Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
barantais-ghabhala-a-lorg-ag-ionchuisitheoir-an-icc-do-netanyahu-agus-ceannairi-hamas

Barántais ghabhála á lorg ag ionchúisitheoir an ICC do Netanyahu agus ceannairí Hamas

| tuairisc | ,

Dúirt príomh-ionchúisitheoir an ICC, Karim Khan, go raibh iarratas déanta aige bharántais mar gheall ar chúiseanna a bhain le coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh na daonnachta

Barántais ghabhála á lorg ag ionchúisitheoir an ICC do Netanyahu agus ceannairí Hamas

Tá barántais ghabhála á lorg ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (ICC) do Phríomh-Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu agus do Yahya Sinwar agus ceannairí eile de chuid Hamas.

Dúirt príomh-ionchúisitheoir na cúirteKarim Khan go raibh iarratas déanta aige ar na barántais mar gheall ar chúiseanna a bhain le coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh na daonnachta.

Painéal breithiúna de chuid na cúirte a dhéanfaidh cinneadh faoin iarratas.

Tá roinnt cúiseanna á gcur i leith Benjamin Netanyahu agus aire cosanta Iosrael Yoav Gallant. Ar na cúiseanna sin tá díothú a dhéanamh, úsáid a bhaint as an ngorta mar uirlis chogaidh, stop a chur le cabhair dhaonnúil, agus targaidí a dhéanamh d’aon ghnó de shibhialtaigh.

Tá cúiseanna éagsúla curtha i leith ceannaire Hamas, Yahya Sinwar, Mohammed Diab Ibrahim al-Masri, ceannaire Bhriogáidí Al Qassem, agus Ismail Haniyeh ceannaire na chuid na heite polaitiúla de chuid Hamas.  Ar na cúiseanna sin tá “díothú, dúnmharú, tógáil gialla, agus éigniú agus ionsaithe gnéis a dhéanamh ar dhaoine faoi choinneáil”.

Dúirt Karim Khan go bhféadfaí cás réasúnta a dhéanamh go raibh na ceannairí freagrach de réir dlí as coireanna cogadh agus coireanna in aghaidh na daonnachta a tharla ón 7 Deireadh Fómhair 2023.

Rinne Iosrael cáineadh géar ar an gcúirt idirnáisiúnta. Dúirt Benny Gantz, aire de chuid rialtas cogaidh Iosrael:

“Daille ó thaobh na moráltachta atá i gceist a mhaíomh gurb iad an dá mhar a chéile ceannairí a chuaigh chun catha le cosaint a thabhairt do shaoránaigh a dtíre agus sceimhlitheoirí foréigneacha.

“Dá nglacfaí le seasamh an ionchúisitheora is coir stairiúil a bheadh ann.”

Níl Iosrael ina bhall den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus deir sé nach bhfuil aon údarás aici in Iosrael ná Gaza. Ach má cheadaítear na barántais d’fhéadfaí na daoine atá luaite leo a ghabháil in aon cheann den 124 stát atá ina mbaill den ICC.

An ICC, atá lonnaithe san Háig, an t-aon chúirt bhuan ar domhan a bhfuil an chumhacht aici daoine a chúiseamh as coireanna  cogaidh, coireanna in aghaidh na daonnachta agus cinedhíothú.

Níos mó