Tá níos mó ná duine as gach seisear Astrálach in Éirinn in ann an Ghaeilge a labhairt, de réir Dhaonáireamh 2022.
De réir figiúirí a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh inniu, tá 15% de na hAstrálaigh os cionn trí bliana d’aois in Éirinn ina gcainteoirí Gaeilge agus bhí Polannaigh, Laitviaigh, Liotuánaigh agus Sínigh i measc na saoránach neamh-Éireannach eile a raibh an sciar is mó díobh ina gcainteoirí Gaeilge.
Thug 501 den bhreis is 3,000 Astrálach a bhfuil cónaí orthu sa tír seo le fios sa daonáireamh go bhfuil Gaeilge acu. Dúirt 23 duine acu, thart ar 5%, go labhraíonn siad an Ghaeilge go laethúil lasmuigh den chóras oideachais, dúirt 33 duine eile go labhraíonn siad í go seachtainiúil lasmuigh den chóras oideachais agus 119 eile nach labhraíonn siad chomh minic sin í. Tugadh le fios go labhraíonn 213 duine den 501 Astrálach atá ina nGaeilgeoirí, nó 42%, an teanga sa chóras oideachais amháin.
De na saoránaigh as tíortha eile, Polannaigh is mó a labhraíonn an Ghaeilge lasmuigh den chóras oideachais. Bhí 214 Polannach a dúirt i nDaonáireamh 2022 gur labhair siad an Ghaeilge ar bhonn laethúil lasmuigh den chóras oideachais. Bhí 10,838 Polannach a dúirt go raibh Gaeilge acu, 13% den daonra Polannach os cionn trí bliana d’aois sa Stát.
Cainteoirí Gaeilge iad 13% freisin de na Liotuánaigh atá ina gcónaí in Éirinn, dae réir figiúirí an CSO. 12% a bhí i gceist le saoránaigh de chuid na Laitvia agus 11% a bhí i gceist i dtaobh phobal na Síne sa stát seo. 10% de na Meiriceánaigh atá anseo agus 8% de na Sasanaigh atá ina gcainteoirí Gaeilge.
Saoránacht | Gaeilgeoirí ar fad | Gach Lá | Gach Seachtain | % |
---|---|---|---|---|
An Astráil | 501 | 23 | 33 | 15% |
an Pholainn | 10,838 | 214 | 470 | 13% |
an Laitvia | 2,114 | 36 | 131 | 13% |
an Liotuáin | 3,318 | 46 | 192 | 12% |
An tSín | 1,302 | 22 | 87 | 11% |
Tíortha eile | 559 | 22 | 39 | 11% |
An Rómáin | 3,895 | 187 | 348 | 10% |
an Afraic | 3,269 | 37 | 150 | 10% |
Stáit Aontaithe Mheiriceá | 1,763 | 104 | 156 | 10% |
an Chróit | 1,203 | 48 | 51 | 9% |
Gach tír seachas Éire | 51,953 | 1,457 | 3,108 | 9% |