Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘bua-sa-nua-shealainn-an-rud-is-tabhachtai-an-samhradh-seo’

‘Bua sa Nua-Shéalainn an rud is tábhachtaí an samhradh seo’

| jeff neville | ,

D’fhógair Andy Farrell na himreoirí a bheith ag taisteal go dtí an Nua-Shéalainn i rith an tsamhraidh agus is dóigh nach raibh duine in Éirinn a roghnódh an 40 imreoir céanna roimh an bhfógra. 

Ó thaobh na bhfrapaí de, ní raibh ionadh ar aon duine Andrew Porter, Tadhg Furlong, Tom O’Toole, nó Finlay Bealham a fheiceáil. Ní raibh ionadh orm ainm Cian Healy a fheiceáil ach an oiread, ach mar a scríobh mé cheana féin, tá Éire ró-spleách ar fhrapa Laighean. Ag an am céanna, níor roghnaíodh Andrew Warwick, fear a d’imir cluiche i ndiaidh cluiche d’Ulaidh i gcluichí móra i mbliana ach ainmníodh Jeremy Loughman, imreoir nach raibh in ann áit le foireann na Mumhan a choinneáil. 

Bhí rogha an húcálaí i bhfad níos simplí. Is é Ronan Kelleher príomhrogha Farrell, ach cé go bhfuil sé gortaithe osclaíonn sé sin an doras do Dan Sheehan. Is léir go dtosóidh Sheehan an chéad mhórchluiche anois. Bhí Rob Herring i gcónaí chun taisteal ach, mar gheall ar ghortú Kelleher, is é Dave Heffernan an chéad húcálaí eile a thiocfaidh isteach. 

Roghnaigh Farrell Joe McCarthy sa dara líne agus tá sé iontach Cian Prendergast a fheiceáil ainmnithe sa líne chúil tar éis séasúr dochreidte do Chonnachta. Bhíodh sé ag traenáil le hAcadamh Laighean ach dúradh leis nach raibh áit dó leo ag deireadh an shéasúir. Chuir Andy Friend glaoigh air agus thart ar dhá bhliain níos déanaí beidh sé ar eitleán ag dul go dtí an Nua-Shéalainn. 

Ainmníodh Conor Murray, Jamison Gibson-Park, agus Craig Casey mar leathchúlaithe clibirte. Is dóigh go raibh mí-ádh ar Casey nár thosaigh sé i níos mó cluichí don Mhumhain i rith na bliana (roghnaíodh é i bhfoireann URC na bliana fiú) agus is é tuairim lucht leanúna na Mumhan nach raibh Murray ag imirt thar mholadh beirte sa dara leath den séasúr. Is é sin an fáth céanna a bhfuil daoine ag argóint faoi eisiamh Cooney nó Doak, ach teastóidh taithí Murray sna mórchluichí.

Ní thuigim cén chaoi ar ainmníodh Harry Byrne. Níor thosaigh sé ag ceithre chluichí do Laighin i rith an shéasúir. Ach beidh seisean, Johnny Sexton, agus Joey Carbery mar leathchúlaithe clibirte amuigh don turas. B’fhéidir go ndéarfaí go bhfuil taithí aige ar stíl ionsaithe Laighean (mar go n-imríonn siad an stíl chéanna ionsaithe atá ag Éirinn) ach níl ciall leis sin ach an oiread mar is é Ross Byrne a d’imir cluichí móra Laighean.

Tá Rob Baloucoune agus Andrew Conway gortaithe. Bhí díomá ar Andy Farrell agus é ag caint faoi Baloucoune. Bhí sé ceaptha a bheith ag taisteal go dtí gur gortaíodh sa bhabhta leathcheannais in aghaidh na Stormers é ag an deireadh seachtaine (tá Conway gortaithe le fada anois). Mar gheall air sin, tagann Jordan Larmour agus Jimmy O’Brien isteach.

Is é bua sa Nua-Shéalainn an sprioc is tábhachtaí faoi láthair. Déarfar gurb é Corn an Domhain an rud is tábhachtaí, agus tá an ceart ag an té a déarfaidh, ach ní hé an rud is tábhachtaí i mbliana.

Tá an fhoireann seo ag dul chuig an taobh eile den domhan chun bua a fháil, rud nach ndearna aon fhoireann shinsir fear roimhe seo. Tá deis acu rud éigin stairiúil a chruthú, b’fhéidir an deis dheireanach má tá ráiteas Farrell ceart. Is imreoirí gairmiúla iad seo; ní bheidh siad ag iarraidh dul chun turgnamh foirne de shaghas éigin a dhéanamh chun doimhneacht na foirne a scrúdú.

Is é an bua (nó bua amháin as na trí chluiche ar a laghad) sa Nua-Shéalainn an rud is tábhachtaí an samhradh seo.

Níos mó