Caithfear cuimhneamh freisin nárbh ann don ‘Nigéir’ ar chor ar bith sula ndearnadh na Briotanaigh coilíniú ar an Afraic. Bhí na treibheanna go léir sa Nigéir ina n-aonar agus iad geall le tíortha éagsúla. Sílim uaireanta go gcuireann stair na Nigéire go mór  leis na fadhbanna polaitiúla agus sóisialta a tharlaíonn ann sa lá atá inniu. Bhí an frása “Soro soke” mar mana na hagóidí #ENDSARS le solais a chaitheamh ar bhrúidiúlacht na bpóilíní sa Nigéir, an drochíde a dhéantar ar dhaoine óga, agus líon na ndaoine atá na póilíní tar éis a marú. 

Is breá liom mo theanga dhúchais, agus is cinnte beidh sí liom go deo. 

Níos mó