Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
deanann-lucht-an-tsnagcheoil-an-bad-a-luascadh-ar-shraid-shipquay,-doire

Déanann lucht an tsnagcheoil an bád a luascadh ar Shráid Shipquay, Doire

| jack mac iomhair | ,

“An bhfuil a fhios agat go dtagann an focal ‘jazz’ ón Ghaeilge ‘deas?’” 

De réir mar a thuigim, ní thagann, ach seo argóint a bhí againn san oifig an tseachtain seo caite atá fós ag dul ar aghaidh. Fágfaidh muid sin ar leataobh áfach. (Ar an drochuair, beidh ormsa plé leis. Ní chuirfidh mé fríd an phian sin sibh.)

Bhí mé ag ól mo chuid caife i nDoire maidin Shathairn agus mhúscail fuaim a bhí ag teacht trasna na cathrach spéis ionam. Fonn fuinniúil meidhreach measctha le monabhar canta do mo bhualadh.

Ba léir go raibh scairbhín na gcuach linn thar an deireadh seachtaine nó bhí gach claochlú ar an spéir idir an ghrian agus an fhearthainn i rith an lae. Ach níor bhain sé sin aon mhaitheas ó Fhéile Snagcheoil Dhoire in aon chor. Bhí níos mó ná 80,000 duine amuigh ar na sráideanna i rith an deireadh seachtaine saoire bainc. Éacht nach beag nuair nach bhfuil ach 105,000 nó mar sin ina gcónaí sa chathair.

Nuair a deirim gur tharraing fuaim mé go lár na cathrach, ní snagcheol a bhí ann. Fuaim aitheanta. Fuaim a chloisfidh tú ag gach bainis ar fud na tíre. Má tá muid ag dul a thabhairt faoi amhrán náisiúnta nua a chruthú d’Éirinn Aontaithe, seo é. ‘Rock the Boat’ le Hues Corporation. Thaispeáin Derry Girls don domhan é agus tá a fhios ag madaí na sráide, dá mbeadh curiarracht bainteach leis, bheadh orainne í a fháil. Gabh mo leithscéal a Ghaillmhigh. 

Beagnach 2,000 a tháinig amach le ‘Rock the Boat’ a dhéanamh ar Shráid Shipquay. Rinne siad seo chun airgead a thiomsú d’Ospís An Fheabhail agus Iontaobhas Ryan McBride, iar-chaptaen de chuid foireann sacar Dhoire a cailleadh go róluath. Bhí foirne de chuid de na tithe tábhairne ag caitheamh geansaithe dearga a raibh uimhir a 5 orthu in ómós dó mar chuid den fheachtas ‘Go Red for Ryan.’ 

Chríochnaigh an Fhéile Dé Luain i ndiaidh breis agus 450 léiriú beo i níos mó ná 72 ionad thar 5 lá. Léirigh an céad bhanna ón Chóiré Theas le bheith páirteach ann, Odd Meter Fairy and the Jazzys, gur mór an fás atá tagtha ar an fhéile ó bunaíodh í thiar in 2002. Bhí rírá agus ruaille buaille gach áit a ndeachaigh tú. Ceolchoirm ar an toirt, banna ina seasamh ar na binsí taobh amuigh de na tithe tábhairne. Slua daoine os a gcomhair. Ní raibh mé ann roimhe ach tá mé cinnte gurb é seo mar atá Glastonbury. Muna bhfuil na físeáin feicthe agaibh de Shráid Waterloo oíche Dhomhnaigh, taispeánfaidh sé an dóigh a bhí rudaí an deireadh seachtaine ar fad. 

Mar a luaigh mé áfach, ní raibh a fhios againn an tús samhraidh a bhí ann nó Mí Eanáir go fóill de bharr na haimsire. Mar sin, chaith mé féin cuid mhór ama taobh istigh de na tithe tábhairne teolaí ag éisteacht le scoth an cheoil. Bhí King Rat ann chomh maith le The String Ninjas, Thumping Jellyfish, agus Mr Wilson’s Second Liners. Ag seinm saor in aisce fosta! Bhí ceolchoirmeacha a raibh ort íoc astu ann ach nuair a fhaigheann tú a leithéid de sin saor in aisce, cén fáth nach gcuirfeá an t-airgead i dtreo pionta ceirtlise le dul leis an cheol. 

Caithfidh mé a admháil gur phill mé ar Bhéal Feirste in ísle brí Dé Luain. Féile Snagcheoil Dhoire thart go ceann bliain amháin eile. A leithéid de chraic agus a leithéid d’fhuinneamh a bhí sa chathair. Fiú agus an fhearthainn ag titim go trom, bhí muid amuigh ar an tsráid ag damhsa linn. Dar ndóigh, beidh mé ag súil leis an chéad cheann eile! 

Beidh féile i gCorcaigh chomh maith a chuala mé ach bíonn an fhéile mar comhartha dom gur tús an tsamhraidh é agus, in ainneoin na haimsire, tá an samhradh linn. Beidh tuilleadh deiseanna ceiliúrtha i nDoire i rith na tréimhse atá amach romhainn. Ach tá mo sparán agus mo chloigeann buíoch as an tsos bheag faoi láthair. 

The post Déanann lucht an tsnagcheoil an bád a luascadh ar Shráid Shipquay, Doire appeared first on NÓS.

Níos mó