Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
tograi-gaeltachta-o-dhun-na-ngall,-ciarrai,-gaillimh-agus-maigh-eo-ainmnithe-do-ghradaim-nua

Tograí Gaeltachta ó Dhún na nGall, Ciarraí, Gaillimh agus Maigh Eo ainmnithe do ghradaim nua

| tuairisc | , ,

Tá comórtas nua, Gradaim na Gaeltachta, á reáchtáil ag an Údarás den chéad uair i mbliana agus beagnach 30 togra ar fad roghnaithe ar na gearrliostaí i sé rannóg ar leith

Tograí Gaeltachta ó Dhún na nGall, Ciarraí, Gaillimh agus Maigh Eo ainmnithe do ghradaim nua

Tá tograí de chuid eagraíochtaí pobail agus coistí deonacha ar fud na Gaeltachta ainmnithe ar ghearrliosta do ghradaim nua ag Údarás na Gaeltachta.

Tá comórtas nua, Gradaim na Gaeltachta, á reáchtáil ag an Údarás den chéad uair i mbliana agus beagnach 30 togra ar fad roghnaithe ar na gearrliostaí i sé rannóg ar leith.

Díríonn ceann de na gradaim nua ar an obair atá á déanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga ‘Ghlúin Z’ na Gaeltachta agus tá cúig cinn de thograí ó cheantair Ghaeltachta na Mumhan, Chonnacht/Laighean agus Uladh ainmnithe ar an ngearrliosta.

Ó dheas, tá aitheantas tugtha don togra ‘Aistear na hÓige’, cúrsa samhraidh nua a thugann déagóirí ó Ghaeltachtaí éagsúla le chéile agus a reáchtáil Coláistí Chorca Dhuibhne i mbliana. San iarthar, ta Ceoltóirí Óga Chois Fharraige agus Tuismitheoirí na Gaeltachta, Gaillimh ainmnithe as na deiseanna a chuireann siad ar fáil do dhaoine óga ceol, amhráin agus damhsa a shaothrú. Tá dhá thogra eile i nDún na nGall – an Scoil Cheoil Thraidisiúnta ag Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair agus an togra Preab san Úir ag an Lárionad Acmhainní Nádúrtha ar an bhFál Carrach a spreagann tuiscint ar an athrú aeráide – ar an ngearrliosta do thogra Glúin Z na Gaeltachta chomh maith.

Tá catagóir eile mar chuid de na gradaim a bhaineann le fiontraíocht shóisialta, le turasóireacht, leis an timpeallacht agus le seirbhísí sóisialta pobail.

Tá duais ar leith don togra is fearr ó choiste pobail deonach sna trí réigiún Gaeltachta (Connachta/Laighin, Mumha agus Ulaidh) aguis bedh na buaiteoirí réigiúnacha ag fáil duais €1,000, mar aon le bheith san áireamh don mórghradam náisiúnta do thogra coiste pobail deonach.

Deir Údarás na Gaeltachta go mbeidh aird ar leith sa bpróiseas moltóireachta ar chúrsaí teanga agus ar chumas na dtograí an Ghaeilge a neartú agus a chur chun cinn.

Dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Pobail Réigiúnaí agus Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta:

“Tá an-ríméad orainn faoi líon agus faoi chaighdeán na n-iarratas a fuair muid sna catagóirí éagsúla. Is iontach an deis í seo le breis eolais a thabhairt don phobal faoi na tograí suimiúla nuálacha atá á gcur chun cinn sna pobail Ghaeltachta. Tá an-obair á déanamh ag coistí agus eagraíochtaí pobail agus is pribhléid dúinn a bheith in ann tacú leo san obair sin.”

Beidh mór-ócáid Ghradaim na Gaeltachta agus bronnadh na ngradam náisiúnta ar bun in Óstán Chois Fharraige, Conamara, ar an 30 Samhain.

Níos mó