Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
na-smeara-dubha-le-ceiliuradh-an-deireadh-seachtaine-seo-ag-‘feile-na-bpuiteachai’-in-inis-meain

Na sméara dubha le ceiliúradh an deireadh seachtaine seo ag ‘Féile na bPuiteachaí’ in Inis Meáin

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Réachtálfar ‘Féile na bPuiteachaí’ den chéad uair riamh in Inis Meáin an deireadh seachtaine seo. ‘Puiteachaí’ an t-ainm áitiúil atá ag muintir an oileáin Gaeltachta ar na sméara dubha. Bíonn na driseacha dubh le sméara an tráth seo bliana in Oileáin Árann agus tá an deis á tapú ag muintir an oileáin an fómhar a cheiliúradh leis an bhféile lae. 

Beidh imeachtaí ar siúl i Halla Naomh Eoin agus ar fud an oileáin ó mhaidin go hoíche an Satharn seo ag teacht, an 1 Deireadh Fómhair, agus imeachtaí beartaithe d’idir óg agus aosta. 

I measc na n-imeachtaí atá ar chlár na féile tá comórtas bácála, ceolchoirm, ceardlann déanta jin, comórtais filíochta, agus siúlóid timpeall Inis Meáin. Cuirfear tús leis an bhféile ag 11.30 i Halla Naomh Eoin mar a bhfógrófar buaiteoirí na gcomórtas filíochta ar na filí a chuir a saothair faoi bhráid na moltóirí le cúpla seachtain anuas. 

Ag meán lae a chuirfear tús leis an tsiúlóid ‘Piocadh Puiteachaí’ leis an mbean bláthanna Aedín Ní Thiarnaigh. Treoróidh Aedín lucht freastail na féile timpeall an oileáin mar a mbeidh an deis acu a sméara dubha féin a bhailiú ar bhóithríní Inis Meáin. Tabharfaidh Aedín blaiseadh de sheanchas agus scéalta Inis Meáin don ghrúpa agus iad ag siúl. 

Agus na sméara dubha bailithe, beidh dhá cheardlann do theaghlaigh á reáchtáil in Halla Naomh Eoin. Taispeánfaidh Juda Uí Loingsigh agus Órlaith Breathnach cén chaoi le dúch nádúrtha a dhéanamh as na ‘puiteachaí’, agus ina dhiaidh sin beifear ag taispeáint cén chaoi subh a dhéanamh as sméara dubha sa chistin. 

Reáchtálfar an comórtas bácála ag 15.30, comórtas a bhfuil trí dhuais mhóra ann – €100 don té a thabharfaidh an chraobh lei, €50 don té a bheidh sa dara háit, agus €30 don té a chríochnóidh sa tríú háit. Tabharfaidh na cácaí, cistí, agus muifíní go Halla Naomh Eoin agus déanfar moltóireacht orthu go hanaithnid. Agus na duaiseanna bronnta, beidh deis ag lucht freastail na féile an bia bácáilte a bhlaiseadh. 

Is é Pádraig Ó Fátharta a bheidh i bhfeighil an tí agus an cheardlann deochanna ar siúl sa Halla ag 16.30. Taispeánfaidh Pádraig do lucht na ceardlainne cén chaoi blas a chur ar an jin le torthaí an oileáin agus beidh cead ag gach duine a bheidh i láthair toradh na hoibre a thabhairt abhaile leo. Is gá ticéad a cheannacht don ócáid seo. 

Ar deireadh uilig, is í an cruitire Úna Ní Fhlanagáin a chuirfidh clabhsúr leis an bhféile le hoíche cheoil agus amhránaíochta sa halla. Cuirfidh béim ar leith ar amhrán agus ar cheol a bhaineann le sméara dubha nó ina ndéantar tagairt do na ‘puiteachaí’. Tá costas €10 ar an ócáid sin. 

Níos mó