Níor éirigh leis ‘An Cailín Ciúin’ gradam a thabhairt abhaile ó na Oscars in Hollywood, ach bhí deireadh seachtaine den scoth ag an scannán Gaeilge i Meiriceá mar sin féin.
De réir fhigiúirí Oifig na dTicéad sna Stáit Aontaithe, shaothraigh an scannán Gaeilge $400,000 i bpictiúrlanna ar fud na tíre idir Dé hAoine agus Dé Domhnaigh seo caite, rud a d’fhág go raibh sé ar an 11ú scannán is mó rath i Meiriceá ag an deireadh seachtaine.
Bhí An Cailín Ciúin áit amháin chun tosaigh ar Everything Everywhere All At Once, an scannán a bhuaigh an gradam don Scannán is Fearr agus sé ghradam Oscar eile oíche Dé Domhnaigh, cé go gcaithfí a lua go bhfuil an scannán sin sna pictiúrlanna i Meiriceá le beagnach bliain.
Léiríonn na figiúirí an tóir a bhí ar an scannán Gaeilge a bhí ainmnithe sa rannóg don Scannán Idirnáisiúnta is Fearr ag na gradaim mór le rá.
De réir an tsuímh The Numbers, bhí An Cailín Ciúin le feiceáil i 244 pictiúrlann ar fud Mheiriceá an deireadh seachtaine seo caite, ardú ó 18 pictiúrlann an deireadh seachtaine roimhe sin.
Shaothraigh an scannán $105,000 Dé hAoine seo caite, $175,000 ar an Satharn agus $120,000 ar an Domhnach. Bhí an $400,000 a shaothraigh An Cailín Ciúin thar na trí lá sin breis is 400% níos airde ná an $77,187 a thug sé isteach sna pictiúrlanna i Meiriceá an deireadh seachtaine roimhe sin.
Beagnach $600,000 ar fad atá saothraithe ag an scannán sna Stáit Aontaithe ó taispeánadh é i bpictiúrlanna ansin den chéad uair ag deireadh mhí Feabhra.
De réir fhigiúirí The Numbers, tá breis agus $2.4 milliún (€2.3 milliún) tugtha isteach ag an scannán ar fud an domhain, beagnach $600,000 san Astráil, $200,000 sa Spáinn agus $200,000 san Iodáil san áireamh.
Cé nár bhuaigh An Cailín Ciúin gradam Oscar ag an deireadh seachtaine – All Quiet on the Western Front a thug leis an deilbhín – beidh lucht déanta an scannáin Ghaeilge ag súil go meallfaidh an t-aitheantas agus an phoiblíochta a bhaineann le hainmniúchán tuilleadh lucht féachana sna seachtainí amach romhainn.