Tá sé deimhnithe ag Aire Stáit na Gaeltachta nach mbeidh scéim labhairt na Gaeilge á tabhairt ar ais.
Dúirt an tAire Stáit Patrick O’Donovan cheana go raibh sé ag smaoineamh ar mhacasamhail Scéim Labhairt na Gaeilge, an scéim faoina n-íoctaí €260 le teaghlaigh Ghaeltachta ina raibh labhairt na Gaeilge ag na páistí, a thabhairt ar ais.
Bhain roinnt doiléire leis an scéal ó shin, ach tá ráite go neamhbhalbh anois ag an Aire Stáit nach mbeidh an scéim ar cuireadh deireadh léi in 2011 á tabhairt ar ais.
“Níl i gceist ag mo Roinn Scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais mar a bhí sé in 2011 nuair a cuireadh deireadh leis,” a dúirt an tAire Stáit agus ceist Dála a chuir an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh á freagairt aige.
“Ó cuireadh deireadh leis an scéim seo, tá raon leathan de bhearta curtha i bhfeidhm ag mo Roinn agus faoi scáth an phróisis pleanála teanga – a tháinig i bhfeidhm ó shin – chun cabhrú le teaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó ar mhian leo é sin a dhéanamh,” arsa Aire Stáit na Gaeltachta.
I mí Feabhra seo caite, d’eagraigh Roinn na Gaeltachta “meitheal smaointeoireachta” faoi scéim a d’fhéadfadh a bheith ina “comharba” ar scéim labhairt na Gaeilge.
De réir cháipéisí inmheánacha na Roinne, a scaoileadh le Tuairisc an mhí seo caite, ní raibh aon chruinniú eile ag an meitheal smaointeoireachta ina dhiaidh sin agus níor cuireadh ar fáil aon taifead ach oiread ar aon phlé eile faoi aon mholtaí a rinne an mheitheal.
Thug Aire Stáit na Gaeltachta le fios sa ráiteas is déanaí uaidh, áfach, go raibh cruinniú ag an Roinn le Comhar Naíonraí na Gaeltachta ó rinne Tuairisc iarratas ar an eolas sin. Ar an 21 Meán Fómhair a tharla an cruinniú sin “chun na féidearthachtaí maidir le scéim nua a chíoradh”. Chomh maith leis sin, tá beartaithe ag an Roinn bualadh le grúpa d’Oifigigh Pleanála Teanga “sna seachtainí amach romhainn” chun a gcuid smaointe faoi scéim nua a phlé leo.
Bhí “iontas” agus “díomá” ar oifigigh pleanála teanga nach bhfuair siad aon chuireadh le bheith i láthair ag an gcruinniú speisialta i mí Feabhra faoi bhunú scéim nua in áit scéim labhairt na Gaeilge.
Is léir ó liosta tosaíochtaí a chuir Airí na Gaeltachta ar fáil do Tuairisc an mhí seo caite go mbeadh pé scéimeanna nua atá beartaithe acu dírithe ar chur chun cinn na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht chomh maith.