Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
athbhreithniu-le-diriu-ar-a-chinntiu-go-bhfuil-na-meain-ghaeilge-ag-freastal-ar-phobal-na-teanga-‘mar-ba-cheart’

Athbhreithniú le díriú ar a chinntiú go bhfuil na meáin Ghaeilge ag freastal ar phobal na teanga ‘mar ba cheart’

| Tuairisc.ie | ,

Tá tús curtha leis an athbhreithniú is cuimsithí riamh ar an soláthar Gaeilge sna meáin

Athbhreithniú le díriú ar a chinntiú go bhfuil na meáin Ghaeilge ag freastal ar phobal na teanga ‘mar ba cheart’

Rónán Ó Domhnaill

Tá tús curtha ag Coimisiún na Meán leis an athbhreithniú is cuimsithí riamh ar an soláthar Gaeilge sna meáin.

Ag cruinniú den Choiste Oireachtais Cumarsáide inné, dúirt an Coimisinéir um Fhorbairt na Meán, Rónán Ó Domhnaill, go mbeadh an t-athbhreithniú déanta roimh dheireadh na bliana seo chugainn.

Díreoidh an t-athbhreithniú, a dúirt sé, ar a chinntiú go bhfuil na meáin Ghaeilge ag freastal ar phobal na Gaeilge mar is ceart.

Féachfar chomh maith ar conas is féidir feabhas a chur ar na meáin Ghaeilge agus ar conas is féidir leo “obair níos fearr” le chéile, a dúirt Rónán Ó Domhnaill.

Díreoidh an t-athbhreithniú ar na meáin Ghaeilge chraolta agus scríofa, ar líne agus as líne, agus ar an soláthar don Ghaeilge sna meáin Bhéarla. Seo an chéad uair a ndearnadh athbhreithniú cuimsitheach dá leithéid.

Jeremy Godfrey

Ag an gcruinniú céanna den choiste Oireachtais inné, dúirt Jeremy Godfrey, Cathaoirleach Feidhmeach Choimisiún na Meán, go raibh sé tábhachtach go mbeadh ábhar Gaeilge ar ardchaighdeán ar fáil, ní hamháin d’Éirinn agus ach do dhaoine ar fud an domhain.

Scéal An Cailín Ciúin, an scannán Gaeilge a fuair áit ar ghearrliosta do ghradam Oscar, a mhúnlaigh an tuiscint sin aige nuair a bhog sé ó Shasana go hÉirinn dá phost nua, a dúirt Godfrey. “B’inspioráid mhór dom An Cailín Ciúin’ag an am,” a dúirt sé.

Meastar go ndéanfar moltaí san athbhreithniú faoi chaighdeán na seirbhísí atá ann, faoin maoiniú atá ar fáil dóibh agus faoin luach ar airgead atá á fháil uathu. Leagfar béim chomh maith ar conas éagsúlacht a chinntiú in earnáil na meán ó thaobh na Gaeilge de.

Faoi láthair cuirtear 25% de mhaoiniú Fuaim agus Fís ar leataobh do chláir Ghaeilge agus dhátheangacha. Dúirt Rónán Ó Domhnaill le Tuairisc roimhe seo go bhféadfadh go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcéatadán sin “d’fhonn é a ardú”.

Dúirt sé an uair sin chomh maith go bhféadfadh go ndéanfaidh Coimisiún na Meán athbhreithniú ag an am céanna ar an sainmhíniú ar cad is clár Gaeilge ann agus cad is clár dátheangach ann.

Níos mó