Tá plean ag Foras na Gaeilge ionad léirmhínithe nua don Ghaeilge a bhunú i lár chathair Bhéal Feirste, ionad a bheadh dírithe ar dhaoine nach bhfuil eolas acu faoin teanga.
De réir eolais nua ó mhiontuairiscí Bhord an Fhorais, lorgaíodh cruinniú le Stát Rúnaí Thuaisceart Éireann chun ceist an ionaid Ghaeilge nua a phlé.
Deirtear sna miontuairiscí gur ionad “léirmhínithe” a bheadh san fhorbairt nua, a mbeadh a “bpríomhfhócas” dírithe “ar phobail nach bhfuil rochtain acu ar an Ghaeilge faoi láthair”.
Dheimhnigh urlabhraí ó Fhoras na Gaeilge go raibh plean ann lárionad Gaeilge a bhunú i gcathair Bhéal Feirste, ionad a rachadh i ngleic leis an “mór-easpa eolais” faoin teanga atá “i measc an phobail i gcoitinne” ó thuaidh.
“Aithnítear go bhfuil mór-easpa eolais i measc mhórchuid an phobail ó thuaidh maidir le gach gné den Ghaeilge, agus go bhféadfaí lárionad míniúcháin cur go mór le tuiscintí agus feasacht i measc an phobail i gcoitinne ar thábhacht na Gaeilge, ar a hoidhreacht, ar a hábharthacht don tsochaí ar an oileán,” a dúirt urlabhraí Fhoras na Gaeilge.
De réir na miontuairiscí, tá “roinnt fiosruithe ardleibhéil” déanta ag an Fhoras maidir le bunú an ionaid Ghaeilge nua i mBéal Feirste.
Deirtear i miontuairiscí chruinniú Bhord an Fhorais i mí Aibreáin seo caite gur faoi Chiste an Oileáin Chomhroinnte a bheadh an t-ionad á bhunú agus gur “dócha gur foirgneamh ar cíos” a bheadh ann “seachas foirgneamh ceannaithe”.
Dúradh ag an chruinniú céanna go mbeadh “costais reatha bhreise” i gceist leis an ionad Gaeilge nua “nach bhfuil” i mbuiséad an Fhorais faoi láthair.
De réir na miontuairiscí, lorgaíodh cruinniú i rith an tsamhraidh le hoifigigh ó Aonad an Oileáin Chomhroinnte “i dtreo iarratas a dhéanamh roimh an Nollaig”.
Deirtear chomh maith gur scríobh Cathaoirleach Bhord Fhoras na Gaeilge chuig an Rúnaí Stáit ó thuaidh le cruinniú a lorg leis faoin ionad Gaeilge nua.
Tuairiscíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo caite go raibh cruinniú á lorg ag Foras na Gaeilge leis an Taoiseach chun todhchaí na heagraíochta teanga mar eagraíocht thrasteorann a phlé.