Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘ni-dheanfaidh-me-dearmad-go-brach-ar-mo-chead-la-ar-rnag’

‘Ní dhéanfaidh mé dearmad go brách ar mo chéad lá ar RnaG’

Ní dhéanfaidh mé dearmad go brách ar mo chéad lá ar an aer go hoifigiúil ag léamh na nuachta náisiúnta agus idirnáisiúnta do RTÉ RnaG. Rinne mé cleachtadh le linn an tráthnóna agus chinn an ceannasaí nuachta, Áine Ní Dhioraí, go raibh mé sách ullmhaithe aici.

Chaithfeadh sé go raibh a croí ina béal, mar bhí mé féin ag craith sa seomra beag agus na cluasáin orm ag fanacht le go dtabharfadh Dara Ó Cinnéide bóthar dom. Dúirt sé m’ainm, beag nár cailleadh mé agus thosaigh mé ag léamh feasachán dhá nóiméad. 

Thug mé ‘na Gardaí’ ar phóilíní na Breataine, ach seachas sin, ní raibh aon bhotún mór eile déanta. An chéad fhál trasnaithe. Tháinig neart constaicí eile ina dhiaidh sin, ach bhí sé d’ádh orm go raibh ceannasaí cineálta agam a thuig go raibh mé óg agus neirbhíseach. Bhí sé d’ádh orm chomh maith gur thug Tomás Mac Con Iomaire deis taithí oibre dom ann. Murach iad, ní bheadh tada den mhéid atá bainte amach agam déanta agam. 

An chéad choiscéim is deacra. Thug siad misneach dom. Ar bhealach, níor cheart go mbeadh aon iontas orm gur thug siad ugach dom. Údar misnigh do Ghaeil agus Gaeilgeoirí a bhí in RnaG ón lá a ndeachaigh siad ar aer. Mar ag an am, agus tá an meon seo fós ag roinnt sa lá atá inniu ann, bhí daoine nach raibh ag iarraidh go n-éireódh leis mar choincheap. 

Mór an chontúirt cearta a thabhairt do dhaoine atá ag iarraidh go mbeadh siad ar chomhchéim le chuile dhuine eile. Murach RnaG, ní bheadh aon TG4 againn, agus seans maith nach mbeadh aon thuiscint againn ar chanúintí agus cultúir a chéile ó Dhún na nGall, ó dheas go Port Láirge, ó thuaidh go Béal Feirste agus thar lear.

Chaith mé cúpla bliain ag léamh na nuachta, agus ag cur cláir éagsúla i láthair. Bhí mé in ann Mamó a shamhlú sa mbaile ag éisteacht go grinn le Nuacht an Iarthair, ag fanacht sa gcathaoir cois tine go dtiocfadh Máirtín Tom Sheáinín ar an aer. Bhain freagracht speisialta le fógraí báis. A Mhuire na gcoinneal, ní fhéadfaí iad sin a fháil mícheart nó bheadh sé ina achrann. Thógfainn anáil nua sula dtosnóinn orthu, ar fhaitíos go mbeadh an duine mícheart curtha i gcré na cille agam, nó daoine curtha ag an séipéal mícheart.

Is fada an lá anois é ó bhí mé taobh thiar den mhic sa raidió i gCasla. Seans maith go mbeadh mé fanta ann ach ní raibh aon phost ann ag an am, ach conarthaí sealadacha. Fuair mé post buan i TG4 agus chuir sin deireadh le mo ré sa radio. Cloisim guthanna nua ó am go chéile agus is maith ann iad. Faraor, níl dóthain fostaíochta ann do dhaoine óga na Gaeltachta. Sin fadhb a chaithfear a réiteach, a ghabhfadh chun sochair do daoine atá ag iarraidh post agus don lucht éisteachta. Thabharfadh sé deis forbartha don stáisiún agus réalta nua chothú. Mar a déarfadh Máirtín Tom Sheáinín, go mbainfidh an raidió aois Choilm De Bhailís agus níos mó amach. 

Níos mó