Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘anois-no-riamh’-–-folaireamh-na-naisiuin-aontaithe faoin-athru-aeraide

‘Anois nó riamh’ – foláireamh na Náisiúin Aontaithe faoin athrú aeráide

Mura ndéantar laghdú mór ar astaíochtaí carbóin i ngach earnáil cinnfidh sé orainn téamh an domhain a choinneáil ag 1.5 céim Celsius, an fhainic atá ag Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide na Náisiún Aontaithe sa tuarascáil is déanaí dá gcuid – ‘Maolú ar an Athrú Aeráide’

Sa séú tuarascáil dá gcuid deirtear nach leor a bhfuil geallta cheana féin ag rialtais fiú dá gcloífí leo ar fad, mar leis na spriocanna a gealladh do 2020 deirtear go n-ardóidh teas an domhain 3.2 céim Celsius roimh dheireadh an chéid.

Ní mó ná sásta a bhí Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Antonio Guterres, leis an drochscéala sin. “Tá roinnt rialtas agus lucht gnó ag rá rud amháin ach rud eile á dhéanamh acu. Lena chur go simplí, ag insint bréag atá siad. Agus beidh torthaí tubaisteacha air sin.” 

Measann an painéal saineolaithe ar chúrsaí aeráide, eacnamaíochta agus socheolaíochta gur féidir le gach earnáil agus nach mór dóibh a gcuid astaíochtaí a laghdú go dtína leath as seo go 2030.

Ní amach anseo uair éigin a chaithfear na hathruithe a dhéanamh, dar leo, ach deir gurb iad an cúpla bliain seo romhainn na cinn is cinniúnaí. Measann siad nár chóir go ligfí aon ardú breise ar astaíochtaí gásanna ceaptha teasa ó 2025 agus go mbeidís ag ísliú uaidh sin amach – agus a bheith tite 43% faoin mbliain 2030. Sna blianta céanna níor mhór an astaíochtaí meatáin a laghdú 33%. 

“Sílim go léirítear dúinn sa tuarascáil seo gur anois nó riamh againn é – go gcaithfimid téamh an domhain a choinneáil faoi 1.5 céim Celsius,” a dúirt an tOllamh Heleen De Coninck, príomhúdar na tuarascála. “Ní féidir lenár n-astaíochtaí gásanna ceaptha teasa dul níos airde tar éis 2025 agus caithfear iad a laghdú go gasta uaidh sin amach,” a dúirt sí. 

Chuige sin ní mór athruithe móra a dhéanamh i gcúrsaí fuinnimh agus laghdú ollmhór a dhéanamh ar úsáid breoslaí iontaise. Caithfear fuinneamh a úsáid “níos éifeachtúla agus malairt foinsí a úsáid – hidrigin mar shampla”. 

Deir siad go gcaithfear infheistíocht ollmhór a dhéanamh sna tíortha atá bocht nó i mbéal forbartha le cuidiú leo fuinneamh a sholáthar ar bhealach nach mbraitheann ar bhreoslaí iontaise.  

Measann na saineolaithe gur tráthúil a bheith ag cur deireadh le breoslaí iontaise anois mar go bhfuil na painéil ghréine agus na tuirbíní gaoithe níos saoire ná riamh – titim 85% ar a bpraghas le deich mbliana anuas, a mhaítear.

Sa tuarascáil seo scrúdaigh an Painéal Saineolaithe bealaí leis an athrú aeráide a mhaolú trí ghásanna ceaptha teasa a laghdú.

Fáil réidh le breoslaí iontaise agus díriú ar fhoinsí nach scaoileann carbón ar bith nó fíorbheagán an sprioc atá uathu. Moltar dul i muinín foinsí amhail an ghrian, an ghaoth, uisce, hidrigin nó fuinneamh núicléach. 

Moltar chomh maith foirgnimh a dhéanamh níos éifeachtúla in úsáid fuinnimh agus athruithe a dhéanamh ar ár nósmhaireachtaí saoil – gearradh siar ar an méid feola a ithimid agus ar na heitiltí a dhéanaimid. 

Déantar moltaí sa tuarascáil chomh maith maidir le carbón a bhaint as atmaisféar – trí chrainnte a chur agus bealaí feirmeoireachta a athrú.

Níos mó