Tá obair ar bun ag an Rialtas chun breis oifigeach cumarsáide le Gaeilge a earcú mar chuid d’iarrachtaí an teanga a chur chun cinn san earnáil phoiblí.
Tá méadú ar na seirbhísí a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí trí mheán na Gaeilge agus méadú ar an líon foirne atá inniúil i nGaeilge sna comhlachtaí céanna mar chuid de phríomhspriocanna an Achta Teanga agus tá Roinn na Gaeltachta ag díriú ar chúrsaí cumarsáide chun tacú leis na spriocanna sin a bhaint amach.
Dúirt urlabhraí de chuid na Roinne le Tuairisc go mbeadh réimse na cumarsáide “lárnach” i go leor den obair atá ar bun, go háirithe ag an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge a bhfuil dualgas orthu an chéad Phlean Náisiúnta maidir le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a ullmhú. Dúradh go bhfuil an Coiste Comhairleach ag breathnú ar roinnt bealaí éagsúla le daoine a mhealladh chuig róil chumarsáide san earnáil phoiblí.
Tá bunú Scéim Intéirneachta Cumarsáide trí Ghaeilge ar cheann de na bearta atá molta ag an gCoiste Comhairleach agus é beartaithe oifigigh chumarsáide a fhostú i gcomhlachtaí poiblí a bheadh ag plé le cúrsaí Gaeilge amháin.
Nuair a pléadh an scéim ag cruinniú de chuid an Choiste Chomhairligh níos luaithe i mbliana, luadh imní i measc na mball go mbainfí úsáid as na daoine a d’fhostófaí mar aistritheoirí ach dúirt an Roinn go mbeadh cúraimí ar leith aitheanta do na hoifigigh. Dúradh go mbeifí ag plé le hábhar ar na meáin shóisialta nó ag láimhseáil ceisteanna ó na meáin, mar shampla.
Dúradh ag an gcruinniú gur mó seans go mbeadh Roinn na Gaeltachta ag maoiniú na scéime ar dtús ach go bhféadfaí í a leathnú amach go dtí ranna rialtais eile agus comhlachtaí poiblí dá mbeadh sí tairbheach.
Dúirt urlabhraí na Roinne go raibh cainteanna ar bun faoi láthair leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, an Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadadh PFN agus Athchóirithe, Seirbhísí Eolais an Rialtais agus ollscoileanna éagsúla maidir le bearta éagsúla agus go rabhthas ag súil go mbeidh tuilleadh le fógairt ar an ábhar seo sna míonna amach romhainn.
Dúirt an Roinn go raibh feachtas feasachta mór le reáchtáil san fhómhar chomh maith maidir leis na deiseanna suntasacha fostaíochta atá agus a bheidh san earnáil phoiblí dóibh siúd le Gaeilge de thoradh an Achta agus ag súil le roinnt comórtas do róil le Gaeilge a nascadh isteach leis sin, mar shampla i réimse na cumarsáide.