Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ar-cheart-do-sexton-tosu-an-deireadh-seachtaine-seo?

Ar cheart do Sexton tosú an deireadh seachtaine seo?

| jeff neville | ,

Bhuail comhtholgadh Johnny Sexton sa chéad chluiche in aghaidh an Nua-Shéalainne an tseachtain seo caite agus mar thoradh air sin ceapadh nach mbeadh sé in ann imirt i gcluiche an deireadh seachtaine seo. Ach i rith na seachtaine tháinig sé amach go mbeidh sé sách aclaí chun an dara cluiche a imirt. 

Cé gur theip air sa chéad scrúdú comhtholgtha i rith an chéad chluiche, phasáil sé an dara ceann. Bhí air ceann eile a dhéanamh 48 uair ina dhiaidh sin (ar an Luan) agus, arís, phasáil sé an ceann sin freisin. Mar thoradh air sin, tá sé slán chun an dara cluiche a imirt.

Ach an ceart dó an cluiche a thosnú? Ní fiú i dtaobh cúrsaí sláinte de ach ó thaobh doimhneacht foirne. 

I mbliana (2021/22), d’imir Joey Carbery i naoi gcluiche d’Éirinn. San iomlán, níor imir sé ach 318 nóiméad as an 720 nóiméad sin. Thosaigh sé i dtrí chluiche: an Airgintín, an Fhrainc, agus an Iodáil. Téigh siar go dtí anuraidh (2020/21) agus d’imir sé dhá chluiche idirnáisiúnta nuair a thosaigh sé in aghaidh na Seapáine agus na Stáit Aontaithe. 

D’imir sé 133 nóiméad as an 160 nóiméad sin. An bhliain roimhe sin arís (2019/20), d’imir sé i gceithre chluiche idirnáisiúnta: thosaigh sé in gcoinne na hIodáile agus tháinig sé ón mbinse in aghaidh na Seapáine, Samó, agus an Nua-Shéalainn. Bhí na ceithre chluiche sin mar pháirt den Chorn Domhanda deireanach. D’imir sé 117 nóiméad as an 320 nóiméad sin. Sna trí bliana dheireanacha, d’imir Carbery 568 nóiméad san iomlán d’Éirinn.

Ar an taobh eile de, déanfaidh mé iniúchadh ar uimhreacha Johnny Sexton. I mbliana (2021/22), d’imir Johnny Sexton i seacht gcluichí d’Éirinn. San iomlán, d’imir sé 407 nóiméad as an 560 nóiméad sin. Thosaigh sé i sé chluiche: an tSeapáin, an Nua-Shéalainn faoi dhó, an Bhreatain Bheag, Sasana, Albain, agus tháinig sé ón mbinse sa chluiche in aghaidh na hIodáile. 

Téigh siar go dtí anuraidh (2020/21) agus d’imir sé sé chluiche idirnáisiúnta, ag tosú in aghaidh na Breataine Bige faoi dhó, Albain faoi dhó, an Iodáil, agus Sasana. D’imir sé 401 nóiméad as an 480 nóiméad sin (níor imir sé ach 211 nóiméad do Laighin an bhliain sin mar chomparáid).  

An bhliain roimhe sin arís (2019/20), d’imir sé i deich gcluiche idirnáisiúnta: thosaigh sé gach aon cheann acu (an Bhreatain Bheag faoi dhó, Albain faoi dhó, an Rúis, Samó, an Nua-Shéalainn, Sasana, an Iodáil, agus an Fhraince). D’imir sé 635 nóiméad as an 800 nóiméad sin. Sna trí bliana deireanach, d’imir Sexton 1,443 nóiméad san iomlán d’Éirinn.

Tá a fhios agam go raibh Carbery gortaithe le píosa, ach má chaitear súil ar aon leathchúlaí clibirte amuigh eile sa tír, is léir go bhfuil Éire (agus foireann bhainistíochta na foirne) spleách ar Johnny Sexton, fear atá beagnach 37 bliain d’aois agus a bheidh bliain níos sine arís ag an gcéad Chorn Domhanda eile.

Is é Joey Carbery an chéad duine eile isteach i súile Andy Farrell; tá sé sin thar a bheith soiléir anois tar éis an cúpla séasúr deireanach. Ach níl sé ag fáil na ndeiseanna chun forbairt a dhéanamh mar imreoir. Níor thosaigh sé ach sé chluiche le trí bliana anuas. 

Chun corn domhanda a bhuachan, teastaíonn doimhneacht san fhoireann. Is féidir le gortú tarlú an-éasca. Teastaíonn taithí, agus faoi láthair, níl Carbery ag fáil na taithí sin. 

Níos mó