Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
babhtai-cinniunacha-d’fhoirne-na-gaeltachta-agus-craobhacha-peile-agus-iomana-faoi-lan-seoil

Babhtaí cinniúnacha d’fhoirne na Gaeltachta agus craobhacha peile agus iomána faoi lán seoil

| Padraic O Ciardha | ,

Agus na comórtais idirchontae tagtha chun críche ón deireadh seachtaine seo caite, is féidir le lucht peile agus iomána na tíre díriú go hiomlán ar chraobhacha na gclubanna anois agus cuid mhaith de na comórtais céanna faoi lán seoil i láthair na huaire. 

Tabharfar seachtain eile do pheileadóirí Mhaigh Eo le teacht chucu féin i ndiaidh dóibh cluiche ceannais na hÉireann eile a chailliúint sula gcuirfear tús leis an gcraobh sa chontae sin ach beidh cluichí móra i nGaillimh, i gCiarraí, i nDún na nGall i bPort Láirge agus i gcontae na Mí an deireadh seachtaine seo.


Gaillimh 

Dé hAoine, an 17 Meán Fómhair 

Craobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe 

Naomh Gabriel v Micheál Breathnach – 7.30pm, Béal Átha na Sluaighe 

Dé Sathairn, an 18 Meán Fómhair 

Craobh Shinsir Peile na Gaillimhe 

Naomh Micheál v An Spidéal – 3pm, Staid an Phiarsaigh 

Baile Chláir v An Cheathrú Rua – 3.30pm, Páirc an Mhachaire 

Uachtar Ard v Bearna – 4.45pm, Staid an Phiarsaigh 

Dé Domhnaigh, an 19 Meán Fómhair 

Craobh Shinsir Peile na Gaillimhe 

Maigh Cuilinn v Eanach Dhúin – 2.15pm, Staid an Phiarsaigh  

Craobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe 

Áth Cinn v Naomh Anna – 2pm, An Fhairche 

Oileáin Árann v Cill Choirín-Cluain Bheirn – 2.15pm, Páirc an Mhachaire

Beidh foirne Ghaeltacht na Gaillimhe san iomaíocht sa dara babhta cluichí i gCraobhacha Sinsir agus Idirmheánacha Peile na Gaillimhe idir seo agus Dé Domhnaigh. 

Amárach a bheidh formhór d’fhoirne Chonamara sa Chraobh Shinsir ag dul chun páirce. Is ag 3pm Dé Sathairn a bheidh An Spidéal ag tabhairt aghaidh ar Naomh Micheál. Rinne fir an Spidéil teacht aniar iontach chun Baile an Mhuilinn a chloí sa chéad bhabhta ach beidh dúshlán mór rompu amárach agus iad ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar Naomh Micheál, foireann nár éirigh leo a chloí le cúpla bliain anuas. 

Is i Staid an Phiarsaigh freisin (4.45pm) a bheidh an cluiche idir Bearna agus Uachtar Ard. Beidh Bearna ag iarraidh taispeántas níos fearr a thabhairt ná mar a thug siad coicís ó shin in aghaidh Chora Finne. Cé gur bhuaigh Uachtar Ard a gcluiche sa chéad bhabhta, tá siad faoi mhíbhuntáiste agus an t-imreoir idirchontae Mattie Tierney leonta i láthair na huaire. 

Stiofán Ó Briain (An Cheathrú Rua) agus Marc Ó Sé (An Ghaeltacht). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Is i mBóthar na Trá freisin a bheidh foireann na Ceathrún Rua ag dul chun páirce amárach, iad ag tabhairt aghaidh ar Bhaile Chláir ar Pháirc an Mhachaire ag 3.30pm. Thug Eanach Dhúin greadadh ceart don Cheathrú Rua sa chéad bhabhta agus beidh ar fhir na Gaeltachta feabhsú go mór má tá siad chun foireann óg Bhaile Chláir a shárú. 

Is ar éigean a fuair seaimpíní 2020, Maigh Cuilinn, an ceann is fearr ar Bhaile Chláir sa chéad bhabhta ach d’éirigh leo faoi dheireadh. Beidh Maigh Cuilinn anois ag iarraidh céim mhór a thógáil i dtreo na mbabhtaí díbeartha agus bua a fháil ar Eanach Dhúin i Staid an Phiarsaigh Dé Domhnaigh (2.15pm). 

Sa Chraobh Idirmheánach, rachaidh fir Chois Fharraige, Micheál Breathnach chun páirce anocht in aghaidh Naomh Gabriel. Bhí bua iontach ag na Breathnaigh ar Áth Cinn sa chéad bhabhta agus beidh Naomh Anna, Leitir Móir ag iarraidh an gaisce céanna a dhéanamh nuair a thabharfaidh siadsan aghaidh ar Áth Cinn Dé Domhnaigh. Beidh Oileáin Árann ag dul chun páirce an lá céanna in aghaidh Chill Choirín-Cluain Bheirn, cluiche thar a bheith cinniúnach don dá fhoireann agus a gcluichí sa chéad bhabhta caillte acu.


Colm Ó Muircheartaigh (An Ghaeltacht). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Ciarraí 

Dé Domhnaigh, an 19 Meán Fómhair 

Craobh Idirmheánach Peile Chiarraí 

Baile Uí Dhonnchú v Piarsaigh na Dromoda – 2.30pm, Baile Uí Dhonnchú 

An Ghaeltacht v Bhaile an Mhuilinn/Caisleán na Mainge – 2.30pm, Gallaros

Beidh deireadh seachtaine saor ag peileadóirí sinsir an Daingin agus an chéad dá chluiche a bhí acu i gCraobh na gClubanna buaite acu agus beidh Cumann Caide na Gaeltachta ag iarraidh amhlaidh a dhéanamh nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Bhaile an Mhuilinn-Caisleán na Mainge Dé Domhnaigh i nGallaros (2.30pm). Bhuaigh An Ghaeltacht ar Fhánaithe na Leamhna sa chéad bhabhta coicís ó shin. 

Is ag 2.30pm freisin a bheidh Piarsaigh na Dromoda ag imirt as baile in aghaidh Bhaile Uí Dhonnchú. Tá fir Uíbh Ráthaigh sa tóir ar a gcéad mbua i gcraobh na bliana seo.


Geansaithe na Rinne. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Port Láirge 

Dé Sathairn, an 18 Meán Fómhair 

Craobh Idirmheánach Camógaíochta Phort Láirge 

An Rinn vs Modeligo – 6pm, Páirc Uí Shíothcháin 

Dé Domhnaigh, an 19 Meán Fómhair 

Craobh Idirmheánach Iomána Iarthar Phort Láirge 

An Rinn v An tSráidbhaile- 7pm, Páirc Uí Fhearchair

Tá deireadh seachtaine mór roimh lucht na gcamán sa Rinn agus foirne na bhfear agus na mban ag imirt. Cuirfidh foireann camógaíochta na Rinne tús leis an gCraobh Idirmheánach Dé Sathairn nuair a imreoidh siad in aghaidh Mhaigh Dheilge ar Pháirc Uí Shíothcháin. 

Ar an Domhnach, beidh foireann idirmheánach na bhfear ag imirt i gcluiche leathcheannais an iarthair in aghaidh an tSráidbhaile. Bhí bua cumasach ag an Rinn ar an bhfoireann chéanna sna babhtaí ceathrú ceannais anuraidh.


Ciaran Thompson (Naomh Conaill). Pictiúr: INPHO/Evan Logan

Dún na nGall 

Dé Sathairn, an 18 Meán Fómhair 

Craobh Shinsir Peile Dhún na nGall 

Naomh Conaill v Gleann Fhinne – 2pm, Na Gleannta 

Dé Domhnaigh, an 19 Meán Fómhair 

Craobh Shinsir Peile Dhún na nGall 

Naomh Náille v An Tearmann – 2pm, Tamhnach an tSalainn 

Seán Mac Cumhaill v Naomh Micheál – 4.30pm, Bealach Féich

Cé nach bhfuil buaiteoir againn go fóill ar Chraobh 2020, cuireadh tús le Craobh Shinsir Peile Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo caite agus rachaidh ocht bhfoireann eile chun páirce sa chéad bhabhta an deireadh seachtaine seo. 

Cé go bhfuil Naomh Conaill fós ag fanacht ar chinneadh maidir le cluiche ceannais 2020, cluiche a cheap an cumann a bhí buaite acu go dtí go ndearnadh agóid, cuirfidh fir na nGleanntach tús le feachtas 2021 sa bhaile in aghaidh Ghleann Fhinne amárach (2pm). 

Amárach a rachaidh Naomh Náille chun páirce in aghaidh an Tearmainn agus beidh Naomh Micheál i gcoinne Sheáin Mhic Chumhaill.


Pictiúr: INPHO/Ken Sutton

An Mhí 

Dé Sathairn, an 18 Meán Fómhair 

Craobh Shinsir Iomána na Mí 

Cill Liatháin v Clann na nGeal – 5.30pm, Cill Dealga 

Dé Domhnaigh, an 19 Meán Fómhair 

Craobh Shinsir Iomána na Mí 

Cill Mheasáin v Bhulf Tón – 3.30pm, Dún Doire

Tá cluiche amháin buaite agus cluiche amháin caillte ag Clann na nGael i gCraobh Shinsir Iomána na Mí agus is in aghaidh Chill Liatháin a bheidh fir Ráth Chairn/Bhaile Átha Buí sa tríú babhta Dé Sathairn. 

Tá Bhulf Tón leo i nGrúpa B agus beidh siad sa tóir ar a gcéad bhua nuair a imreoidh siad in aghaidh Chill Mheasáin Dé Domhnaigh. 

Níos mó