Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
cireibeacha-bhaile-atha-cliath-–-fearg-ag-dul-i-meid-le-fada

Círéibeacha Bhaile Átha Cliath – fearg ag dul i méid le fada

| Dáithí Anraí |

Lisa Nic an Bhreithimh

Ní thar oíche a cothaíodh Círéibeacha Bhaile Átha Cliath (ceithre fhocal nách dtéann le chéile i gceart i m’intinn) an 23 Samhain 2023 agus níor chuir siad iontas ar go leor dínn san ardchathair.

Bhí bunfhadhbanna sistéimeacha taobh thiar díobh. D’aithin go leor againn an difear a bhí tagtha ar an gcathair le tamall. Mhothaíomar an teannas, chualamar an fhearg ag éirí níos glórmhaire, d’aithníomar an éagsúlacht ó fiú deich mbliana ó shin. Dhá mhórfhadhb atá i gcroílár na ceiste seo: pobal faoi mhíbhuntáiste agus lucht na eite fíordheise, dhá ghrúpa atá ag dul i méid agus iad fite fuaite ina chéile ar bhealaí. ‘Brúbhruthaire’ a bhí i mBÁC le tamall a phléasc Déardaoin seo caite.

D’aithin pobail mhionlaigh é seo níos mó ná daoine eile. Mí an Mheithimh scríobh mé alt anseo inar liostáil mé ionsuithe ar dhaoine LADTA+. Labhair mé faoi bhlianta fada d’ionsuithe, ach b’uafásach go rabhadar fós ag tarlú in Éirinn 2023. Cheapfá go mbeadh cúrsaí níos fearr. D’eagraigh an lucht atá i bhfad amach ar an eite dheas léirsuithe ag leabharlanna, ag tógáil leabhar a chuidíonn le daoine óga LADTA+ teacht ar thuiscint orthu féin amach astu. Chuir siad eagla ar leabharlannaithe. Leanann siad leo ag déanamh imeaglú ar ghrúpaí pobail a chuidíonn le mionlaigh. Thuig mionlaigh go rímhaith le tamall an baol a bhain leis an mbaicle seo.

Fad is a bhí Meiriceánaigh ag ullmhú d’Fhéile an Altaithe, rinneadh ionsaí uafásach ar pháistí agus bean taobh amuigh de Ghaelscoil Choláiste Mhuire i gceartlár BhÁC. Bhí drochbhail orthu, tá ar bheirt fós. Rith daoine ón bpobal, Éireannaigh agus eile, le cuidiú agus toisc a gcrógachta, bhí na Gardaí ábalta an t-ionsaitheoir a ghabháil.

Laistigh d’uaireanta an chloig, ar shuíomhanna gréasáin meáin de chuid na heite fíordheise agus i ngrúpaí meán sóisialta, roinneadh an scéal gur eachtrannach a rinne an t-ionsaí. Is cosúil ansin gur thapaigh siad frithghníomh a spreagadh. Scaipeadh teachtaireachtaí ag insint do dhaoine dul amach chun “ár gcathair a thógáil ar ais” agus daoine as tíortha eile a ionsaí. Thuig daoine de dhath agus eachtrannaigh an baol láithreach.

Uaidh sin, bhí an chathair ina cíor thuathail don tráthnóna. Cuireadh Luas agus bus trí thine. Rinneadh fíordhamáiste do 13 shiopa agus damáiste nach beag don iliomad áiteanna eile. Gortaíodh breis is 60 Garda agus go leor daoine eile freisin. Fágadh an chathair ina praiseach agus daoine scanraithe.

Sna meáin agus sna comhráite a lean, tá ‘thugs’ agus focail níos measa á gcloisteáil go rómhinic. Níor chabhraigh caint mar seo le héinne, a mhalairt, déanann siad fíordhochair trí dhaoine a dhídhaonnú. Cuireann siad leis an deighilt agus leis an bhfearg.

Dúirt cara liom, Ruadhán, a labhair le hógchiontóirí faoi caint fhrith-LADT, go raibh an-chomhbhá acu agus, maidir le taircaisní LADTA+, dúirt siad, “Fair enough, we won’t use homophobic language. Will you ask your mates to stop calling us scumbags though?”. Tá an dídhaonnú fíorbhaolach. Spreagann sé tuilleadh corraíola.

Ba cheart a thuiscint freisin nach raibh gach duine ar na sráideanna ar na cúiseanna céanna. Bhí daoine óga tarraingthe ag an bhfuadar, rud mór ag tarlú sa chathair, gan tuiscint cheart ar na fáthanna ar eagraíodh na círéibeacha. Chonacthas é sin ar aghaidheanna na bhfear óg a bhí sa chathair, rud spraíúil a bhí ann do go leor acu, cé go bhfuil sé deacair againn sin a thuiscint i bhfianaise na ndroch-ionsuithe a rinneadh.

Dúirt an gníomhaire agus ealaíontóir Grace Dyas as Na Saoirsí, “Imagine that trauma, neglect and state violence that people in the inner city have been subjected to… like a gas leak constantly emitting into the city. Many people have smelt the gas and have called the authorities but nothing has been done… it only takes one bad actor to strategically light the match… the young men you are watching are children too, they were told they’d be given an outlet for their anger. Don’t blame them… make the ones who incited this accountable”. Tuigimid ón liosta daoine a gabhadh nach as lár na cathrach ach fíorbheagán acu siúd. Is iad daoine atá fada amach ar an eite dheas a leas an cipín.

Gortaíodh breis is 60 Garda ar an oíche. Bhí eagla nach beag orthusan agus ar a gclanna. Tá tacaíocht níos fearr de dhíth orthu. Níor cheart go gcuirfí iad i gcás den saghas sin. Ní hé réiteach na faidhbe seo ‘níos mó Gardaí’ áfach. An chiall atá leis sin ná níos mó smachta agus gabhála. Leis seo caillimid an comhthéacs agus an cúlra iomlán a bhaineann le fadhbanna ollmhóra mar seo. Is réiteach tapa éasca é do na húdaráis nach bhfuil sásta na fíorfhadhbanna a imscrúdú.

Tá réitigh fhadtéarmacha ann: deireadh a chur le heaspa dídine, tacaíochtaí agus seirbhísí a chur ar fáil do dhaoine óga sna ceantair is boichte, cúram meabhairshláinte agus go leor nithe eile freisin, mar a luaigh Blindboy Boat Club.

Caithfimid ceisteanna a chur:

Cén fáth bhfuil an oiread sin feirge ar na daoine óga seo a spreagann iad chun Luas a chur trí thine?

Cad a tharla dóibh ina n-óige – drochíde, bochtanas?

An raibh meas ag na húdaráis orthu, ar a saol?

Ar léirigh gach múinteoir meas dóibh?

Conas a bhreathnaigh daoine orthu nó ar a seoltaí baile nuair a chuaigh siad chun agallaimh?

An bhfuair daoine muinteartha leo bás le galair a mharaíonn daoine i gceantair bhochta i bhfad níos mó ná ceantair eile – asma, COPD, srl?

Ar bhain tráma lena n-óige?

De réir na tuarascála “Trauma and its contribution to violent behaviour”, “people with histories of trauma – particularly males – are at heightened risk for engaging in high risk behaviors, such as alcohol use… at increased risk for developing a personality disorder and engaging in antisocial conduct, including violent acts.” Ní leithscéal é an tráma don fhoréigean ach míniú.

Tá tuismitheoirí, múinteoirí agus daoine eile den scoth ann a dhéanann daoine óga i gceantair faoi mhíbhuntáiste a spreagadh agus cúnamh agus tacaíocht a thabhairt dóibh, ach ag pointí áirithe ina saol, bíonn drocheispéris ag tromlach na ndaoine óga seo agus cé muidne – a bhfuil pribhléidí oideachais, eacnamaíochta nó tacaíochta sa mbaile againn – chun a gcuid feirge a cheistiú?

Dúirt an Seanadóir Lynn Ruane, “Remember structural violence is insidious and because it’s somewhat invisible compared to flaming cars doesn’t mean it hasn’t burnt the fabric of working classes for generations… It is in cultivating empathy that recognition between groups can create a society (with) no winners or losers.”

Tá go leor le foghlaim ó Chíréibeacha BhÁC – agus go leor machnaimh le déanamh chun uafáis mar seo a sheachaint amach anseo.

Níos mó