Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
trump-a-thabhairt-fein-suas-do-na-hudarais-in-georgia

Trump á thabhairt féin suas do na húdaráis in Georgia

| Tuairisc.ie | ,

Tabharfaidh iarUachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Donald Trump, é féin suas do na húdaráis in Georgia inniu chun déileáil leis na cúisimh atá curtha ina leith.

Tá sé á chúiseamh in uisce faoi thalamh a bheith ar bun aige in 2020 chun toradh an toghcháin sa stát sin a chur ar ceal – toghchán a chaill seisean.

Is é Trump an chéad Uachtarán nó iarUachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá a cúisíodh agus tá trí chás coiriúil eile curtha ina leith.

Inniu agus Trump á thabhairt féin ar láimh do na húdaráis, beidh an ceantar thart ar an bpríosún faoi “dhianghlasáil” ar chúinsí slándála, a d’fhógair Oifig Shirriam Fulton County.

Tá baracáidí curtha taobh amuigh den chúirt agus an áit á réiteach do theacht an iarUachtaráin inniu.

Dúirt an Sirriam go mbeadh na baracáidí ansin go dtí an Satharn. Ní hé Trump amháin a bheidh ag triall ar an gcúirt an tseachtain seo mar tá 19 duine ar fad cúisithe agus gan acu ach go dtí meán lae Dé hAoine le hiad féin a thabhairt suas do na húdaráis ionas go ndéanfar na cúisimh a phróiseáil. Bhí sin déanta ag mórsheisear díobh inné.

Cúisíodh Trump agus a chomhchosantóirí an tseachtain seo caite agus é curtha ina leith go ndearna siad iarracht toil thoghthóirí stát Georgia a threascairt trí chur isteach ar thorthaí an toghcháin in 2020 sa stát sin.

Ag iarrthóir an pháirtí Dhaonlathaigh, an tUachtarán Joe Biden, a bhí an bua sa stát.

Tráth a raibh vótaí an stáit fós á gcomhaireamh, tá taifead fóin ann den Uachtarán Trump agus é ag cur brú ar Rúnaí Stáit Georgia, an Poblachtánach Brad Raffensperger, agus é ag fógairt air “aimsigh 11,780 vóta”.

Chuir an Breitheamh Scott McAfee in Atlanta bannaí $200,000 ar Donald Trump agus cuireadh fainic air gan imeaglú ná bagairt a dhéanamh ar fhinnéithe ná ar aon duine den 18 cosantóir eile.

Faoi choinníollacha na mbannaí sin, atá sínithe ag Fani Willis, Dlíodóir Dúiche Fulton County, ag dlíodóirí Trump agus ag an mBreitheamh, níl cead aige aon imeaglú nó bagairt a dhéanamh ar na meáin shóisialta ach oiread. Luaitear go sonrach “aon phostálacha ar na meáin shóisialta nó aon fhreagra ar phostálacha” a dhéanann aon duine eile.

Is sean-nós ag Trump leas a bhaint as na meáin shóisialta, a chomhlacht féin a chruthaigh TRUTH Social san áireamh, mar ardán chun ionsaí a dhéanamh ar dhaoine a mbíonn aon bhaint acu le cásanna coiriúla ina aghaidh.

Tá an t-iarUachtarán i mbun feachtais toghcháin faoi láthair d’fhonn tréimhse eile a fháil sa Teach Bán in 2024.

Is minic cheana a rinne Trump ionsaí gránna ar Fani T. Willis, dlíodóir Fulton County atá i mbun an cháis ina choinne, agus líomhaintí á ndéanamh aige nach raibh fíor ach a chothódh cantal.

Faoin socrú a bhaineann lena chuid bannaí níl cead aige “aon bhagairt d’aon chineál, díreach ná indíreach” a dhéanamh ar fhinnéithe ná ar a chomhchosantóirí agus níl cead aige aon chumarsáid a bheith aige leo faoin gcás seo ach amháin trí dhlíodóirí.

Tá sé séanta go minic ag an iarUachtarán go ndearna sé féin aon rud contráilte agus deir sé gur cúrsaí polaitíochta is bonn leis na cúisimh seo.

Tá sé ar cheann an chomhairimh faoi láthair sa bhfeachtas d’iarrthóir na bPoblachtánach i dtoghchán uachtaránachta 2024.

Níor bhac Trump le páirt a ghlacadh sa díospóireacht teilifíse a bhí ag iarrthóirí Poblachtánacha tráthnóna aréir, Dé Céadaoin.

Thart ar leathmhíle duine a bhíonn faoi ghlas i bPríosún Fulton County, mar a mbeidh Trump á thabhairt féin ar láimh do na húdaráis in Georgia. De ghnáth daoine iad a bhíonn ag fanacht lena lá sa gcúirt. Tá drochbhail ar an bpríosún féin agus tá fiosrúchán ar bun faoi láthair faoin bhfoirgneamh féin agus faoin spídiúlacht a deirtear a thugtar do phríosúnaigh ann.

Cúisíodh Donald Trump agus an ocht nduine dhéag eile an tseachtain seo caite as a bheith páirteach i gcomhcheilg chun torthaí Georgia a threascairt.

Tá ionchúisitheoirí agus oifigigh shlándála in Atlanta ar a mbionda ag gealladh gur mar a chéile a dhéileálfaidh córas dlí agus cirt Atlanta leis na cosantóirí agus a chaithfidís le haon choirpeach eile.

Tógfar a bpictiúir agus a méarloirg, agus baileofar na bannaí airgid ach tuairiscíodh go mbeadh éilimh bhreise shlándála ag an tSeirbhís Rúnda ó tharla iarUachtarán a bheith i gceist.

Ar an 15 Eanáir 2024, stát ar stát, a thosóidh na toghcháin thosaigh a thabharfaidh deis do Phoblachtánaigh a rogha mar iarrthóir i dtoghchán na hUachtaránachta a phiocadh.

Ar an rogha sin atá feachtas Trump dírithe, a deirtear.

Níos mó