Tá géillte ag lucht na seirbhísí sláinte gur cheart dóibh leagan Gaeilge a chur ar fáil d’fhíseáin inar tugadh eolas faoin vacsaín do Covid-19.
Bhí conspóid ann anuraidh nuair a sheol Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte físeáin eolais i 12 teanga seachas an Ghaeilge, físeán a bhí dírithe ar mhná a bhí ag súil le páiste a spreagadh chun an vacsaín Covid-19 a fháil.
Dúradh go raibh na físeáin dírithe ar phobail imirceach, ach d’admhaigh Príomhfheidhmeannach an HSE, Paul Reid inniu gur botún a bhí ann gan leagan Gaeilge den fhíseán a bheith déanta freisin.
“Ag breathnú siar ar an scéal, ba cheart go mbeadh leagan Gaeilge taifeadta againn freisin,” a dúirt Reid agus é ag labhairt os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge.
Dúirt Reid go raibh an feachtas ar bhain na físeáin leis dírithe ar ghrúpaí a aithníodh a bhí go mór i mbaol ó Covid-19 agus grúpaí a raibh drogall orthu an vacsaín a fháil.
Dúirt sé nach raibh gá le leaganacha Béarla ná Gaeilge leis an teachtaireacht a scaipeadh ach gur taifeadadh leagan Béarla “mar fhoinse thagartha”. Dúirt sé nár úsáideadh an físeán Béarla mar chuid den fheachtas ach ghlac sé leis inniu gur cheart leagan Gaeilge a thaifeadadh freisin.
D’aontaigh an Dr Margaret Fitzgerald ó Oifig um Ionchuimsiú Sóisialta an HSE, a chruthaigh an feachtas, gur cheart go mbeadh físeán Gaeilge curtha ar fáil agus go ndéanfaí níos mó chun an teanga a chur san áireamh amach anseo.
“Ag féachaint siar, ba cheart go mbeadh sé sin déanta againn. Bhí muid spreagtha ag cúinsí eile [ag an am] ach measaim gur cheart dúinn a bheith níos ionchuimsithí [as seo amach] agus beidh muid.”
Maidir le húsáid na Gaeilge i bhfeachtais chumarsáide an HSE go ginearálta le linn paindéime, dúirt Paul Reid gur glacadh le “go leor deiseanna” chun fógraíocht agus eolas a chur ar fáil i nGaeilge ach gur “cailleadh deiseanna áirithe” a “bhfís don Ghaeilge a chur chun cinn”.
Dúirt Reid “nach raibh dóthain déanta” ag an HSE le linn na paindéime chun a cuid dualgais faoi Acht na dTeangacha a chomhlíonadh ach dúirt sé go raibh sé tiomanta cloí leis na dualgais a bheidh ar an eagraíocht faoin reachtaíocht teanga nua.
“Teastaíonn uaim go nglacfadh muid leis seo, ní hamháin chun ár n-oibleagáidí a chomhlíonadh ach chun daoine a spreagadh agus a mhealladh chomh maith, mé féin san áireamh.”