Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
suil-siar-ar-sheasur-na-gcuigi

Súil siar ar Shéasúr na gCúigí

| jeff neville | ,

Agus an séasúr na gcúigí críochnaithe, conas a d’éirigh leo i rith na bliana agus céard atá orthu a dhéanamh don bhliain seo chugainn?

Connachta

Ní raibh séasúr maith ag Connachta i mbliana agus cé gur shroich siad an babhta díbeartha den Chorn Seaimpíní, sprioc a bhí acu ag tús an chomórtais, níor bhuaigh siad ach aon chluiche amháin sa chomórtas sin ar an iomlán. 

Ní raibh taispeántais níos fearr acu san URC ach an oiread. Chríochnaigh siad san 11ú áit, rud a chiallaíonn nach mbeidh siad ag imirt sa Chorn Seaimpíní an bhliain seo chugainn. Ar an iomlán, níor bhuaigh siad ach deich gcluiche, staitistic nach gcuirfidh áthas ar leantóir ar bith. Bhí deacrachtaí acu sa cheathrú deireanach de chluichí, rud a bheidh orthu caoi a chur air sa chéad shéasúr eile.

Ach tá roinnt imreoirí nua ag teacht isteach san fhoireann i rith an tsamhraidh agus beidh siad ag imirt sa Challenge Cup; ceapaim go mbeidh siad in ann déileáil le sin níos fearr.

Mumha

Tús maith, leath na hoibre, ach ní sa chás seo. Bhí tús iontach maith ag Mumhain; bhuaigh siad ceithre chluiche in aghaidh a chéile agus bhuaigh siad dhá chluiche dhéag as an gcéad cúig chluiche dhéag. 

Sin deireadh leis ó thaobh Mumhan de, áfach. Chaill siad seacht gcluiche as an chéad aon chluiche dhéag ina dhiaidh sin agus chríochnaigh siad an séasúr, ceann a thosaigh le go leor féidearthachtaí, gan chorn.

Tá orthu caoi a chur ar an gclibirt agus stíl imeartha leanúnach a thabhairt isteach. Ba cheart go n-imreodh na himreoirí is fearr in áit na n-ainmneacha is mó freisin. Tá bainistíocht beagnach iomlán nua ag teacht isteach agus beidh siad ag iarradh a stampa féin a chur ar an ionsaí agus an chosaint. 

Laighin

Ní bheidh imreoirí nó bainistíocht Laighean sásta leis an séasúr seo. Shroich siad an babhta ceannais den Chorn Seaimpíní agus an babhta leathcheannais den URC, ach níor bhuaigh siad corn ar bith agus sin an fáth nach mbeidh siad sásta.

Bhí babhtaí iontacha acu i rith na bliana. Bhuaigh siad 17/21 de chluichí ach, sna hocht gcluiche deireanach, níor bhuaigh siad ach ceithre cinn. 

Tá obair le déanamh acu don séasúr le teacht. Caithfidh siad teacht aníos le bealach chun imirt in aghaidh na bhfoirne móra. Cabhróidh Jason Jenkins le sin agus tá forbairt Joe McCarthy ag dul go maith freisin. Idir an bheirt acu, James Ryan, agus Ross Moloney, gan trácht a dhéanamh ar an gcuid eile den phaca, beidh na himreoirí téagartha acu chun é sin a dhéanamh.

Ulaidh

Cé nár bhuaigh siad aon rud i mbliana, bhí séasúr an-mhaith ag Ulaidh. Tá Ulaidh ag forbairt le roinnt blianta anuas agus lean siad orthu arís i mbliana. Chaill siad dhá chluiche móra (ar nós Laighin) ach tá siad céim níos cóngaraí ag druidim i dtreo an chéad shéasúr eile.

Rinne an lucht bainistíochta go leor obair mhaith ó thaobh conarthaí imreoirí freisin agus tá príomhbhainisteoir Dan McFarland ag fanacht leis an gcúige go dtí 2025. As gach aon chonradh a rinneadh, is dóigh gurb é sin an ceann is tábhachtaí. Is é McFarland an duine atá ag stiúradh na foirne sa treo ceart. 

Ná bíodh ionadh ort má bhuann Ulaidh corn de shaghas éigin an bhliain seo chugainn. Tá siad ag tógáil foirne an-láidir le cúpla bliain anuas (b’fhéidir go bhfuil siad fós róspléach ar imreoir nó dhó) ach cinnte tá siad ag druidim i dtreo teidil faoi stiúir McFarland.

Níos mó