Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
rudai-beaga-a-dheanann-fir-a-chuireann-isteach-ar-mhna

Rudaí beaga a dhéanann fir a chuireann isteach ar mhná

| Rut Ni Theimhneain | ,

Tá amlínte an domhain plúctha le hInstascéalta agus féiníní de mháithreacha, iníonacha, aintíní agus deirfiúracha. Ráiteas ionspáireadach le Malala Yousafzai anseo, óráid chumhachtach le Greta Thunberg ansiúd. Sin é, tá Lá Idirnáisiúnta na mBan buailte linn. 

Déanaimid ceiliúradh bliantúil ar na mná cróga agus cliste inár saol. Anois, cé go bhfuil cairpéad dearg agus bualadh bos tuillte ag gach bean, ar chúis amháin nó ar chúis eile, ní caitear linn mar is ceart ar bhonn laethúil. Níl muid ag súil le bláthanna agus bosca seacláide ón nóiméad a éiríonn muid ar maidin (cé go mbeadh sé sin go hálainn) ach, is éard atá uainn, mar a dúirt Aretha Franklin, ná ruainne beag measa.

Bheartaigh mé treoir mhaireachtála a chur le chéile daoibh, a leaids. Seo iad na rudaí beaga a dhéanann fir a chuireann isteach ar mhná. Tá fáilte romhaibh. 

An Fearmhíniú 

Tá tú i lár abairte. Topaic ar leith á plé agat go láidir agus os ard – réabhlóideach, tá a fhios agam. Go tobann, pléascann an glór íseal damanta seo isteach sa chomhrá a fhógraíonn staitistic éigin leis an muinín chéanna atá ag Trump ina toupé. Uaireanta tá an chuma ar an scéal go gcreidtear go bhfuil 90% den am craolta ag fir i bpodhchraoladh an tsaoil. Fantar ortsa d’abairtse a chríochnú ionas gur féidir leosan athchúrsáil béil a dhéanamh ar an méid a dúirt tú cheana féin! Is leor sin, a fheara, tugaigí dúinn an mic. 50/50 as seo amach, ceart go leor?

Éisteann tú le Taylor Swift??? 

Gach uair a luann bean go dtaitníonn rud éigin léi – ceol ar leith, leabhar, scannán, spórt, is cuma cad é, faigheann sí gáir ghearáin ag maíomh nach bhfuil an ceart aici suim dá laghad a léiriú ann. Idir an dá linn, tá lánchead ag fir paisean a léiriú i rud ar bith gan bhreithiúnas. Más féidir le fear breathnú ar chluiche sacair ó fhoireann nach mbaineann leis ó dhúchas fiú ar feadh 90 nóiméad a chríochnaíonn ar scór 0-0, is féidir le bean éisteacht le Taylor Swift agus suim a léiriú sna réaltchomharthaí más mian léi!  #cothromaíocht

An cluiche sicín

Tá an obair thart agus tá tú ar an mbealach abhaile. Beartaíonn tú stopadh in Centra chun cuairt a thabhairt ar na fir is béasaí riamh – Ben agus Jerry. Roghnaíonn tú blas seacláide éigin agus ansin feiceann tú fear os do chomhair amach. Tá sibh sa bhealach ar a chéile. Deir tú ‘sorry’ cé nach ndearna tú rud ar bith mícheart. Anois, an cheist mhór- an mbogfaidh sé? Ní dóigh liom é, faraor. Fiafraíonn tú díot féin… ar dheis? Ar chlé? An léimfidh tú isteach sa reoiteoir chun é a sheachaint? An bhfuil bealach éalaithe ann? Creid nó creid é, rómhinic ní bhogann fir as an mbealach do mhná agus níl sé ar intinn acu é a dhéanamh. Glacaigí nótaí, leaids. Bígí cosúil le Ben agus Jerry – ná cuirigí díomá orainn. 

An-iomarca smididh 

Maith an Cailín

Tá an glór íseal sin tagtha ar ais ach an uair seo leis an bhfrása ‘maith an cailín.’ D’fhéadfá a bheith i do bhean phroifisiúnta, teach agat, ag súil le do cheathrú páiste, gruaig liath ort, cuimhne agat ar floppy disks agus FÓS bheadh fear ann a thabharfadh ‘cailín’ ort. A fheara, impíonn oraibh, muna bhfuil sí ag freastal ar an mbunscoil, ná habraigí seo. Is mná muid! Mar a deir Georgia Nickelson sa scannánfeimineach AngusThongs, and Perfect Snogging – “is bean anois mé! Caithim cíochbheart!”.

Sin daoibh é a chairde. Tá súil agam go gcabhraíonn na leideanna seo libh agus cuimhnigí – níos lú fadhbanna agus níos mó vibeanna as seo amach.  

Níos mó