Tá triúr ceaptha le dul i mbun seirbhís nuachta Cúla4, an cainéal nua don aos óg atá le seoladh ag TG4 an mhí seo chugainn.
Iar-eagarthóir na hirise NÓS, Maitiú Ó Coimín, atá ina eagarthóir ar an chlár nuachta nua a bheas á léiriú ag an chomhlacht Meangadh Fíbín do Cúla4.
Beidh beirt láithreoirí ag tuairisciú na nuachta, Aisling Ní Dhonnabháin, a bhí ina láithreoir ar an tsraith Eco-Laoch, a craoladh ar Cúla4 roimhe seo agus Seán Ó Maoilchiaráin, a bhfuil míreanna déanta aige do Bloc TG4 ae na meáin shóisialta cheana.
Ar an 8 Meán Fómhair a sheolfar an cainéal nua Cúla4.
Míreanna sa stiúideo agus tuairiscí a bheas le feiceáil ar na feasacháin nuachta a bheas dírithe ar pháistí bunscoile.
Tá cláir do pháistí léirithe ag Meangadh Fíbín do TG4 cheana, ina measc Cúla4 ar Scoil, sraith oideachais a craoladh le linn na paindéime.