Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
olluaigh-a-cartadh-ag-an-ospideal-is-mo-in-gaza 

Olluaigh á cartadh ag an ospidéal is mó in Gaza 

| Tuairisc.ie | ,

Tá olluaigh á cartadh ag an ospidéal is mó in Gaza chun os cionn 170 corpán ar fad a adhlacadh.

Fad agus é ina throid le roinnt laethanta idir saighdiúirí Iosrael agus Hamas, tá lucht leighis agus othair sáinnithe i bpríomh-ospidéal Gaza.

Dúirt an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte gur “beagnach reilig” atá in Ospidéal Al-Shifa anois agus corpáin na marbh ag carnadh taobh istigh agus taobh amuigh de.

Dúirt urlabhraí na Náisiún Aontaithe gur bhásaigh naíonáin a saolaíodh go hanabaí agus 45 othar a raibh tinneas duáin orthu agus a bhí ag brath ar scagdhealú le forás a dhéanamh. Cheal aibhléise, ní raibh an lucht leighis in ann an chóir leighis chuí a chur ar fáil dóibh.

Dúirt na húdaráis sláinte in Gaza go bhfuil thart ar thrí dhosaen naíonán in ospidéal Al-Shifa atá i mbaol toisc gan an breosla ar fáil dóibh chun an leictreachas a ghiniúint leis na goradáin a theastaíonn ó na naíonáin leochaileacha sin a rith.

Bhí tuairiscí ag an BBC go raibh olluaigh á cartadh ag an ospidéal chun 170 corpán ar fad a adhlacadh ansin le chéile.

Tá sé á mhaíomh i gcónaí ag údaráis Iosrael gur thíos faoin ospidéal sin atá ceanncheathrú Hamas, rud atá séanta ag Hamas agus ag na dochtúirí in al-Shifa.

Tá trúpaí Iosrael ag teannadh le geataí an ospidéil faoin tráth seo agus is amhlaidh atáthar ag géarú ar an troid.

Tá laethanta anois ann ó gearradh an soláthar leictreachais go dtí ospidéal Al-Shifa agus iad ag brath ar an soláthar grianchumhachta ach ionsaithe déanta ar an díon freisin. Níl Iosrael ag ceadú aon bhreosla a thabhairt isteach go Gaza agus iad ag áitiú go bhfuil stór maith breosla ag Hamas.

Dúirt Joe Biden, Uachtarán na Stát Aontaithe, “go gcaithfí ospidéal Al-Shifa a choinneáil slán” agus é ina chogadh dearg lena ais i gCathair Gaza.

Dúirt an eagraíocht neamhrialtasach idirnáisiúnta, Faireachas Chearta an Duine, gur cheart ionsaithe Iosrael ar ionaid leighis, lucht leighis agus otharchairr in Gaza “a fhiosrú mar choireanna cogaidh”. Séanann Iosrael go ndearna siad aon ionsaithe ar ospidéil.

Tá rabhadh tugtha ag eagraíochtaí fóirithinte agus ag dochtúirí go bhfuil páistí agus daoine atá go dona tinn i mbaol báis de bharr nach bhfuil aon bhreosla ag an ospidéal agus go bhfuil an soláthar bia agus uisce ag éirí an-ghann.

“Níl aon ghineadóirí ag obair san ospidéal anois mar teastaíonn breosla ó ghineadóirí. Níl bia, uisce, leictreachas ná breosla ar bith againn anseo in Al-Shifa agus muid ag iarraidh cóir leighis a chur ar dhaoine atá leonta,” a dúirt Munir al-Boursh, dochtúir atá freisin ina Fho-Rúnaí Stáit i Roinn Sláinte na Palaistíne agus é istigh in ospidéal Dar al-Shifa.

“Ní féidir linn déileáil leis an bplód mór othar seo. Má thagann daoine go dtí an t-ospidéal, ní féidir linn a dhath a dhéanamh dóibh.”

Dúirt an Dr Munir al-Boursh go raibh 110 corpán amach os comhair an ospidéil, cuid díobh i gcuisneoir nach bhfuil ag obair cheal aibhléise, gan aon aibhléis sa mharbhlann ach oiread agus cuid díobh eile fágtha sa spás oscailte taobh amuigh den aonad éigeandála.

“D’fhéadfadh galair scaipeadh ón scéal tubaisteach seo,” a dúirt sé.

Dúirt údaráis mhíleata Iosrael go bhfuil siad ag moladh arís eile do na Palaistínigh atá fós i dtuaisceart Ghaza bogadh leo ó dheas ar an “mbóthar sábháilte” atá socraithe dóibh, sin bóthar mór Salah al-Din.

Measann na Náisiúin Aontaithe go bhfuil thart ar 200,000 duine tar éis dul ó dheas ar an mbóthar sin. Tá na céadta míle duine fós ina gcónaí sa tuaisceart, cuid acu nach bhfuil ábalta taisteal ó dheas agus cuid eile nach bhfuil toilteanach a n-áit nó a muintir féin a fhágáil.

Níos mó