Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘e1046-a-bhiodh-ar-thicead-fillte-go-london-–-taimse-fein-buioch-de-michael-o’leary’

‘€1046 a bhíodh ar thicéad fillte go London – táimse féin buíoch de Michael O’Leary’

| Eoin O Croinin | ,

Léigh mé an leabhar In Fact: An Optimist’s Guide to Ireland at 100 le Mark Henry le déanaí agus bhain mé an-taitneamh as. Déantar cur síos ann ar 100 éacht atá bainte amach in Éirinn le 100 bliain anuas. De réir an leabhair, tá laghdú tagtha ar an ráta bochtaineachta, foréigin, ólacháin agus timpistí bóthair sa tír, agus tá saol níos faide, níos sláintiúla, níos sona agus níos sócúlaí á chaitheamh againn ná mar a bhí riamh cheana. 

Ar ndóigh, is iomaí dúshlán atá le sárú againn in Éirinn – ag deireadh an leabhair pléitear deich bhfadhb atá fós gan réiteach (an easpa tithíochta ina measc). Is fíor freisin go bhfuil feabhas tagtha ar an saol i mbeagnach gach áit eile ar domhan le cúpla scór blianta anuas. 

Ach mar sin féin, tá ár dtírín féin eisceachtúil i dtaobh an mhéid foráis atá déanta in achar ama an-ghearr. Ní fada ó shin a bhíomar ar cheann de na tíortha is boichte san Eoraip – ní hamhlaidh atá a thuilleadh, ná baol air. Ag pointe éigin ó 1990 i leith thángamar ar an tuiscint go bhfuilimid in ann rudaí a dhéanamh as ár stuaim féin, agus iad a dhéanamh go maith. Ní beag sin i dtír a bhí cráite ag an easpa féinmhuiníne chomh fada sin.

Éacht amháin a luaitear sa leabhar ná go bhfuil níos mó daltaí ná riamh á múineadh trí mheán na Gaeilge. Deir an t-údar gur ón mbun aníos a tháinig an brú chun na Gaelscoileanna a bhunú agus gur toradh a bhí ann ar dhíograis grúpa tuismitheoirí a thuig go raibh orthu féin gníomhú ar son na teanga toisc nach bhféadfaí brath ar oifigigh rialtais, airí nó Taoisigh. 

Rud eile sa leabhar ar chuir mé suim ann ná éacht a leagtar ar Ryanair: praghas na dticéad eitilte a bheith íslithe chomh mór sin gurb acmhainn dúinn go léir, nach mór, ar a laghad turas amháin thar lear a dhéanamh in aghaidh na bliana. In 1980, is €1046 in airgead an lae inniu a chosnódh ticéad eitilte fillte chuig London (thart ar €75 atá air inniu). 

Táimse féin lonnaithe sa Bhruiséil: tá an-tairbhe bainte agam féin as na heitiltí saora agus táim buíoch de Michael O’Leary, arb é is mó a raibh lámh aige i dtitim na bpraghsanna. Ní hé go n-eitlím go han-mhinic, ach is deas an rud a bheith in ann filleadh ar Éirinn ar phraghas réasúnta nuair is gá. 

Chuir sé sin ag machnamh mé ar na haistritheoirí a chuaigh romham a raibh orthu aistear fada a dhéanamh ó thíortha eile chun na Bruiséile sula raibh aerthaisteal saor ann. Seans go ndearna siad an turas ar thraein, ar bhus nó i gcarr – tá Polannaigh ar m’aithne a thiomáineann abhaile um Nollaig, rud a thugann 14 uair a chloig orthu ach a ligeann dóibh bronntanais agus go leor bagáiste a iompar abhaile leo (agus scoth an bhia Pholannaigh a thabhairt ar ais leo). 

Seans go mbíodh liúntas ann d’aistritheoirí agus d’ionadaithe rialtais a chlúdódh cuid den chostas taistil sularbh ann do na heitiltí saora, ach fiú sa chás sin is dócha nach bhfillfeadh a mbunáite abhaile níos mó ná uair sa bhliain mar gheall ar an gcostas agus stró breise a bhíodh i gceist. 

Tá daoine ann a bhfuil an ghráin acu ar eitiltí saora Ryanair agus arbh fhearr leo filleadh ar an lá nuair is rud galánta agus sómhar a bhí san aerthaisteal – níos lú paisinéirí, níos mó spáis, maille le sóláistí nó béile in aisce ar bord. Ach sílim go léiríonn an dearcadh sin easpa tuisceana ar a chostasaí a bhí an t-aerthaisteal tráth. Dá bhfillfimis air sin, is é lucht an airgid amháin a bheadh in acmhainn íoc as. Táimse féin sásta glacadh le heitiltí nach bhfuil chomh sómhar céanna ach atá i bhfad níos saoire!

Níos mó