Tá Conradh na Gaeilge ag moladh go gcuirfí seirbhísí féinfhreastail i nGaeilge ar fáil sa Tesco nua atá beartaithe in Indreabhán, an chéad siopa de chuid an chomhlachta ollmhargaí a bheas lonnaithe sa Ghaeltacht.
Tá deich gcinn d’ollmhargaí Joyces ar fud na Gaillimhe ceannaithe ag Tesco Ireland, ‘Siopa an Phobail’ i nGaeltacht Chonamara ina measc.
I ráiteas a chuir Tesco Ireland ar fáil faoin siopa in Indreabhán, dúradh go n-aithníonn siad go bhfuil ‘Siopa an Phobail’ sa Ghaeltacht agus gur mian leo seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil san ollmhargadh nua.
Táthar ag obair le hÚdarás na Gaeltachta lena chinntiú go mbeifear in ann freastal “mar is ceart ar phobal na Gaeltachta”, a dúradh.
Dheimhnigh Údarás na Gaeltachta le Tuairisc go raibh ionadaí sinsearach as Tesco Ireland i dteagmháil leo faoin siopa nua in Indreabhán, agus comhairle á lorg maidir leis na bealaí a bhféadfadh Tesco tacú le cur chun cinn na Gaeilge san ollmhargadh.
“Beidh cruinniú á shocrú sna seachtainí seo amach romhainn agus deis ansin plé a dhéanamh ar na bealaí gur féidir leis an gcomhlacht tacú leis an nGaeilge agus freastal ar an bpobal Gaeltachta sa siopa atá acu in Indreabhán,” a dúirt urlabhraí ón Údarás.
I measc na mbealaí a bhféadfadh Tesco tacú le cur chun cinn na Gaeilge ina gcuid siopaí sa Ghaeltacht, deir Conradh na Gaeilge gur chóir go mbeadh seirbhísí féinfhreastail ar fáil i nGaeilge, mar atá ar fáil i mBreatnais in áiteanna sa Bhreatain Bheag ina labhraítear an teanga sin.
Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur “dea-scéal” atá ann go bhfuil fáilte á cur roimh an bhfoireann atá ag obair i ‘Siopa an Phobail’ in Indreabhán, ar cainteoirí Gaeilge a bhformhór, dul ag obair san ollmhargadh nua.
“Idir an fhoireann, na seirbhísí féinfhreastail agus an chomharthaíocht dhátheangach, tá deis ag Tesco Ireland cur chuige a leagan síos dá gcuid siopaí a bheas ag feidhmiú sa Ghaeltacht le cinntiú go mbeadh siad in ann freastal ar phobal na Gaeltachta.
“Bhí Tesco ceannródaíoch ó thaobh na comharthaíochta Gaeilge de ina gcuid ollmhargaí i gcathair na Gaillimhe agus bheinnse ag súil go bhféadfaidís an cur chuige céanna a bheith acu i dtaca lena gcuid siopaí sa Ghaeltacht,” a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn le Tuairisc.
Tá sé tugtha le fios ag Tesco Ireland go mbeidh Siopa an Phobail in Indreabhán ag dúnadh ag deireadh mhí Lúnasa “ar feadh roinnt seachtainí” chun athchóiriú agus athbhrandáil a dhéanamh ar an ollmhargadh.
Beidh traenáil á cur ar an fhoireann a fhad is atá an obair athchóirithe ar bun, a deir Tesco, agus ní bheidh aon bhriseadh sa phá a íoctar leis na hoibrithe.
Beidh na seirbhísí céanna atá á gcur ar fáil ag Siopa an Phobail ar fáil sa Tesco nua, an tsiopadóireacht ón bhaile agus na pumpaí breosla ina measc.