Meastar go ndéanfar fógra go luath go bhfuil plean na Roinne Oideachais dhá chúrsa Gaeilge a thabhairt isteach don Ardteist á chaitheamh i dtraipisí agus go mbeifear ag tosú ó bhonn arís air.
Tuairiscítear go bhfuil An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ag moladh don Aire Oideachais tuilleadh taighde a dhéanamh faoin bplean dhá chúrsa nua a thabhairt isteach – cúrsa T1 a bheadh dírithe ar chainteoirí dúchais is líofa agus cúrsa T2 a deirtear a bheadh oiriúnach do dhaltaí eile.
Tá an tuarascáil ón CNCM, nach bhfuil foilsithe go fóill, bunaithe cuid mhór ar thuairimí an phobail faoin bplean.
De réir tuairisce san Irish Independent is é ceann de na téamaí is láidre a léiríodh sa phróiseas comhairliúcháin poiblí ná nach bhfuil daoine ar aon intinn faoin ‘bhfís ná faoin gcur chuige
Tuigtear do Tuairisc, áfach, go léireoidh na torthaí go bhfuil go leor daoine ar aon intinn faoi ghnéithe áirithe den mhúnla atá molta.
Tá amhras mór léirithe ag daoine mar shampla faoin scéal go dtabharfaí isteach cúrsa nua níos dúshlánaí gan aon mharcanna bónais a bheith ag dul leis.
Tuigtear go léireofar tacaíocht láidir chomh maith do dhá rogha a moladh i bplécháipéis a d’fhoilsigh Conradh na Gaeilge.
Faoi cheann de na moltaí sin, chuirfí sonraíochtaí ar fáil ag ceithre leibhéal – Bonnleibhéal, Gnáthleibhéal, Ardleibhéal agus Sárleibhéal – sonraíochtaí a bheadh ar fáil do na scoláirí ar fad ar mhian leo tabhairt fúthu.
Faoin rogha eile, chuirfí sonraíochtaí ar fáil ag Bonnleibhéal, Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal, chomh maith le hábhar nua a fhorbairt – Saíocht agus Litríocht na Gaeilge.
Bheadh an t-ábhar nua ar fáil ar an múnla céanna le Matamaitic/Matamaitic Fheidhmeach d’aon daltaí ar spéis leo tabhairt faoi.
Is cosúil anois, áfach, go gcaithfear amach an plean T1 agus T2 mar atá in áit é a leasú de réir mhianta an phobail.
Deir an CNCM go bhfuil amhras ann faoin tslí a sholáthrófaí na cúrsaí nua agus go mbaineann doiléire le ceisteanna polasaí chomh maith. Chaithfear freisin, a deir an chomhairle, tuilleadh machnaimh a dhéanamh faoin traenáil agus oiliúint ghairmiúil a bheadh ag teastáil ó mhúinteoirí chun múnla T1 agus T2 a chur i gcrích.
Deir an CNCM go gcaithfear machnamh níos grinne a dhéanamh ar an múnla nua ó thaobh an oideachais de agus “i gcomhthéacs níos leithne thodhchaí na Gaeilge.”
Deirtear chomh maith go bhfuil gá lena thuilleadh taighde a dhéanamh faoin gcur chuige atá ann in áiteanna eile a mbíonn teanga á múineadh mar theanga dhúchais agus mar dhara teanga.
Tuairiscítear go leagtar béim sa tuarascáil chomh maith ar an áit ar leith atá ag an nGaeilge sa chóras oideachais.
Deirtear gurb é seo an t-aon deis a bheidh ag an nglúin seo athrú mór mar seo a dhéanamh ar theagasc na Gaeilge. Tá an teanga i mbaol a meatha, a deirtear agus caithfear a chinntiú, dá réir, go gcuirfeadh an t-athrú leis an ngrá atá ag daoine don teanga agus an líofacht atá ag daoine inti.
Nach mór míle freagra a fuair an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) faoi na hathruithe conspóideacha atá beartaithe do chúrsa Gaeilge na hArdteiste.
Fuarthas aighneachtaí ó mhúinteoirí agus scoláirí ag an dara agus an tríú leibhéal, ó thuismitheoirí, ó lucht oideachais, ó phátrúin, ó eagraíochtaí Gaeilge agus ón bpobal.
Fuarthas aighneacht chomh maith ó choiste Oireachtais.
Deir Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta go bhfuil na moltaí maidir le dhá chúrsa Gaeilge nua – T1 agus T2 – lochtach agus nár chóir aon athrú a dhéanamh go dtí go mbeidh “imscrúdú iomlán” déanta orthu.
Mar chuid den phróiseas ar cuireadh tús leis mí Feabhra i mbliana, líonadh 738 suirbhé agus cuireadh 239 aighneacht scríofa faoi bhráid na Comhairle.
13 grúpa fócais, le 275 rannpháirtí, a eagraíodh agus bhí ocht gcruinniú speisialta ag an CNCM le grúpaí ar leith.
Bhí 19 agallamh duine le duine i gceist chomh maith.