Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘peacach’-le-imle-ina-amhran-aitheantais-don-chlar-ur-bodkin

‘Peacach’ le IMLÉ ina amhrán aitheantais don chlár úr BODKIN

Beidh IMLÉ le cloisteáil ó Chonamara go California sa chlár teilifīse nua BODKIN ar Netflix. Roghnaíodh an t-amhrán ‘Peacach’, ó chéad albam an ghrúpa IMLÉ (2016), mar amhrán aitheantais an chláir. Cuideachta léiriúcháin a bhunaigh Barack agus Michelle Obama, Higher Ground Productions, a léirigh agus a d’eisigh an tsraith.

Is comharghrúpa ceoil iad IMLÉ atá faoi stiúir an cheoltóra agus an léiritheora Cian Mac Cártaigh. Déanann IMLÉ stíleanna agus ciútaí ceoil éagsúla a mheascadh le chéile ar bhealach uathúil nach bhfuil cloiste sa Ghaeilge roimhe seo. D’eisigh an grúpa an chéad albam IMLÉ in 2016 agus an dara halbam FÁILTE ISTEACH in 2022. Karl Odlum a léirigh an bheirt acu.

Is é BODKIN an chéad sraith teilifíse atá eisithe ag Higher Ground Productions. Sraith greann dorcha a scannánú in Iarthar Chorcaí, Cill Mhantáin agus Baile Átha Cliath é.

Beidh seacht n-eagrán uair an chloig ar fad sa tsraith. Díríonn plota na sraithe eisceachtúla ar chriú podchraoltóirí (Will Forte, Siobhán Cullen, Robyn Cara) atá ag fiosrú cás diamhair ina ndeachaigh triúr strainséirí ar iarraidh go mistéireach ó bhaile cósta in Éirinn. Agus iad ar tí an cás a fhuascailt, tagann siad ar scéal i bhfad níos doimhne agus níos casta ná mar a shíl siad i dtosach báire.

Bhí an deis ag NÓS cúpla ceist a chur ar IMLÉ agus an t-éacht iontach seo bainte amach acu. D’fhreagair stiúrthóir agus léiritheoir an chomharghrúpa, Cian Mac Cárthaigh.

NÓS: Cad é mar a chuir sibh an t-amhrán le chéile?

Cian Mac Cárthaigh: Bhí an t-amhrán seo mar chuid den chéad albam a bhí ag IMLÉ thiar in 2016. Bhí sé mar an t-amhrán deireanach ar an albam agus rinneamar é a thaifeadadh muid féin, seachas i stiúideo, le laptop Fergal Moloney agus cúpla mic. Ar an amhrán tá Marcus Mac Conghail mar an príomhamhránaí agus tá Pádraig ‘MC Muipéad’ agus Fergal Moloney ag canadh air chomh maith. Tá giotár de chuid Marcus ar an amhrán, táimse ag casadh an dordghiotáir agus tá Fergal ag déanamh rudaí draíochtúla ar an mearchlár. Chaith muid an-chuid ama ag cruthú atmaisféar agus ton an amhráin le chéile. Tá mé iontach bródúil as an léiriúcháin air, measaim gur chuir muid rud éigin speisialta le chéile. Bhí muid ar fad ar aon intinn faoi cad a bhí de dhíth ar an amhrán. Rinne gach éinne sár jab.

Tá an-dúil ag daoine san amhrán seo agus dá bhrí sin lean IMLÉ á chasadh fiú nuair a d’fhág Marcus, Fergal agus Pádraig an comharghrúpa. Tá leagan nua acústach againn; Róisín Seoighe á chanadh agus mé féin agus Neil Ó Briain ag casadh na ngiotár.

NÓS: Cad é mar a d’éirigh libh an t-amhrán a fháil ar BODKIN? Nó ar iarradh oraibh é?

CMC: Tháinig daoine ón gclár i dteagmháil linn in 2023. Dúirt siad go raibh spéis acu san amhrán ach nach raibh siad 100% cinnte an mbeadh sé sa chlár. Níor chualamar aon rud ar feadh tamaill agus cheap mé nach mbeadh aon rud ag tarlú. Ansin ag tús na bliana fuair mé ríomhphost ag rá go mbeidh sé mar an príomhamhrán ag tús an chláir agus go mbeadh siad ag úsáid an leagan albaim chomh maith leis an leagan acústach. Rud a bhí agus atá dochreidte!

NÓS: Cad é mar a mhothaíonn sibh agus an t-éacht seo bainte amach agaibh?

CMC: Tá bród orm le bheith ionraic. Tá paisean faoi leith agam don gceol agus d’IMLÉ. Tá mé iontach sásta anois go bhfuil sé seo bainte amach ag IMLÉ. Déanann gach ceoltóir a bhí agus atá ag ceol le hIMLÉ sárobair. Tá súil agam anois go gcloisfidh níos mó daoine timpeall na cruinne faoi IMLÉ dá bharr seo. AGUS tá ceol nua ag teacht amach againn go luath, tabharfaidh sé seo spreagadh breise dúinne.

Grianghraf: IMLÉ ag Gradaim NÓS 2024. (Ón chlé) Cian Mac Cárthaigh, James Shannon, Róisín Seoighe, agus Neil Ó Briain.

Eiseofar singil úr de chuid IMLÉ, ‘SLÁINTE,’ le Róisín Seoighe agus an rapálaí as Baile Átha Cliath, James Shannon, ar an 24 Bealtaine. Beidh EP nua ón chomharghrúpa le cloisteáil faoin fhómhar i mbliana.

Tá an tsraith teilifíse BODKIN le feiceáil anois ar Netflix.

Is féidir ‘Peacach’ a fháil anois ar Spotify. Tá bunleagan le fáil anseo agus tá an leagan nua acústach den amhrán a bhfuil Róisín Seoighe le cloisteáil ann le fáil anseo.

The post ‘Peacach’ le IMLÉ ina amhrán aitheantais don chlár úr BODKIN appeared first on NÓS.

Níos mó