Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘an-la-leis-an-pholainn,-an-la-leis-an-daonlathas’-–-an-moramh-caillte-ag-pairti-rialtais-na-heite-deise

‘An lá leis an Pholainn, an lá leis an daonlathas’ – an móramh caillte ag páirtí rialtais na heite deise

| Tuairisc.ie | ,

Comhghuaillíocht Shibhialta na Polainne, páirtí faoi cheannas Donald Tusk, iarUachtarán an AE, réidh le deireadh a chur le hocht mbliana de rialtas PiS, páirtí na heite deise

‘An lá leis an Pholainn, an lá leis an daonlathas’ – an móramh caillte ag páirtí rialtais na heite deise

Tá Comhghuaillíocht Shibhialta na Polainne, páirtí a bhfuil Donald Tusk, iarUachtarán ar an Aontas Eorpach, i gceannas air, réidh le teacht in áit pháirtí na heite deise, an PiS [Páirtí Dlí agus Cirt] faoi cheannaireacht Jaroslaw Kaczynski.

“An lá leis an Pholainn, an lá leis an daonlathas,” a dúirt Donald Tusk le slua dá lucht tacaíochta agus iad lúcháireach faoin toradh. “Tá deireadh tagtha leis na drochlaethanta, tá deireadh le Rialtas an PiS.”

Measann oifigigh an toghcháin gur vótáil thart ar 72.9% den toghlach, an vóta is airde ó 1989 nuair a cuireadh deireadh leis an gcumannachas.

Bhí 11 both vótála oscailte sa tír seo do na Polannaigh atá ina gcónaí anseo agus vótáil na mílte díobh sa toghchán tábhachtach seo.

Léirigh an dara pobalbhreith a reáchtáladh díreach tar éis na vótála gur mór an seans gurb é páirtí Tusk a bheidh in ann comhrialtas leathan a dhéanamh leis Tríú Slí, páirtí atá ar dheis ón lár, agus le Lewica, páirtí ar an eite chlé.

Táthar ag súil go mbeidh na torthaí oifigiúla ar fáil amárach.

Dúirt Donald Tusk gurb é an toghchán seo an ceann is tábhachtaí a bhí sa Pholainn ó chlis ar an gcumannachas sa tír agus go raibh an toradh fíorthábhachtach do thodhchaí na tíre san Aontas Eorpach.

Ón eolas a léiríodh sa dara pobalbhreith sin díreach i ndiaidh na vótála, meastar gur 198 suíochán a bheadh ag an bPáirtí Dlí agus Cirt, i bhfad ón 231 suíochán a bheadh riachtanach chun móramh a bheith aige. Ní bheadh sé éasca ag an bpáirtí sin comhrialtas a chur le chéile ach oiread mar fiú dá dtiocfadh Páirtí na Cónaidhme, atá i bhfad amach ar an eite dheis, i gcomhar leis ní bheadh acu eatarthu ach 212 suíochán.

Bheadh teacht ag an bhfreasúra ar 248 suíochán.

Tá geallta ag Donald Tusk go gcuirfidh rialtas faoina cheannas féin feabhas ar chaidreamh na Polainne leis an AE agus go n-éireoidh leis an €36 billiún as Ciste Téarnaimh ón Covid an Aontais Eorpaigh a ceileadh orthu go dtí seo a fháil don tír. Aighneas idir an tAE agus páirtí PiS toisc gur breithiúna a bhí báúil leis an bpáirtí sin a ceapadh in ardchúirteanna na tíre ba chúis leis an maoiniú sin a bheith fós gan dáileadh.

Gheall an Chomhghuaillíocht Shibhialta freisin go ndéanfaí liobrálú ar dhlíthe na tíre maidir le ginmhilleadh. Sa bhliain 2021 a tugadh isteach an dlí atá ann faoi láthair a chuireann nach mór cosc iomlán ar an gcóir leighis sin.

Tá go leor cainte ann gurb é seo an toghchán is tábhachtaí ón gceann i 1989 nuair a cuireadh an daonlathas i bhfeidhm sa tír tar éis chliseadh an chumannachais, a bhí i bhfeidhm go hoifigiúil sa tír ó 1952.

Meastar go mbeidh an-tionchar ag toradh an toghcháin seo ar an tír agus gur ród nua don tír a bheidh ann go sóisialta agus ó thaobh na polaitíochta agus an chultúir.

Faoi pháirtí an PiS, cuireadh deireadh de réir a chéile le go leor de na srianta agus na cosaintí a bhíodh ann ionas go raibh smacht níos mó ag an bpáirtí ar institiúidí an stáit – na cúirteanna, na meáin phoiblí agus an próiseas toghcháin féin. Cháin lucht feachtais LGBTQ+ agus comhshaoil an páirtí chomh maith mar gheall ar a sheasamh i leith cúrsaí chearta an duine agus athraithe aeráide.

Níos mó