Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
padraig-mac-piarais-agus-stair-chomhroinnte-na-fiannaiochta

Pádraig Mac Piarais agus stair chomhroinnte na Fiannaíochta

| dubhan o longain | ,

Luaigh mé ‘Laoi na Mná Móire‘ san alt dheireanach liom agus naimhde na bhFiann á bplé agam. Phléigh mé an scéal sin, agus cúpla ceann eile, ina ndéanann duine inteacht ionsaí ar Éirinn sula gcloíonn na Fianna iad ach ní mise an chéad scríbhneoir chun an laoi seo a lua. 

An rud atá ann faoi na scéalta Fiannaíochta ná gur spreag siad samhlaíocht na nÉireannach. An grúpa seo, bhí cónaí orthu amuigh fá choillte agus fá shléibhte gan aon talamh acu. Bhí dáimh ag Éireannaigh leis an ghrúpa seo nó bhí muid féin ar an dóigh chéanna i ndiaidh na bplandálacha éagsúla a rinneadh sa tír seo.

I gcuid mhaith de na scéalta seo, déantar ionsaí ar Éirinn ach faigheann na Fianna an bua ar an ionsaitheoir. D’fhág sé é go raibh suim againn sna scéalta seo nó mhothaigh cuid mhór daoine go raibh macalla de stair na hÉireann iontu. Ní de thaisme go bhfuil ionsaitheoir ó na tíortha Lochlannacha luaite go minic, mar shampla, nó, roimh Shasana, na Lochlannaigh an dream is mó a rinne ionsaí ar an tír.

Duine amháin a chuir an-suim san Fhiannaíocht ná Pádraig Mac Piarais. Bhí dúil mhór aige sna scéalta seo agus d’fhoilsigh sé eagrán de dhá scéal Fiannaíochta, is é sin ‘Bruíon Chaorthainn‘ agus ‘Bodach an Chóta Lachtna‘. Ní hamháin sin ach chuir sé ‘An Dord Féinne’ ar a leagan uasdátaithe de ‘Óró Sé do Bheatha Bhaile’ (is féidir níos mó a fháil amach faoin dord seo agus uirlisí eile a bhí ag na Fianna anseo). Mar sin de, is léir go raibh an-dúil ag an Phiarsach san Fhiannaíocht agus ní nach ionadh, seo duine a thug a shaol ar fad d’iarrachtaí chun ionsaitheoirí gallda a ruaigeadh ón tír seo. 

Bhunaigh Mac Piarais iris agus ghlaoigh sé ‘An Barr Bua’ uirthi. Ainm eile ar an ghléas sin ‘An Dord Féinne’ é ‘An Barr Bua’. Sa chéad eagrán den iris seo, cáineann sé Éireannaigh a linne ar an ábhar nach bhfuil siad chomh cróga leis na Fianna. Seo mar atá an chéad eagarfhocal: 

“Léitear sna laoithe Fiannaíochta, an uair a bhíodh cabhair na Féinne de dhíth ar Fhionn ar bheith dó i nguais nó i ngarbh, gurb é a níodh, an Barr Bua a ghabháil chuige agus a sheinm go hard ceolmhar ag gairm chuige na Féinne as gach aird dá mbídís. Agus ar chlos dóibh guth glanbhinn na hadhairce sin thigeadh seacht gcath na gnáth-Féinne ina gcatha agus ina gcipí agus ina mbuíonta beaga le cabhair a dtriatha, agus ní stadadh cos dóibh agus ní lagadh misneach acu go mbeith dóibh ar aon láthair timpeall Fhinn.”

Cuireann sé seo i gcomparáid leis na hÉireannaigh sa lá atá inniu ann:

“D’imigh an Fhiann agus sliocht na Féinne, agus is trua an t-iarsma a d’fhágadar ina ndiadh. Dá seasfadh Fionn ar Almhain Laighean inniu nó ar mhullach Bhinn Éadair, agus an Barr Bua a sheinm amhail a sheinneadh tráth, ní bhfaigheadh sé de fhreagra ach búireadh bó ar Mhagha Uí bhFáilí nó faí faoileáin os farraige.”

Ní hamháin go gcuireann an Piarsach ár stair agus ár gcultúr i gcuimhne dúinn ach maíonn sé gur údar náire dúinn é nach bhfuil Éireannaigh na linne sin chomh cróga leis na Fianna a d’fhreagair gairm Fhinn. Cuireadh an iris seo amach sa bhliain 1912 agus ní deacair an sprioc a bhí ag an Phiarsach a shamhlú. Tá seans maith gur shamhlaigh sé gurbh eisean Fionn agus go raibh sé ag iarraidh Fianna nua a tharraingt chuige féin chun a bheith ag troid in éadan na Sasanach (na hionsaitheoirí nua).

Rinne an Piarsach trácht ar an Fhiannaíocht in iris eile i bhfad roimhe sin, ámh. Luann sé seanfhear ag ceol ‘Laoi na Mná Móire’ in alt a scríobh sé don iris An Claidheamh Soluis in Aibreán 1902. Bhí sé ag scríobh faoi chaint a thug sé agus scríobhann sé (i mBéarla) gur cheol duine an laoi:

“When I had finished speaking, an old man came forward and gave us ‘eachtra na mná móire’. The scene struck me as a strangely beautiful and moving one. The bare walls of the Schoolroom, the sea of intent, eager faces, the commanding form of the Priest, the bent figure of the old man as he leant on the table and recited the old Ossianic lay in a low musical monotone – either poet or painter might find the scene material for epic treatment. I realised as I listened that the old man’s lay had made a far more powerful appeal to the heart of that audience than my halting words. In the poor Schoolroom we felt the mighty presence of Fionn and Oisín and Patrick, and knew that the past was not dead.”

Maith domh an Béarla ach nach álainn amach an píosa seo a léiríonn tábhacht na Fiannaíochta do dhuine de na hÉireannaigh is clúití a bhí ann ariamh? Léiríonn seo an meas a bhí ag daoine a thuig traidisiún na Fiannaíochta don traidisiún sin. Thuig Mac Piarais go raibh stair na hÉireann fite fuaite leis an Fhiannaíocht agus go gcaillfear rud an-tábhachtach má chailleann muid í. 

B’fhéidir gur chóir dúinn an focal deiridh a fhágáil ag Seosamh Mac Grianna. Agus é ag scríobh faoi dhuine ag aithris na Fiannaíochta ina úrscéal An Druma Mór, bhí seo le rá aige: 

“Bhí seanMhurcadh ag canstan na Fiannaíochta i measc a gcuid geamhthroda, mar bheadh file i measc bhodaigh gan oideas. Bhí an tseanÉire ag fáil bháis agus an Éire Óg ag bruínteachas fá cholbha a leapa. Ní raibh an dreach measúil ar chlann Mhurchaidh a bhí air féin, agus ní raibh deis a labhartha acu mar a bhí aige. Chan dóibh a bhí sé ag rá na filíochta, ná don tachrán ach a oiread, ach dó féin. Bhí seanchuimhneacháin aigesean a bhí míle bliain d’aois. Thuigfeadh sé Cormacán Éigeas nó Gofraidh Fionn Ó Dálaigh. Ach ní thuigfeadh an chlann a n-athair mór.”

Filí ón 10ú agus an 14ú haois iad Cormacán Éigeas agus Gofraidh Fionn Ó Dalaigh. Cosúil le Mac Piarais, thuig Mac Grianna tábhacht na Fiannaíochta i gcultúr na hÉireann. Is nasc lenár stair í an Fhiannaíocht a cheanglaíonn muid leis na glúnta atá imithe romhainn.

Mar sin de, nuair a théann tú i ngleic le scéalta Fiannaíochta, ní béaloideas áitiúil amháin atá idir lámha agat ach cuid de chultúr na tíre ar fad.

 

The post Pádraig Mac Piarais agus stair chomhroinnte na Fiannaíochta appeared first on NÓS.

Níos mó