Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ainmniuchan-chun-seasamh-san-olltoghchan-d’fhianna-fail-a-lorg-ag-pat-the-cope-gallagher

Ainmniúchán chun seasamh san olltoghchán d’Fhianna Fáil á lorg ag Pat the Cope Gallagher

| Tuairisc.ie | ,

Tá coinbhinsiún le reáchtáil ag Fianna Fáil i nDún na nGall an mhí seo chugainn chun na hiarrthóirí a bheidh ag seasamh don pháirtí sa chontae a roghnú

Ainmniúchán chun seasamh san olltoghchán d’Fhianna Fáil á lorg ag Pat the Cope Gallagher

Tá sé deimhnithe ag an iar-aire stáit Gaeltachta Pat the Cope Gallagher go bhfuil sé ag iarraidh seasamh sa chéad olltoghchán eile.

Tá coinbhinsiún le reáchtáil ag Fianna Fáil i nDún na nGall an mhí seo chugainn chun na hiarrthóirí a bheidh ag seasamh don pháirtí sa chontae a roghnú agus tá sé deimhnithe ag Gallagher go bhfuil sé ag cur a ainm chun cinn.

Tá breis is dhá scór bliain caite ag Gallagher ag plé leis an bpolaitíocht. Toghadh é chun na Dála naoi n-uaire idir 1981 agus 2016 agus toghadh é chun na hEorpa faoi thrí le linn na tréimhse sin chomh maith, i 1994, i 1999 agus arís in 2009. Chaill Gallagher, a raibh dhá sheal aige mar aire stáit na Gaeltachta, a shuíochán in olltoghchán 2020.

Agus é ag labhairt ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Gallagher go ndearna sé an cinneadh an tseachtain seo ainmniúchán mar iarrthóir a lorg don chéad olltoghchán eile.

Dúirt Gallagher, arb as Ailt an Chorráin dó, nach raibh sé i gceist aige i gcónaí seasamh san olltoghchán ach gur ghlac sé an cinneadh mar gur mheas sé gur theastaigh ionadaí ó iarthar an chontae.

“Ar ndóigh, b’fhearr liomsa gan a bheith san áit ina bhfuil mé. Shíl mise go mbeadh daoine eile sa sean-dáilcheantar [Dún na nGall Thiar-Theas] ag dul san iomaíocht ach ní raibh éinne i dtoghcheanar na nGleanntach,” a dúirt Gallagher.

“Nuair a d’amharc mise thart agus ní raibh éinne againn sa toghcheantar seo, rinne mise suas m’intinn ansin dul san iomaíocht ionas go mbeadh mé in ann ionadaíocht a dhéanamh, má thoghtar mé, don chontae go léir agus don taobh seo tíre.”

Seisear atá ainmnithe chun dul os comhair choinbhinsiúin Fhianna Fáil sa chontae – an tAire Talmhaíochta Charlie McConalogue; an Seanadóir Niall Blaney; na comhairleoirí contae Dónal Mandy Kelly agus Michael Naughton; Ben Harkin agus Pat the Cope Gallagher.

Dúirt Gallagher go raibh súil aige go dtoghfaí an tAire McConalogue san olltoghchán agus go mbeadh seisean ag díriú ar an dara suíochán a bhuachan d’Fhianna Fail.

Dúirt sé gurb é a thuairim féin go bhfógrófaí olltoghchán tar éis d’fhógairt an Bhuiséid sa bhfómhar.  Dúirt sé gur cheart an toghchán a bheith ann roimh dheireadh mhí Dheireadh Fómhair ansin.

Agus é ag tagairt dá aois, dúirt Gallagher, atá 76 bliain d’aois, go raibh sé “chomh folláin le breac” agus go raibh 9,000km siúlta aige le cúig bliana anuas.

D’fhógair an t-iarAire Gaeltachta ó Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív, Dé Céadaoin nach raibh sé chun seasamh sa chéad olltoghchán eile.

Níos mó