Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ta-me-ag-foghlaim-nios-mo-o-grey’s-anatomy-na-mo-chuid-leachtai!

Tá mé ag foghlaim níos mó ó Grey’s Anatomy ná mo chuid léachtaí!

| kate scott | ,

I rith laethanta saoire na Nollag, thit mé isteach i bpoll teilifíse darbh ainm Grey’s Anatomy. Mura bhfuil a fhios agat céard faoi in ainm Dé mé a bhfuil mé ag caint, is sobalchlár é Grey’s Anatomy faoi shaol dochtúirí Meiriceánacha. Tá an clár bunaithe san ospidéal den chuid is mó agus bíonn cineál éigin géarchéime ag tarlú i ngach clár, chomh maith le fadhbanna pearsanta na ndochtúirí féin, áit a bhfuil gach duine san ospidéal i ngrá le chéile, shílfeá. Níl mé ag rá gur clár iontach é, tá a fhios agam go maith gur teilifís truflaise atá ann. Ina ainneoin sin, níl mé in ann stopadh.

An rud nár thug mé faoi deara, áfach, ná go bhfuil mé ag piocadh suas téarmaíocht leighis i ngan fhios dom féin. Má tá dearmad déanta agaibh, a léitheoirí, tá mé ag déanamh cúrsa síceolaíochta san ollscoil. Den chuid is mó, tá na bunchoincheapa den tsíceolaíocht agus iompraíocht an duine foghlamtha againn. 

Mar sin féin, tá mé ag tabhairt faoi deara go bhfuil na modúil i seimeastar dó ag cur béim faoi leith ar an taobh chliniciúil den síceolaíocht, rud nach raibh mórann cainte air go dtí seo. Tá an-suim agam sa bpáirt seo den chúrsa, go háirithe sa tsíceolaíocht chognaíoch. Thaitin bitheolaíocht go mór liom sa meánscoil, agus chuir sé fonn mór orm níos mó a fhoghlaim faoin inchinn agus eolaíocht an néarchórais. Mar sin féin tá beagán ar eolas agam faoin inchinn agus bitheolaíocht, ach níl cliú agam faoi na téarmaí leigheas atá muid a fhoghlaim anois. Nó sin a cheap mé.

Samhlaigh an méid iontais a bhí orm nuair ar d’fhiafraigh an léachtóir den rang lá amháin céard é ‘subdural haematoma’ agus bhí mise in ann freagra a thabhairt. Is éard é ná fuiliú ón inchinn a gcruinníonn idir an bhlaosc agus an inchinn, a dúirt mé. Agus an t-am ar fad a bhí mé á rá ní raibh cliú agam cén chaoi a raibh sé seo ar eolas agam! Ach nuair a chuimhnigh mé air arís níos déanaí, rith sé liom gur ó Grey’s Anatomy a d’fhoghlaim mé an téarma thar aon ní eile. Má bhíonn tú ag féachaint ar an gclár, bíonn siad ag caint faoi an t-am ar fad. Aon uair a thiteann duine nó má bhuaileann rud éigin a cheann, tá na dochtúirí ag caint faoi ‘subdural haematoma’. 

Agus mar gheall ar osmóis éigin, d’fhan an t-eolas sin i mo chloigeann. Meastú céard eile atá ar eolas agam i ngan fhios dom. Ar aon chuma, tá mé sásta an fhírinne a choinneáil faoi rún, agus ligean cead ag mo léachtóir a bheith ag ceapadh gur duine thar a bheith cliste mé, agus ní duine a bhreathnaigh ar an iomarca teilifíse i rith na Nollag! 

Ach léiriú é seo freisin ar an méid a thugann muid faoi deara i ngan fhios dúinn féin, an t-eolas atá muid ag sú isteach ní fiú amháin ó na sobaldrámaí, ach ar bhealaí eile freisin.  Nuair a chloiseann tú rud sách minic fanann sé i do chloigeann agus is fiú a bheith airdeallach faoi sin.

Níos mó