Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘ni-thuigim-cen-fath-nach-feidir-aistriuchan-beag-gaeilge-a-chur-ar-fail-in-eirinn’-–-mearbhall-ar-vireolai-san-eilveis

‘Ní thuigim cén fáth nach féidir aistriúchán beag Gaeilge a chur ar fáil in Éirinn’ – mearbhall ar víreolaí san Eilvéis

Tá ráite ag Éireannach atá ag obair do na seirbhísí sláinte san Eilvéis gur údar iontais dó teip na n-údarás sa tír seo eolas agus seirbhísí bunúsacha a chur ar fáil i nGaeilge le linn na paindéime.

Dúirt Karl Birthistle, víreolaí cliniciúil atá ag obair ar an gclár vacsaíne COVID-19 sa Roinn Sláinte i Basel-Land san Eilvéis, nach bhfuil aon cheist ann sa tír sin ach go mbeadh gach eolas faoi chúrsaí sláinte ar fáil i ngach ceann de na teangacha oifigiúla. Ní thuigeann sé, a dúirt sé, cén fáth go mbíonn sé chomh deacair sin “aistriúchán beag” a chur ar fáil in Éirinn.

Agus é ag labhairt ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, mhínigh Birthistle go ndéantar gach cáipéis a chur ar fáil sna ceithre theanga oifigiúla san Eilvéis – An Ghearmáinis, An Fhraincis, An Iodáilis agus an Rómainis.

Cuirtear sin i gcomparáid le hÉirinn, áit a bhfuil teipthe arís agus arís eile ar na seirbhísí sláinte eolas faoin bpaindéim a aistriú go Gaeilge. Tá teipthe ar na húdaráis chomh maith, mar shampla, na suíomhanna idirlín chun clárú do vacsaín agus chun torthaí antaigine a chlárú a chur ar fáil i nGaeilge.

Thagair Birthistle freisin do theip na Roinne Sláinte in Éirinn an tairseach chun tástálacha antaigine a ordú do pháistí scoile a chur ar fáil i nGaeilge, in ainneoin fiosruithe Tús Áite.

“Bhí iontas orm nach raibh na rudaí ar fáil as Gaeilge,” a dúirt Birthistle. “Anseo san Eilvéis tá gach doiciméad i dtrí nó ceithre theanga.  Tá ceithre theanga oifigiúla anseo agus nuair nach mbíonn aistriúchán ar fáil [i gceann acu siúd láithreach] beidh sé ar fáil i lá nó dhó…Ní thuigim cén fáth nach bhfuil freagra faighte agat ar do cheist [chuig an Roinn Sláinte] ó bhí mí na Samhna ann.”

Dúirt Birthistle nach mbeadh aon cheist faoi san Eilvéis ach go gcuirfí a leithéid ar fáil agus go nglactar leis freisin gur féidir le daoine a ngnó a dhéanamh i dteangacha éagsúla.

“Níl aon cheist ann.  Tá mé ag obair gach lá in dhá nó trí theanga, sin atá de dhíth.  Sna preasagallaimh leis na hairí stáit bíonn daoine ag caint i ngach aon teanga – Iodáilis, Fraincis nó Gearmáinis.  Sin an gnáthrud. Níl aon cheist ann cén fáth.   Só cén fáth nach bhfuil aistriúchán beag mar seo ar fáil in Éirinn? Ní thuigim.”

Dúirt sé nár mhaith leis a thuairim i leith chur chuige na Feidhmeannachta Sláinte a thabhairt, ach go raibh ceisteanna aige ina thaobh.

“Tá ceist agam – an bhfuil easpa freagrachta ann mar gheall ar an rialtas?  Tá Acht na Gaeilge ann, an bhfuil easpa gairmiúlachta, easpa proifisiúntachta ann?  Nil fhios agam ach i dtíortha eile níl aon cheist ann.”

Mar sin féin, dúirt Birthistle, atá ag obair san Eilvéis le scór bliain anuas, go bhfuil Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le moladh i dtaobh chlár vacsaíne an stáit agus dúirt sé go raibh sárobair déanta acu.

Tá cáineadh déanta go minic ar chur chuige an stáit i leith na Gaeilge ó thús na paindéime.

Tugadh ionadaithe ón Roinn Sláinte agus ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte os comhair choiste Dála mí na Samhna seo caite agus gabhadh leithscéal as an “éagóir” a rinneadh ar an nGaeilge le linn na géarchéime sa tsláinte phoiblí.

Tá amhras léirithe ag an gCoimisinéir Teanga, mar shampla, faoi thiomantas na seirbhísí sláinte i leith na teanga.

“Le bheith ionraic, dá mbeadh paindéim nua ann ag deireadh na bliana, shamhlóinn go dtarlódh an rud céanna arís i go leor cásanna. Níl sé ar chumas an Stáit go minic…caitheamh go féaráilte leis an nGaeilge,” a dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill nuair a bhí sé os comhair an choiste Dála chéanna anuraidh.

Dúirt Ó Domhnaill gurb é an meon a léiríodh go minic sa státchóras le linn na paindéime ná, “bhí práinn leis seo agus bhí orainn é a chur amach agus tiocfaimid ag an leagan Gaeilge nuair a thiocfaimid go dtí an leagan Gaeilge”.

Níos mó