Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘leiriu-e-ar-chur-chuige-an-taoisigh-nua-i-leith-na-gaeilge-gur-scaoil-se-le-haireacht-na-gaeltachta-o-fhine-gael’-–-sinn-fein

‘Léiriú é ar chur chuige an Taoisigh nua i leith na Gaeilge gur scaoil sé le haireacht na Gaeltachta ó Fhine Gael’ – Sinn Féin

| Padraic O Ciardha | ,

Tá ráite ag an bhfreasúra gur droch-chomhartha é ar mheon an Taoisigh nua i leith na Gaeilge go raibh sé sásta scaoileadh le haireacht na Gaeltachta chomh luath is a tháinig sé i gcumhacht.

Fógraíodh inné go bhfuil an Teachta Dála Thomas Byrne ó Fhianna Fáil ceaptha mar Aire Stáit na Gaeltachta in ainneoin gur ag Fine Gael, páirtí an Taoisigh Simon Harris, a bhí an cúram roimhe sin.

Meastar go raibh baint ag a laghad Teachtaí Dála atá ag Fine Gael a bhfuil Gaeilge líofa acu leis an gcinneadh cúram na Gaeltachta a scaradh ó chúram an OPW agus é a bhronnadh ar Byrne, a bhí ina Aire Stáit don Spórt sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán cheana féin.

Ar ndóigh rinne Fine Gael cinneadh roimhe seo an fhreagracht don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a thabhairt do Theachta nach raibh líofacht sa teanga aige ag an am, mar a rinneadh le ceapacháin Joe McHugh agus Patrick O’Donovan.

Deir urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, an Teachta Aengus Ó Snodaigh, go bhfuil an Ghaeilge á fágáil “in áit na leathphingine” cheana féin ag Simon Harris.

“Léiriú ar chur chuige an Taoisigh nua i leith na Gaeilge é gur ceann de na chéad chinntí a ghlac sé fáil réidh le haireacht na Gaeltachta ó Fhine Gael,” a dúirt Ó Snodaigh le Tuairisc.

Dar leis is easpa measa ar an teanga an chúis nach é amháin nach raibh cúraimí na Gaeltachta le cur ar aire sinsearach ach go raibh an aireacht stáit don Ghaeltacht ar an gceann deireanach a deimhníodh i measc na gceapachán nua.

Dúirt Ó Snodaigh go raibh an t-iarAire Stáit Patrick O’Donovan, atá ceaptha ina Aire Ardoideachais, tar éis Roinn na Gaeltachta a fhágáil agus gan an reachtaíocht a bheith réidh chun toghcháin Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais agus gan Scéim Labhairt na Gaeilge, nó a mhacasamhail, a thabhairt ar ais, mar a bhí geallta.

“Tá a lán ceisteanna móra ar gá don aire nua díriú isteach orthu ach beidh a fhios againn laistigh de chúpla seachtain an mbeidh seisean dáiríre faoin nGaeilge, mar ní raibh an rialtas dáiríre go dtí seo.”

Agus é ag labhairt ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge i dTeach Laighean inné, dúirt an t-iarAire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, go raibh súil aige go bhfeicfí Bille Údarás na Gaeltachta “go luath” agus Thomas Byrne ag teacht i gcomharbacht ar Patrick O’Donovan.

Dúirt Byrne inné go raibh géarchéim teanga ann sa Ghaeltacht agus go raibh sé ag iarraidh dul i ngleic léi.

‘Tá géarchéim teanga sa Ghaeltacht, níl aon dabht faoi sin’ – Aire Stáit nua na Gaeltachta

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh cheapachán Byrne agus dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, gur fear é a bhfuil cur amach aige ar na dúshláin atá ann ó thaobh na Gaeilge.

“Cé go rabhamar ag lorg aire sinsearach a bheadh ag plé leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht, agus go bhfuil sé sin fós mar éileamh leanúnach againn roimh an olltoghchán, cuireann muid fáilte roimh cheapachán Thomas Byrne,” a dúirt de Spáinn.

“Is duine é a bhfuil muid ag plé leis le roinnt mhaith blianta. Tá tuiscint aige ar chuid mhaith de na ceisteanna a bhaineann leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht agus tá muid ag súil le bheith ag obair leis go luath.”

Cé nach bhfuair an Conradh aon sásamh ar na héilimh a rinne siad ar Simon Harris sular ceapadh é, dúirt de Spáinn go raibh cruinniú fiúntach acu leis ag Ard-Fheis Fhine Gael i nGaillimh ag an deireadh seachtaine.

Bhí cúrsaí maoinithe, tithíocht sa Ghaeltacht agus an Ghaeilge sa chóras oideachais i measc na n-ábhar a phléigh Conradh na Gaeilge le Harris.

“An rud is suntasaí nuair a bhí muid ag labhairt leis ná gur dhúirt sé go raibh sé chun bualadh linn arís agus tá muid chun oibriú ar phlean oibre le chéile do roinnt gníomhartha,” a dúirt de Spáinn.

Bhí ionadaithe ó Ghaillimh le Gaeilge agus Oifigigh Pleanála Teanga i láthair ag an gcruinniú sin le Simon Harris chomh maith.

Níos mó