Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘aireoidh-pobal-na-gaeilge-i-learpholl-uainn-ar-muinteoir-cneasta-cairdiuil-eolach’

‘Aireoidh pobal na Gaeilge i Learpholl uainn ár múinteoir cneasta cairdiúil eolach’

| tomas ryan | ,

Ba mhór an brón a chuir an scéal bhás Tony Birtill, 67, orainn. Fuair sé bás go socair suaimhneach ag Woodlands Hospice, Longmoor Lane, Learpholl, ar an 21 Meán Fómhair. Ar dheis  Dé go raibh a anam uasal.

Rugadh Tony in Everton, Learpholl, agus maireann a bhean Grace agus a mhac Liam. D’fhreastail sé ar bhunscoil an Blessed Sacrament RC, Walton, agus ina dhiaidh sin, ar Cardinal Godfrey Christian Brothers High School in Everton. Spreagadh chun na Gaeilge é agus é an-óg, agus é ag éisteacht lena mháthair agus a aintín ag Gaeilgeoireacht nuair thagadh an aintín ar cuairt as an Muileann gCearr. Bhain sé céim eacnamaíochta amach ag Ollscoil East Anglia, agus dioplóma i múinteoireacht in Institiúid Oideachais, Ollscoil Londan. Is iomaí bliain a chaith sé i mbun breisoideachas.

Ar philleadh go Learpholl dó, d’fhreastail Tony ar ranganna Gaeilge leis Dr. Brian Stowell, fear a raibh suim mhór aige i athbheochan na Gaeilge agus Gaeilge Mhanann. Bhain Tony amach O-Leibhéal agus A-Leibhéal sa Gaeilge, agus ansin teastas múinteoireachta na Gaeilge fosta. Nuair a phill an Dr Brian Stowell ar a cheantar dúchais in Oileán Mhanainn sna 1990idí,  ba é  Tony a mhúin ranganna oíche sa Gaeilge in Ollscoil Learpholl, agus níos déanaí ag an Ionad Éireannach i  Learpholl go dtí gur cuireadh an chéad dianghlasáil i bhfeidhm in 2020.

B’fhearr le Tony bheith amuigh faoin aer ná sa seomra, agus is iomaí bliain a chaith sé mar cheannaire cnocadóireacht sna sléibhte agus cnoic timpeall Ghleann Cholm Cille. Fiú agus a shláinte ag dul in olcas, choinnigh sé air ag súil sna sléibhte. Roimh an phaindéim, ghortaigh sé a chos i dtimpiste ailleadóireachta. Ní raibh cead aige bheith ag tiomáint, ach mar sin féin tháinig sé chuig an Ionad Éireannach chun a chuid ranganna a mhúineadh. Beidh na híomhánna de ag bacadradh thart an seomra inár gcuimhní sólásacha feasta.

Chuaigh Tony isteach i gConradh na Gaeilge i mí na Samhna, 1990, agus d’athbhunaigh sé an chraobh ‘CnaG Learpholl’ a bhí tar éis dul in éag ag an am. Tá an chraobh sin ag dul ó neart go neart mar gheall ar an obair chrua a rinne sé i gcaitheamh na mblianta.

Fear gnóthach ab ea Tony, a bhí ina scríbhneoir, staraí agus iriseoir fosta. Scríobh sé mórán alt fá choinne an Irish Post, Liverpool Echo, agus na foilseacháin Ghaeilge Foinse, NÓSLá, Beo, Tuairiscagus a leithéidí. Labhair sé faoi thionchar na Gaeilge i Learpholl le Radio Merseyside, Raidió na Gaeltachta agus Raidió Uladh. Is leabhar den scoth é a leabhar féin An Ghaeilge I Learpholl/A Hidden History: The Irish Language in Learpholl ina dtugtar miontuairisc ar stair na Gaeilge sa chathair seo tríd na 1800idí agus na 1900idí.

Fear cneasta, cairdiúil agus eolach a bhí ann, agus cuimhneofar air mar fhear a bhí i gcónaí sásta a ghrá don Ghaeilge a scaipeadh. 

Aireoidh muid uilig uainn Tony, go háirithe a scoláirí féin, baill Chonradh na Gaeilge Learpholl agus an baill eile an Chonartha anseo sa Bhreatain. Déanaimid comhbhrón ó chroí lena mhuintir agus gaolta ag an am seo.

Go ndéana Dia trócaire ar a anam.

Tá Tomás Ryan ina Chathaoirleach ar Chonradh na Gaeilge Learpholl.’Aireoidh pobal na Gaeilge i Learpholl uainn ár múinteoir cneasta cairdiúil eolach’

Níos mó