Ag paráid mhíleata ag comóradh Lá an Bhua sa Chearnóg Dhearg i Moscó, mhaígh Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin gur “uair na cinniúna” don domhan atá againn agus gur in aghaidh na Rúise atá an “fíorchogadh” á fhearadh.
Ó cloíodh na Naitsithe sa nGearmáin 78 bliain ó shin, bíonn comóradh mór míleata sa Rúis ag comóradh Chogadh an Tírghrá mar a thugann siad ar an dara cogadh mór.
Ní raibh paráid na bliana seo chomh mór le blianta eile mar gheall ar chúrsaí slándála.
Ní den chéad uair é, dhein Uachtarán na Rúise iarracht ceangal a dhéanamh idir bua na Rúise ar na Naitsithe agus ionradh na Rúise ar an Úcráin.
Dúirt sé leis an slua go raibh “a dtír dhúchais á cosaint” ag trúpaí na tíre i
“Inniu, uair na cinniúna atá ann arís don tsibhialtacht, agus fíorchogadh á fhearadh inár n-aghaidh arís,” arsa Putin.
“Táimid bródúil astu sin atá páirteach san oibríocht speisialta mhíleata. Tá todhchaí ár muintire ag brath oraibh.”
Chuir sé i leith thíortha an Iarthair go raibh luachanna traidisiúnta á scrios acu agus córas á chur chun cinn acu a bhí bunaithe “ar ghadaíocht agus foréigean”.
“Is é cuspóir ár naimhde, agus ní haon rud nua é seo, go scriosfaí ár dtír agus go dtitfeadh sí as a chéile.”
Idir an dá linn, bhí preasócáid in Kyiv ag Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen.
Dúirt Von der Leyen gurb í Kyiv “anam” luachanna na hEorpa.
Dúirt Zelensky gur léirigh an tslí ar éirigh leo ionsaithe de chuid na Rúise a chur faoi chois go bhféadfadh an Úcráin an bua a fháil “ar an ionsaitheoir seo”.
Thagair Uachtarán na hÚcráine do mhian a thíre a bheith ina ball den Aontas Eorpach. Cur le chéile is fearr a chinnteodh an tsíocháin, ar sé.
Dúirt údaráis na hÚcráine gur éirigh leo 15 diúracán crúsála de chuid na Rúise a scaoileadh le Kyiv aréir a thabhairt anuas. Ba é sin an cúigiú huair ag an Rúis le mí anuas dul i mbun an aerbhombardaithe in aghaidh phríomhchathair na hÚcráine.