Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
tionchar-eire-aontaithe-ar-an-ngaeltacht-le-ple-ag-tionol-de-chuid-shinn-fein

Tionchar Éire Aontaithe ar an nGaeltacht le plé ag tionól de chuid Shinn Féin

| tuairisc | , ,

Deir Sinn Féin go dtabharfaidh an tionól deis do mhuintir Chonamara an tionchar a bheadh ag Éirinn Aontaithe ar an nGaeltacht a phlé agus a gcuid tuairimí a thabhairt

Tionchar Éire Aontaithe ar an nGaeltacht le plé ag tionól de chuid Shinn Féin

Tá tionól maidir leis an tionchar a bheadh ag Éirinn Aontaithe ar an nGaeltacht le reáchtáil ag Sinn Féin i gConamara ag deireadh na míosa seo.

Tá sé fógartha go mbeidh Uachtarán Shinn Féin, an Teachta Dála Mary Lou McDonald, agus Teachta Dála ó Ghaillimh Thiar, Mairéad Farrell, i láthair ag an gcruinniú a bheidh ar siúl ar an gCeathrú Rua ar an 27 Samhain.

Deir Sinn Féin go dtabharfaidh an tionól deis do mhuintir Chonamara plé a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag Éirinn Aontaithe ar an nGaeltacht agus a gcuid tuairimí a thabhairt.

Tá seisiún plé le reáchtáil mar chuid den ócáid mar a mbeidh an ceoltóir agus feachtasóir Breanndán Ó Beaglaoich, Róisín Ní Chinnéide ó Chonradh na Gaeilge agus an gníomhaí pobail Máirín Ní Choisdealbha-Seoige ar an bpainéal. Cuirfidh an craoltóir agus colúnaí de chuid Tuairisc Máirín Ní Ghadhra an plé i láthair.

Deir Sinn Féin go bhfuil sé i gceist tionóil a reáchtáil i gceantair Ghaeltachta eile chomh maith.

Is í an ócáid ar an gCeathrú Rua an chéad tionól ag Sinn Féin ar an ábhar seo a reáchtálfar trí Ghaeilge agus dúirt Mary Lou McDonald go raibh sí ag súil le “[h]ócáid den scoth is comhrá bríomhar”.

“Beidh na torthaí agus na tuairimí ag teacht as á scaipeadh go forleathan i measc an phobail san fheachtas tábhachtach stairiúil seo,” a dúirt sí.

Dúirt Mairéad Farrell gur deis atá sa tionól do phobal Chonamara teacht le chéile agus “an fhís atá acu don Éire Nua a roinnt”.

“Tá a lán daoine ann le tuairimí maidir le conas is féidir leis an tsochaí freastal níos fearr ar riachtanais an phobail, agus is fíor sin go háirithe i gcás ár gceantair Ghaeltachta.”

Tá tionóil maidir le hÉire Aontaithe reáchtáilte cheana féin ag Sinn Féin i mBéal Feirste, i mBaile Átha Cliath, i nDún na nGall, i nDoire, i bPort Láirge agus i gcontae Lú.

Tá sé i gceist ag an bpáirtí chomh maith tionóil ar leith a reáchtáil do mhná agus do dhaoine óga.

Creideann Sinn Féin gur gá do Rialtas na hÉireann Tionól Saoránach a eagrú chun na nithe a bhainfeadh le hÉire Aontaithe a phlé.

Iadsan ar mhaith leo freastal ar an tionól a reáchtálfar Dé Luain, 27 Samhain, is féidir leo clárú anseo.

Níos mó