Tá cáineadh déanta ar thráchtanna ciníocha atá curtha chuig amhránaithe atá tar éis tarraingt amach as Eisteddfod de bharr pholasaí teanga na féile Breatnaise.
Tá conspóid ann sa Bhreatain Bheag le roinnt seachtainí anuas tar éis do rapálaí aitheanta, Sage Todz, tarraingt amach as an mórfhéile bhliantúil toisc nach mbeadh cead aige amhráin dhátheangacha a chasadh.
Tá ráite ag amhránaithe eile, Eädyth agus Izzy Rabey, nach mbeidh siadsan ag casadh ag an Eisteddfod ach an oiread go dtí go n-athrófar an polasaí teanga a fhágann nach bhfuil cead ag amhránaithe canadh ach i mBreatnais amháin.
Tá an chonspóid tar éis an-chuid cainte a spreagadh sa Bhreatain Bheag. Tá cáineadh déanta ag an gComhairle áitiúil sa cheantar ina mbeidh an fhéile á reáchtáil i mbliana ar thráchtanna ciníocha faoi na hamhránaithe atá tar éis tarraingt amach.
Dúirt Comhairle Cyngor Gwynedd an tseachtain seo go rabhadar i bhfabhar polasaí Breatnaise amháin ach go raibh “díomá agus brón” orthu an go raibh an díospóireacht faoin bpolasaí éirithe chomh “nimhneach” sin.
“Níl aon ghlacadh le ciníochas sa tsochaí seo agus diúltaímid go hiomlán d’aon chlaontacht nó fuath a bheith á léiriú i leith aon mhionlach nó grúpaí…” a dúradh sa ráiteas.
“Cé nach dteastaíonn uainn go ngéillfí Riail na Breatnaise, tacaímid le plé ómósach agus smaointe nua ó go leor daoine éagsúla, ionas gur féidir leis an Eisteddfod leanúint ar aghaidh mar fhéile fháilteach ar a bhfuil tóir ag a lán.”
Tá cáineadh déanta freisin ag Príomhfheidhmeannach Eisteddfod ar an gclúdach atá déanta sna meáin ar an gconspóid.
Dúirt Betsan Moses nach raibh sé fíor go raibh cosc curtha ar Sage Todz canadh ag Eisteddfod.
Dúirt an rapálaí níos luaithe an mhí seo nach mbeadh sé ag canadh ag an bhféile mar nach raibh cead aige amhráin dhátheangacha a chanadh.
Dúirt Sage Todz nach mar agóid a bhí sé ag tarraingt siar ón bhféile ach toisc nach raibh sé sásta athrú a dhéanamh ar na hamhráin atá cumtha aige chun cloí leis an bpolasaí teanga.
Dúirt urlabhraí de chuid Eisteddfod gur aithníodh go raibh úsáid an Bhéarla agus na Breatnaise lárnach in amhráin Sage Todz ach go raibh an polasaí teanga lárnach don fhéile Eisteddfod agus dá lucht eagraithe chomh maith.
Dúradh go raibh cuireadh tugtha don rapálaí páirt a ghlacadh in imeachtaí na féile agus gur tairgeadh coimisiún dó chun amhráin a chumadh i mBreatnais ach sa deireadh, nach raibh sé sásta páirt a ghlacadh san fhéile.
Cé go bhfuil cáineadh déanta ag dreamanna áirithe ar Eisteddfod as a seasamh ar an bpolasaí teanga, tá moladh tugtha do lucht na féile chomh maith.
Tá sé mar pholasaí ag Oireachtas na Samhna sa tír seo gur i nGaeilge amháin a bhíonn amhránaithe ag canadh.
Beidh Eisteddfod 2023 ar bun idir an 5-12 Lúnasa i mBoduan i dtuaisceart na Breataine Bige.