Tá an t-athrú aeráide ag tarlú go forleathan, go sciobtha agus ag ráta atá fós ag ardú, de réir tuarascáil nua de chuid na Náisiún Aontaithe a foilsíodh inniu. Caithfear laghdú mór a dhéanamh go práinneach agus ar bhonn leanúnach ar aischur dé-ocsaíd charbóin le dul i ngleic leis an dochar atá á dhéanamh don phláinéad.
An Painéal Idir-rialtasach ar Athrú Aeráide a d’fhoilsigh an taighde nua a bhfuil tacaíochta tugtha ag 195 rialtas de. Deir na saineolaithe go raibh siad ar fad ar aon intinn nach bhfuil aon amhras faoi ach gurb é tionchar an duine is cúis leis an athrú aeráide. Tá an rabhadh atá tugtha faoi thodhchaí an phláinéid ar an gceann is tréine a tugadh go dtí seo. Deir na heolaithe go bhfuil an t-athrú ag tarlú i ngach réigiún ar fud an domhain, go bhfuil an teas domhanda ag ardú, oighear an Artaigh ag leá agus leibhéal na farraige ag ardú.
Mura ndéantar laghdú láithreach agus sciobtha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ní bheidh sé indéanta feasta an t-ardú ar theas domhanda a theorannú go dtí 1.5°C nó fiú 2°C.
Dúirt ceannaire an Chomhaontais Ghlais sa tír seo, an tAire Eamon Ryan go bhfuil an deis atá againn dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide ag dul i laghad. Tuilleadh tonnta teasa agus méadú ar thuilte de réir mar a ardaíonn an teocht a bheidh romhainn mura n-athraíonn muid an cur chuige atá againn. Dúirt sé freisin nach féidir anois cuid de na nithe atá tarlaithe cheana féin, ardú leibhéal na farraige, mar shampla, a laghdú arís. Tá geallta aige Plean Gníomhaíochta Aeráide a fhoilsiú go luath ina mbeidh liosta de na céimeanna a thógfar maidir le giniúint fuinnimh, soláthar teasa, cúrsaí iompair agus táirgeadh bia leis an athrú aeráide a mhaolú a oiread agus is féidir.