Bhí ceist na Gaeilge ina hábhar aighnis idir an Taoiseach agus ceannaire Shinn Féin sa Dáil tráthnóna.
Chuir an Taoiseach Micheál Martin i leith cheannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go mbíonn nós “rómhinic” aici uirlis chatha a dhéanamh den Ghaeilge.
Cheistigh Mary Lou McDonald an Taoiseach faoi achomharc atá déanta ag an Roinn Tithíochta in aghaidh breith Ard-Chúirte faoin dualgas atá ar an Stát leaganacha Gaeilge de cháipéisí áirithe a chur ar fáil.
Dúirt Mary Lou McDonald nach raibh sé “sásúil beag ná mór” go mbeadh iarracht á déanamh ag an Rialtas cearta teanga a cheilt ar an saoránach, cearta teanga atá á gcur ar fáil ag an Aontas Eorpach, a dúirt sí.
D’iarr sí ar an Taoiseach “seasamh a thógáil” ar son cearta teanga agus a rá leis an Roinn Tithíochta a n-achomharc a tharraingt siar.
Mhaígh ceannaire Shinn Féin chomh maith gur ceap magaidh a bheadh sa stát seo an bhliain seo chugainn nuair a bheadh stádas iomlán ag an nGaeilge san Aontas Eorpach ach gan reachtaíocht agus cáipéisí eile á bhfoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna ag baile.
D’fhiafraigh sí chomh maith den Taoiseach an raibh aon phlean aige cur le líon na mbreithiúna ardchúirte a bhfuil Gaeilge líofa acu.
Cé nár thagair an Taoiseach go sonrach don ábhar a luaigh ceannaire Shinn Féin, dúirt sé gur chuir a cuid cainte agus an friotal a d’úsáid sí alltacht air.
Bhí sé “dochreidte” a dúirt sé go ndéarfaí go bhfuil an stát i gcoinne cearta teanga agus “gach aon tacaíocht” á thabhairt ag an Rialtas don Ghaeilge.
Dúirt Micheál Martin gur ait leis go mbeadh ceannaire Shinn Féin ag impí air “seasamh a thógáil ar son na Gaeilge” amhail is go raibh sé i gcoinne na teanga.
A mhalairt a bhí fíor, dar leis.
Dúirt sé gur fhoghlaim sé féin Gaeilge, go labhraíonn sé í agus go ndéanann sé gach ar féidir leis í “a chur chun cinn”.
Dúirt an Taoiseach nach raibh sé sásta leas a bhaint as an nGaeilge chun “cuspóirí polaitiúla” a bhaint amach.
Mhaígh sé nach annamh a dhéanann Sinn Féin agus Mary Lou McDonald amhlaidh.
I bhfreagra a thug sé ar cheist a chuir Aindrias Moynihan, Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, dúirt sé go gcaithfí níos mó a dhéanamh chun freastal ar dhaoine atá ag iarraidh a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge ach go rabhthas ag obair air sin.