Tá méadú beag tagtha ar chéatadán agus ar líon na ndaltaí atá ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge ó thuaidh le cúig bliana anuas, de réir figiúirí nua atá faighte ag Tuairisc.ie.
4,656 dalta, idir dhaltaí bunscoile agus daltaí iarbhunscoile atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge sa tuaisceart faoi láthair.
1.4% de dhaltaí a fuair a gcuid oideachais i mbunscoileanna agus iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge ó thuaidh in 2020, i gcomparáid le 1.2% de dhaltaí in 2016.
Fuair 3,637 as an 173, 446 dalta bunscoile ó thuaidh oideachas lán-Ghaeilge in 2020. 1,019 dalta as an 148,918 a bhí i gceist ag leibhéal na hiarbhunscoile anuraidh.
De réir na bhfigiúirí nua atá curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais ó thuaidh, tháinig ardú 17% idir 2016-2020 ar líon na ndaltaí bunscoile a fhreastalaíonn ar ghaelscoileanna ó thuaidh.
In 2016, fuair 3,103 dalta bunscoile, nó 1.8% den líon iomlán daltaí bunscoile, a gcuid oideachais i mbunscoil lán-Ghaeilge ó thuaidh agus 3,637 dalta, nó 2.1%, a rinne amhlaidh anuraidh.
Is ionann sin agus 543 dalta bunscoile breise a bheith ag fáil a gcuid oideachais i nGaeilge i gcomparáid le 2016.
Bunscoileanna ó thuaidh
2016 | 2017 | 2018 | 2019 | 2020 | |
---|---|---|---|---|---|
Líon daltaí ag fáil oideachas lán-Ghaeilge | 3,103 | 3,324 | 3,473 | 3,563 | 3,637 |
Líon iomlán na ndaltaí bunscoile | 171, 836 | 173,930 | 174,691 | 174,040 | 173,446 |
Céatadán daltaí atá ag fáil a gcuid oideachais i mbunscoil lán-Ghaeilge | 1.8% | 1.9% | 2% | 2% | 2.1% |
Iarbhunscoileanna ó thuaidh
2016 | 2017 | 2018 | 2019 | 2020 | |
---|---|---|---|---|---|
Líon daltaí ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge | 694 | 734 | 799 | 895 | 1,019 |
*Líon daltaí ar aonad | 355 | 371 | 404 | 428 | 492 |
Céatadán daltaí atá ag fáil a gcuid oideachais in iarbhunscoil lán-Ghaeilge | 0.5% | 0.5% | 0.6% | 0.6% | 0.7% |
Líon iomlán na ndaltaí iarbhunscoile | 352,257 | 357,408 | 362,899 | 371,450 | 379,184 |
In 2016, bhí 694 dalta iarbhunscoile nó 0.5% de dhaltaí iarbhunscoile an tuaiscirt ag freastal ar an dá mheánscoil Ghaeilge, Coláiste Feirste agus Gaelcholáiste Dhoire. Den chéad uair riamh tá níos mó ná míle dalta iarbhunscoile ag fáil oideachas lán-Ghaeilge sa Tuaisceart agus iad ag freastal ar an dá iabhunscoil Ghaeilge, i mBéal Feirste agus Doire.
1,019 dalta a bhí ag freastal ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge in 2020, nó 0.7% den líon iomlán daltaí iarbhunscoile sa tuaisceart.
Ardú 40% atá tagtha ar líon na ndaltaí iarbhunscoile atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge le cúig bliana anuas. Is ionann sin agus 325 dalta iarbhunscoile breise a bheith ag fáil a gcuid oideachais i nGaeilge anuraidh i gcomparáid le 2016.
Trí aonad Gaeilge atá ag feidhmiú in iarbhunscoileanna Gaeilge ó thuaidh le cúig bliana anuas agus ardú 38% tagtha ar líon na ndaltaí atá ag freastal orthu le linn na tréimhse sin. 355 dalta a bhí cláraithe le haonaid Ghaeilge in iarbhunscoileanna Béarla ó thuaidh in 2016 agus 492 a bhí i gceist anuraidh.