Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
comhairle-carad:-seasur-an-bhru

Comhairle Carad: Séasúr an Bhrú

| kathryn ni mhaolain | ,

Séasúr seafóideach, séasúr an teaghlaigh, séasúr na mbronntanas… is breá liom aimsir na Nollag. Bíonn soilse sna cathracha, bíonn an tine lasta agus bíonn deis againn teacht le chéile le cairde nach bhfaca muid ó bhí an t-am seo anuraidh ann. Ach ní chiallaíonn sin gur séasúr gan dúshláin é.

Tá brú orainn na bronntanais is fearr a cheannach, tá brú orainn bualadh le gach duine agus dul ar gach oíche amuigh – gan trácht ar an bhrú agus ar an teannas teaghlaigh. Clúdaítear sin ar fad i gceisteanna na seachtaine seo…

Cian, 21
Gan amhras tá an Nollaig buailte linn arís, tréimhse ghalánta lán le fuinneamh, spórt is spraoi ach i mo bharúil féin, bíonn sé sách dúshlánach sos oiriúnach a ghlacadh. Mothaím ciontach mar braithimse go bhfuil sé de dhualgas orm a bheith fiúntach i gcónaí. Cén dóigh is fearr chun an fhadhb seo a shárú i rith na bpléarácaí i mbliana?

Cé gur aimsir ghalánta í an Nollaig, tuigim do chás. Ar bhealach, tá deis againn sos a ghlacadh. Ar bhealach eile, tá orainn a bheith an-sóisialta, agus ar bhealach eile, bíonn sé deacair an sos sin a ghlacadh!

Má tá sé de nós agat a bheith gnóthach agus ag rith an t-am ar fad ar obair nó ar an ollscoil, bheadh sé ina smaoineamh maith cineál de ‘sceideal’ a chur le chéile thar an Nollaig leis na himeachtaí deasa ann, agus fosta, le ham duit féin curtha san áireamh. Bíodh sin siúlóid le podchraoladh, folcadh, am le léamh, dul fá choinne caife leat féin, nó fiú am sa leaba ag doomscrolláil – déan cinnte go bhfuil sin mar chuid den phlean.

Idir cairde, teaghlach, agus obair atá ag fanacht linn sa bhliain úr, is dúshlán é am a aimsiú dúinn féin lenár bhfuinneamh a chothú agus ligean dúinn féin gan a bheith ‘fiúntach’. Ach cuimhnigh, le do thoil, gur rud an-fiúntach é an scíth. Ní féidir leat feidhmiú gan fuinneamh! Mar sin, múch an t-aláram, bí i do luí agus ith do sháith. Tá ag éirí go breá leat.

M, 24
Ba mhaith liom bronntanas Nollag maith a cheannach do mháthair mo bhuachalla. Thosaigh muid ag siúl amach lena chéile i mí an Mhárta agus réitím go maith leis an teaghlach. Dúirt mo bhuachaill go mbeidh sí ag fáil bronntanas dom ach tá sé iontach deacair smaoineamh ar rud le fáil di. Ní maith léi coinnle, ní ólann sí, ní chaitheann sí smideadh… Cuidigh ldt!

Tuigim do phian – de ghnáth nuair atá muid ag iarraidh rud deas a cheannach do mháithreacha, smaoiníonn muid ar fhíon, ar choinnle, ar gach rud nach maith le máthair do bhuachalla de réir cosúlachtaí! Níor luaigh tú caitheamh aimsire ar bith, mar sin, tabharfaidh mé cúpla moladh ginearálta, ach is fiú smaoineamh air sin, agus anuas air sin, an maith léi scannáin/ceol/éadaí ar leith?

Ag an staid seo agus an Nollaig ag teannadh linn go gasta, ní féidir brath ar aon rud a ordú ar líne. Mar sin, cad é a cheannaíonn tú don duine a bhfuil gach rud acu, ar féidir a é fháil i siopa san fhíorshaol?! Tá sé de nós ag mo mhamaí tuáillí deasa a cheannach do dhaoine – rud nach bhfaigheann daoine dóibh féin de ghnáth, agus rud a chuirfidh feabhas ar a saol laethúil. Chuirfinn ar a bharr sin, braillíní leapa ar ardchaighdeán. Cheannaigh mé féin braillíní cadás Éigipteach ar na mallaibh, agus tá mo chaighdeán codlata éirithe MÍLE uair níos fearr. (Seans go síleann tú go bhfuil sin leadránach agus tú 24, ach geallaim duit, déanann sé difear suntasach.)

Ní féidir dul ar strae le dearbhán béile ach oiread. An maith léi bialann ar leith? Má tá pairtnéir aici, thiocfadh leis an bheirt acu dul amach, nó cara a thógáil, nó thiocfadh leatsa agus do bhuachaill dul don dinnéar léi. Ní gá ach bualadh isteach chuig an bhialann sin agus beidh tú réidh taobh istigh de chúpla bomaite.

Taitníonn sé liom rudaí Nollaigiúla a fháil do dhaoine um Nollaig: maisiúcháin a bheas acu go deo, bláthanna Nollaigiúla nó fiú ciseán de bhia agus smailceanna Nollag.

Cibé rud a fhaigheann tú, mholfainn i gcónaí, i gcónaí, tobán milseán a fháil le dul leis. Bheadh sé dímhúinte gan é. (Mar eolas, is fearr liom féin Roses.)

G, 19
Bhog mé ar shiúl ón mbaile don choláiste i mbliana, agus táim ag dul ar ais abhaile don Nollaig, an chéad uair a bheidh mé sa bhaile ó mhí Lúnasa. Tá imní orm mar ní réitím go rómhaith le mo theaghlach agus ceapaim go mbeidh argóintí ann ag an Nollaig.

Bíonn imní ar go leor daoine ar an chúis chéanna ag an am seo bliana. An t-aon rud a déarfainn anseo ná gur gá tosaíocht a dhéanamh. Cad é atá níos tábhachtaí duit: caidreamh a chothú le do theaghlach, nó an ceart a bheith agat agus an focal deireanach a fháil? Go minic, is é an caidreamh an rud is tábhachtaí (ach tuigim ag an am chéanna nach bhfuil sin fíor i ngach cás agus go dtagann pointe nach féidir caidreamh teaghlaigh a chothú a thuilleadh. Glacaim leis nach bhfuil sé imithe chomh fada leis sin i do chás ar an ábhar go bhfuil tú ag pilleadh don Nollaig).

An cleas atá agam féin nuair atá teannas ann nó nuair a mhothaím go bhfuil argóint ag teacht, ná an seomra a fhágáil. Simplí ach éifeachtach – ní féidir le haon duine troid leat muna bhfuil tú ann! Tá sé tábhachtach, áfach, é seo a dhéanamh ar bhealach nach bhfuil ródhrámatúil ionas nach dtig le daoine a rá gur imigh tú go feargach. Abair go bhfuil tú ag dul chuig an leithreas, ar siúlóid, nó chuig ciúnas do sheomra. Bíonn spás de dhíth ar gach duine, go háirithe ag an Nollaig!

Is fiú cúpla teorann a leagan síos le do theaghlach má mhothaíonn tú compordach leis sin. Thig leis seo a bheith iontach simplí agus ní gá go mbeadh sé ina comhrá ollmhór – díreach a rá, go stuama agus go muiníneach, “níor mhaith liom labhairt faoi sin”, nó, “le do thoil, ná habair rudaí mar sin”. Tá an dóigh a ndéanann tú seo ar an rud is tábhachtaí. Ná bí feargach, ná scairt – stuama agus muiníneach.

Níl sé furasta teorainn a chur síos agus níl sé furasta iad a choinneáil ach is fiú go mór é. Tá súil agam go mbeidh Nollaig shona shuaimhneach agat.

 

Tá fáilte i gcónaí roimh cheisteanna de gach cineál ar Chomhairle Carad. Más mian leat comhairle a fháil, líon an fhoirm anaithnid seo.

____________________________________________________________

Tugann Kathryn comhairle gach seachtain ar an tsaol, an tsláinte, an grá agus níos mó. Is féidir a cuid freagraí a léamh sna colúin eile Comhairle Carad thíos.

Comhairle Carad: Gréasán Greamaitheach an Ghrá

Comhairle Carad: An bhfuil glasraí ‘fulangach-ionsaitheach’?

The post Comhairle Carad: Séasúr an Bhrú appeared first on NÓS.

Níos mó