Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
plur-na-gceoltoiri-gaeilge-le-seinm-ag-feile-na-gealai

Plúr na gceoltóirí Gaeilge le seinm ag Féile na Gealaí

| conor torboid | ,

Beidh scoth an cheoil Gaeilge le cluinstin ag “féile champála na nGael” i Ráth Chairn Ghlas na Mí ar an 7-9 Meitheamh. Tabharfaidh Féile na Gealaí 2024 ardán do cheoltóirí fadbhunaithe agus do cheolóirí úra comhaimseartha i saol na Gaeilge (agus Gàidhlig!), a fhreastalóidh ar gach sórt duine a bhfuil dúil sa cheol acu. Cluinfear leithéidí Jiggy, The Bonny Men, Super Céilí, The Shan Vans, Cuas agus Grooveline ar an stáitse idir oíche Aoine agus deireadh na seachtaine. 

Seolfaidh The Hot Toddies an fhéile tráthnóna Aoine an 7 Meitheamh le cur i láthair bríomhar agus leanfar leis an chraic le Cuas as Corca Dhuibhne, Grooveline agus an grúpa lán fuinnimh lán spleodair as Baile Átha Cliath, The Bonny Men. Tabharfaidh Super Céilí faoi ardán an chlub áitiúil, An Bradán Feasa, le manglam ceoil a tharraingíonn ar an stíl thraidisiúnta agus ar an cheol pop-leictreonach.

Dé Sathairn an 8 Meitheamh beidh manglam eile ann agus Clann Mhic Corraidh as Béal Feirste ag canadh leo ach ní stopfaidh sé ansin óir beidh Na Fíréin ag tabhairt faoi cheolchoirm eisiach a dhéanfaidh ceiliúradh ar 40 bliain ó chéadchas siad i Ráth Chairn.Ag tógáil ar an fhuinneamh sin beidh an grúpa misteach leictreonach Huartan agus an banna indie The Shan Vans as Béal Feirste faoi shoilse an ardáin. Ina dhiaidh sin beidh an rapálaí Torby chomh maith leis an rinceoir is amhránaí as Gaedhaltacht na hAlban, Joy Dunlop lena banna ceoil úr. 

Deir príomhamhránaí ó The Shan Vans, Conchuir Mac Siacais, “Tá muid ar tí ár dtríú singil ‘An tSeanbhean’ a láinseáil an samhradh seo le hamhrán agus físeán ceoil le baicle d’ealaíontóirí Éireannacha agus Palaistíneacha amhail Tadhg Hickey, Talha Wise Wolf, St. Diabhal agus níos mó. Tá The Shan Vans ag dúil go mór le raic a thógáil ar stáitse lasmuigh de Bhéal Feirste den chéad uair ó Picnic Leictreach 2023.”Chun clabhsúr a chur ar imeachtaí na páirce beidh an t-ollghrúpa Jiggy ann sula “ndéanfar oilithreacht go dtí’n Bradán Feasa chuig club na féile” a deir eagraithe na féile. 

Tá togra úr ceol trad-leictreonach á reáchtáil ag Féile na Gealaí i mbliana, is é sin Cigire na bPuntaí. Deir an fhéile “go mbeidh croí na féile, Joe Jack Attack, ar na bonnaí chun deireadh a chur le féile 2024 – ná cailligí seo ar ór nó ar airgead!”Beidh clár an típí lán le himeachtaí ar an tSatharn fosta. Ióga le ceol chun an tinneas póite a leigheas, rang dornaclaíochta mar thógáil fuinnimh, filíocht fhísiúil IMRAM leis an intinn a mhúscailt agus podchraoladh beo leis na Gael Gals.

Léireoidh an fuirseoir fíorChorcaíoch Tadhg Hickey seó grinn sa típí agus beidh ceiliúradh BRÓD le Sexy Tadhg (Ó Grifín) agus Aerach Aiteach Gaelach ag titim amach ina dhiaidh.Ní fhágfaidh an fhéile na teaghlaigh i ndearmad ach oiread. Beidh seisiún scéalaíochta i Leabharlann Ráth Chairn, Sorcas Fanzini sa Halla Pobail, agus seó ceoil Draíocht an Dúlra le Gráinne Holland agus a cuid cairde i measc roinnt rudaí eile. Tar éis sin ar fad pillfidh Oireachtas na Gealaí ar chúl tí an Bhradán Feasa oíche Shathairn.

Tá ticéid Sraith 2 ar díol ar €110 go dtí an 22 Bealtaine agus díolfar ticéid Sraith 3 agus ticéid deireadh seachtaine ar €150 ón 23 Bealtaine ar aghaidh. Díolfar líon teoranta ticéid lae ar €80 le linn Sraith 3 chomh maith le pasanna teaghlaigh idir €15-€30 a thabharfaidh cead do theaghlaigh a bheith ar an láthair go 19:00.

Soláthróidh P.I.M.T Pizza, The Flavour Smyth agus eile bia ar an láthair. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar na meáin shóisialta nó ar shuíomh idirlín Féile na Gealaí.

 

The post Plúr na gceoltóirí Gaeilge le seinm ag Féile na Gealaí appeared first on NÓS.

Níos mó