Beidh ar lucht freastail Oireachtas na Samhna i gCill Airne dúshlán na haimsire a thabhairt as seo go ceann cúpla lá mar is i gCúige Mumhan is measa a bheidh an stoirm Ciarán ag cur a cosa beaga uaithi agus díle bháistí á fógairt aici ar lucht ceoil, rince is ragairne.
Tá foláireamh buí báistí i bhfeidhm do Chiarraí ó mheán lae inné agus “múraíl throm” geallta scaití. Beidh an foláireamh seo ó Met Éireann i bhfeidhm go dtí meán lae inniu.
Cuirtear fainic ar dhaoine go bhféadfadh tuilte a bheith in áiteanna, an léargas go dona, fuarlaigh ar bhóithre agus contúirt go leor ag baint le cúrsaí taistil.
Déanfaidh an stoirm seo dá ngairtear Ciarán a bealach go deisceart na tíre seo anocht agus amárach agus bítear faoi réir le haghaidh díle bháistí agus ropadh gaoithe, go háirithe i gcúige Laighean agus i gCúige Mumhan. Sracaimsir shraimlí atá á gealladh dúinn an chuid eile den tseachtain seo.
Gruama go maith a bheidh sé maidin amárach, Déardaoin, agus beidh ráigeanna báistí in áiteanna go leor. Beidh sé gaofar ar feadh tamaill agus ropadh láidir gaoithe aniar leis an mbáisteach. Glanfaidh an bháisteach léi ó thuaidh i rith an lae agus lagfaidh an ghaoth. Sa deisceart is túisce a scalfaidh an ghrian corrthamall ach beidh múraíl scaipthe ann. Idir 9 agus 12 céim Celsius is teo a bheidh sé.
Anocht agus amárach a fheicfear neart na stoirme Ciarán i gceart, agus díle bháistí chugainn chomh maith leis an séideán gaoithe. I gCúige Mumhan agus i gCúige Laighean is tréine a bheidh an bháisteach sin, taobh tíre ina bhfuil a seacht ndícheall báistí faighte acu le tamall.
Fliuch gaofar a bheidh sé maidin amárach, Déardaoin, go háirithe san oirthear agus sa deisceart. Glanfaidh sé ón oirthear agus athróidh an ghaoth aniar aduaidh agus maolóidh sí de bheagán. Scaipfidh aimsir níos tirime agus níos gile ón taobh thiar agus an taobh ó thuaidh den tír agus scalfaidh an ghrian cé go mbeidh corrmhúr ann. Idir a 8 go 11 céim Celsius is teo a bheidh an lá.
Beidh sé gaofar oíche Déardaoin ach beidh an spéir glan scaití agus corrmhúr ann. Beidh na siotaí gaoithe aniar aduaidh sách láidir agus teocht na hoíche idir 6 agus 9 gcéim Celsius.
Lá geal agus tréimhsí gréine atá á thuar don Aoine ach níl an bháisteach tugtha fós agus beidh corrmhúr againn. Beidh an teocht idir 10 agus 12 céim agus an ghaoth aniar aduaidh agus í measartha nó tréan go maith. Tirim is mó a bheidh oíche Dé hAoine lena tús agus an teocht is ísle idir 4 agus 7 gcéim. Amach san oíche a scaipfidh an bháisteach ar fud Chúige Mumhan ón iardheisceart.
Cúige Mumhan agus Cúige Laighean a gheobhaidh an bháisteach arís ar an Satharn agus beidh sé níos tirime sa gcuid ó thuaidh den tír. Glanfaidh an bháisteach léi soir leis an tráthnóna agus tús na hoíche agus corrchith a fhanfaidh ina diaidh. Aniar aduaidh a bheidh an ghaoth agus í measartha nó sách láidir agus an teocht idir 7 agus 10 gcéim Celsius.
Lá geal feothanach gréine atá á thuar don Domhnach ach déanfaidh sé cormhúr freisin. Beidh an teocht idir 9 agus 11 gcéim Celsius agus gaoth mhaith aniar ann.