Tá easaontas idir NPHET agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoin vacsaíniú éigeantach.
Tuairiscíodh inniu go bhfuil an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí chun a machnamh a dhéanamh ar vacsaíniú éigeantach a thabhairt isteach.
Tugadh a leithéid isteach do dhaoine os cionn 50 bliain d’aois san Iodáil le déanaí agus tá plean chun an tsnáthaid a dhéanamh riachtanach á mheas sa Ghearmáin chomh maith.
Ach dúirt Paul Reid, Príomhfheidhmeannach an HSE, an dream a bheadh freagrach as dáileadh na vacsaíne éigeantaí, nach mbeadh sé ar son a leithéid. Cinneadh don Rialtas a bheadh ann sa deireadh, a dúirt Reid ar Morning Ireland ar RTÉ.
Tuairiscíodh ar an Irish Times ar maidin go bhfuil NPHET chun cáipéis a ullmhú ina ndéanfar scagadh ar na himpleachtaí dlí agus eitice a bhainfeadh leis an tsnáthaid éigeantach.
Tagraítear do cheist na snáthaide éigeantaí i miontuairiscí ó chruinniú a bhí ag NPHET ar an 16 Nollaig.
“Tugtar faoi deara go bhfuil sé i gceist ag NPHET plé a dhéanamh lá níos faide anonn ar cheist an vacsaínithe éigeantaigh agus gur cabhair don phlé sin a beidh i gcáipéis atá le teacht gan mhoill ón Roinn Sláinte faoi na ceisteanna eitice agus dlí éagsúla a bhaineann leis an ábhar seo.”
Baineann os cionn leath de na hothair Covid-19 atá in aonad dianchúraim leis an 5% den phobal nach bhfuil vacsaín faighte acu.
Tuairiscíodh chomh maith nach raibh baill áirithe de NPHET ar son tithe tábhairne agus bialanna a bheith á ndúnadh ag 8pm, beartas a tugadh isteach an mhí seo caite.
Idir an dá linn, dúirt Paul Reid, ceannasaí an HSE, go raibh laghdú suntasach ar chéatadán na ndaoine a bhí á gcur san ospidéal de dheasca na maidhme Omicron i gcomparáid leis na maidhmeanna eile roimhe seo. Bhí na figiúirí maidir le líon na n-othar in aonad dianchúraim seasmhach go maith, a dúirt sé.