Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
aistear-alainn-meallacach-e-‘do-shamhlaigh-me-tir-nua…’-le-macdara-o-faolain

Aistear álainn meallacach é ‘Do Shamhlaigh Mé Tír Nua…’ le Macdara Ó Faoláin

| conor torboid | ,

Féirín a bhronn Macdara Ó Faoláin orainn maidin Luain é an EP úr Do Shamhlaigh Mé Tír Nua…, eisithe mar réamhtheachtaí ar an chéad albam aonair leis an Déiseach atá le teacht san fhómhar. D’oibrigh an t-amhránaí, a bhfuil bua ar leith aige le téaduirlisí, leis an chumadóir Cormac McCarthy ar an dá thogra ach cé go dtagann “ceol na heisiúna seo ón domhan céanna leis an albam,” is iad cóirithe aonair agus strumáil an Fhaolánaigh a sheasann amach chun tosaigh anseo. Agus nach orainne atá an t-ádh.

Tosaíonn Do Shamhlaigh Mé Tír Nua… amach le strumáil éadrom a chuirfeadh aon duine ar a shuaimhneas mar a bheadh fáilte rompu suí agus oíche airneáil a chaitheamh cois tine. Ach nuair a chéadchluineann siad guth Mhacdara, tuigfidh siad nach suaimhneas amháin atá ann ach cumha. Brón b’fhéidir. Sonas saoithiúil fiú. 

Is mire mothúchán de shaghas é ‘Anam Lách an Cheoil’ nach féidir a rangú ar an chéad éisteacht ach atá ina chatairsis ar gach casadh ina dhiaidh sin. Gan trácht a dhéanamh ar mháistreacht an ionstraimithe arís, sin áilleacht an amhráin agus fágann sé go bhfuil tú ag iarraidh filleadh air arís agus arís eile.

Grianghraf: Ealaín chlúdaigh Do Shamhlaigh Mé Tír Nua…

Géaraítear an luas sa chéad dá thraic eile, ‘Go Moch’ agus ‘Foraois an Iúir/Fear na Fliúite/Port na Síochána’. Comhpháirtíocht le fear an ghiotár baratóin Conor O’Sullivan atá i gceist le ‘Go Moch’. I ndiaidh chatairsis an chéad amhrán, airíonn sé gur anáil dhomhain ar mhaidin fhionnuar é an t-amhrán seo. Is oiriúnach an teideal é mar sin. Tógann ‘Foraois an Iúir’ ar an fhuinneamh seo chun rithim thógálach a thairiscint. Tairiscint ar cheart glacadh léi nó chuirfeadh strumáil Mhacdara ag damhsa thú láithreach.

Leanann Ó Faoláin seo le cóiriú “tobchumtha” de ‘The Lark in the Clear Air’ a léiríonn cé chomh cumasach agus atá sé le cordaí beachta a sheinm. Amhrán eile atá anseo a spreagann tocht lena áilleacht.

Tarraingíonn Macdara ar shaothar an domhain Chlasaicigh fosta agus gigue le Bach óna chóiriú ‘Partita No. 3 in E Major’ le cluinstin ar ‘Partita No. 3 in E Major, BWV 1006: VII. Gigue’. 

Léirítear cumas measctha ar thraic a 6, ‘You Should See the Other Guy/Leite a’ Bhóthair/Cois Trá ar Maidin’. Tosaíonn an t-amhrán le piocadh deas réidh sa chluas chlé amháin sula dtagann strumáil fhuinniúil isteach sa chluas dheas. Nuair a thig fuaim an olldoird isteach, atá á sheinm ag Micheal Riordan, thiocfadh leat céilí a chaitheamh i do chistin agus an t-amhrán ag tógáil is ag tógáil go deireadh an tseit.

Cuireann an Faolánach clabhsúr ar an cheirnín leathfhada le ‘Suantraí na hOíche’. Ní gá tuilleadh a rá faoi scil Mhacdara le huirlisí ag an phointe seo nó níl séanadh ar bith air sin. Portaireacht an Fhaolánaigh, áfach, atá go hálainn agus a mheascann go hiontach le feadóg mhór Johnny McCarthy, ar a leagtar an bhéim anseo. Tá a ghuth sólásach ar an dóigh chéanna le ‘Anam Lách an Cheoil’ ach le tuilleadh nirt taobh thiar dó. Is cinnte gur suantraí é seo ach ní fhéadfainn a rá go raibh mé réidh dul a chodladh ina dhiaidh — chuir mé an EP ag dul arís láithreach.

Ar deireadh, tairgeann Do Shamhlaigh Mé Tír Nua… aistear álainn meallacach d’éisteoirí. Cuimhnigh, áfach, nach seo deireadh an aistir agus go mbeidh tuilleadh le cluinstin faoin am a thagann an fómhar. Tá an EP le fáil ar Spotify, Apple Music agus ar eile anois. Caith leathuair leis. Is cinnte go mbeidh tú leis i bhfad níos mó ná sin áfach.

The post Aistear álainn meallacach é ‘Do Shamhlaigh Mé Tír Nua…’ le Macdara Ó Faoláin appeared first on NÓS.

Níos mó