Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ardu-32%-ar-lion-na-ndaltai-ata-ag-fail-a-gcuid-oideachais-tri-ghaeilge-sa-tuaisceart

Ardú 32% ar líon na ndaltaí atá ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge sa Tuaisceart

| Meabh Ni Thuathalain | ,

Ardú 32% ar líon na ndaltaí atá ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge sa Tuaisceart – tuarascáil

Ardú 32% ar líon na ndaltaí atá ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge sa Tuaisceart

Tá ardú 32% tagtha ar líon na ndaltaí atá ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge sa Tuaisceart le hocht mbliana anuas agus gá le tuilleadh tacaíochta don earnáil le freastal ar an éileamh, a deirtear i dtuarascáil nua.

Dírítear aird sa taighde, a coimisiúnaíodh mar chuid den socrú a rinneadh faoi New Decade, New Approach in 2020, ar na deacrachtaí atá roimh an Ghaeloideachas ó thuaidh, ina measc an easpa cóiríochta, an ganntan soláthar múinteoirí agus acmhainní.

Deirtear in Infheistiú i dTodhchaí Níos Fearr: An tAthbhreithniú Neamhspleách ar an Oideachas i dTuaisceart Éireann, go bhfuil “suim ag méadú san oideachas lán-Ghaeilge” le blianta beaga anuas agus tuilleadh éilimh ar an earnáil.

Moltar go dtiocfaí ar bhealaí nua le hoiliúint a chur ar chainteoirí Gaeilge ar mian le dul ag múineadh agus an teanga a theagasc do mhúinteoirí ar mian leo í a fhoghlaim chun an t-éileamh a shásamh.

Tá “conairí nua iontrála de dhíth do Ghaeilgeoirí nach bhfuil cáilíochtaí teagaisc acu” agus “do mhúinteoirí a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge”, a deirtear.

Deirtear chomh maith go bhfuil sé “tábhachtach” go dtugtar faoi “riachtanais chóiríochta na hearnála, go háirithe in áiteanna ar léir an t-éileamh”.

Ó 2012 tá méadú 66% tagtha ar líon na ndaltaí atá cláraithe faoin chóras Riachtanas Speisialta Oideachais (SEN) agus dírítear aird ar leith sa tuarascáil ar na bearnaí atá sa réimse sin.

Tá moltaí ann faoi na tacaíochtaí breise atá de dhíth ar dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta acu.

Maidir leis an Ghaeloideachas, deirtear go bhfuil gá le sainseirbhísí chun tacú le daltaí a bhfuil riachtanas speisialta oideachais acu lena chinntiú go ndéanfar aon bhac a bhaineann le cúrsaí teanga a shárú.

Deirtear sa tuarascáil gur “cuid lárnach luachmhar” í an earnáil lán-Ghaeilge den chóras oideachais ó thuaidh agus moltar an cur chuige sin.

“Cuireann sí deis riachtanach ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge. Earnáil bheag í, ach í ag méadú go seasmhach ó 2015/16, agus méadú 32.3% (go 2022/23) le 8 mbliana anuas,” a deirtear.

Deirtear freisin sa tuarascáil seo a dhíríonn ar an chóras oideachais ó thuaidh trí chéile, nach bhfuil dóthain á dhéanamh ag an chóras oideachais chun cur i gcoinne an scoilt atá sa phobal sa tuaisceart.

“D’fhéadfaí, agus is gá go ndéanfaí níos mó lena chinntiú go mbíonn foghlaimeoirí ó chúlraí éagsúla ag foghlaim sa seomra ranga céanna,” a deirtear.

In aighneacht Chomhairle na Gaeltachta a foilsíodh sa tuarascáil, deirtear gur eiseamláir don chóras trí chéile atá san earnáil lán-Ghaeilge, toisc an bhéim atá aige ar an éagsúlacht agus ar fháilte a chur roimh gach duine.

Níos mó