Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
an-tastralach-a-d’fhoghlaim-an-ghaeilge-agus-ata-ag-usaid-scileanna-sorcais-le-teangacha-‘a-dhuiseacht’

An tAstrálach a d’fhoghlaim an Ghaeilge agus atá ag úsáid scileanna sorcais le teangacha ‘a dhúiseacht’

Seans nach gcuirfeá an teangeolaíocht agus scileanna sorcais le chéile ach sin é go díreach atá déanta ag an ealaíontóir Joshua Hoare agus é ag obair le teangacha atá ‘ina gcodladh’

Labhair sé le Tuairisc faoi ealaíona sorcais a úsáid in athmhúscailt teanga agus é féin agus eagraíochtaí teanga na mBundúchasach san Astráil ag obair as lámha a chéile.

Bhí Joshua Hoare, Stiúrthóir Ealaíne an South Australian Circus Centre, in Éirinn le deireanas agus é ag iarraidh aithne a chur ar ealaíontóirí Gaelacha agus ag foghlaim faoina oidhreacht féin. Tá cúlra an-sainiúil ag Joshua.

Rinne sé staidéar ar an teangeolaíocht agus ar na healaíona sorcais san ollscoil agus tá an dá shnáithe á sníomh le chéile aige mar stiúrthóir ealaíne ar an South Australian Circus Centre.

Díríonn a chuid oibre ar na healaíona sorcais agus ar chaomhnú teanga agus é ag comhoibriú le heagraíochtaí na mBundúchasach in Adelaide na hAstráile.

Le deireanas a chaith sé súil siar ar a chúlra cultúrtha féin mar Astrálach de chúlra na hÉireann agus na Breataine. Is í an obair a bhí á déanamh aige lena chomhghleacaithe sa bpobal Bundúchasach a spreag é féin le breathnú siar ar a chúlra Gaelach.

“Shocraigh mé breathnú siar ar mo chúlra teaghlaigh féin agus Gaeilge a fhoghlaim,” a deir sé.

“In Adelaide, tá pobal beag Gaeilgeoirí againn. Tá triúr nó ceathrar as Oileáin Árann, cainteoirí ó dhúchas iad agus ansin tá pobal beag Éireannach a d’fhoghlaim Gaeilge ar scoil, nó daoine ar mo lorg féin atá ag foghlaim Gaeilge mar go bhfuil suim acu inti.”

Thug an staidéar sin go hÉirinn é, áit ar chas sé le healaíontóirí agus le pobail Ghaelacha agus cainteoirí Gaeilge agus é ag iarraidh aithne a chur ar an bpobal anseo agus deiseanna comhoibrithe a fhiosrú.

“Go leor Astrálach Angla-Cheilteach, níl a fhios againn mórán faoinár stair roimh ár seantuismitheoirí nó sin-seantuismitheoirí. Sin mar a bhí sé i mo chás-sa. Thugtaí na ‘ten-pound poms’ orainn.

“Séard a chiallaíonn sé sin ná mo shin-seantuismitheoirí, d’íoc siad deich bpunt agus d’imigh siad go dtí an Astráil ar bhád agus níl a fhios againn mórán faoin stair a bhí acu roimhe sin. Mar Astrálach, tá go leor againn ann nach bhfuil a fhios againn cén oidhreacht atá againn.”

D’fhás Hoare aníos i mbaile beag tuaithe i New South Wales san Astráil. Thosaigh a spéis i dteangacha agus é sa mbunscoil nuair a tháinig aeróstach ón tSeapáin ar cuairt ar an scoil. Spreag sé seo a spéis sa tSeapáinis, sa bhFraincis agus sa Mhandairínis agus nuair a chríochnaigh sé an scoil rinne sé céim i dteangacha in Ollscoil Sydney.

Ag an am céanna bhí sé ag obair ar scileanna sorcais. “Thosaigh mé ag lámhchleasaíocht le grúpa drámaíochta don óige a bhí suite thart ar uair an chloig go leith ón mbaile beag ina raibh mé ag fás aníos.”

Lean sé ar aghaidh leis an obair sin ar feadh a óige go dtí go bhfuair sé céim baitsiléara i scileanna sorcais sa National Institute of Circus Arts i Melbourne.

Chuaigh sé ar aghaidh ina dhiaidh sin chun Máistreacht sa Teangeolaíocht a dhéanamh agus dhírigh sé ina chuid staidéir ar chumarsáid idirchultúrtha agus athghabháil teangacha Bundúchasacha san Astráil.

“Bhí suas le 250 teanga Bundúchasach san Astráil aimsir ionradh na hEorpa, ach sa lá atá inniu ann níl ach idir 13 agus 19 de na teangacha sin á dtabhairt ar aghaidh ó mháthair go leanbh.”

Bíonn sé ag comhoibriú tríd an South Australian Circus Centre le heagraíochtaí in Adelaide atá á rith ag an bpobal Bundúchasach chun an teanga Kaurna a athmhúscailt agus a chur chun cinn.

Teanga í Kaurna a bhí ‘ina codladh’ mar a dhéanann Hoare cur síos uirthi agus atá á hathmhúscailt i gceantar Adelaide ó na 1980idí. Bhí cónaí ar mhuintir Kaurna san aimsir a caitheadh ar mhachairí Adelaide. Bhí an ceantar talún sin roinnte amach idir chlanna treibhe éagsúla agus bhí a gcanúintí éagsúla féin acu.

“Cailleadh an cainteoir dúchais deireanach sna 1920idí. Ó na 1980idí i leith tá iarrachtaí ar bun chun an teanga a athmhúscailt trí staidéir ollscoile leanúnach agus tograí éagsúla. Tá tuismitheoirí anois ann atá á labhairt lena bpáistí. Tá foclóir 3,000 focal curtha le chéile agus tá an teanga á múineadh i roinnt scoileanna.”

Oibríonn Hoare le heagraíochtaí ar nós Kaurna Warra Pintyanthi (KWP) agus Kaurna Warra Karrpanthi (KWK) chun tograí athghabhála teanga a chur ar bun trí mheán na n-ealaíona sorcais. Eagraíocht é Kaurna Warra Pintyanthi a bhunaigh seanóirí Kaurna sa mbliain 2002 chun an teanga a chur chun cinn agus chun treoir a thabhairt do ghluaiseacht na teanga.

Tá níos mó i gceist le athmhúscailt na dteangacha atá ’ina gcodladh’ ná focail amháin, a deir Hoare. Tá gné an tslánaithe agus athnascadh cultúrtha i gceist freisin, dar leis.

San SACC, cuireann Hoare ceardlanna ar bun do dhaoine óga ón bpobal Bundúchasach ina mbíonn scileanna teanga fite fuaite le scileanna sorcais mar mhodh teagaisc.

“Baineann muid úsáid as focail ar leith i gcluichí agus ceardlanna sorcais agus muid dírithe ar an bhfoghlaim agus ar shláinte choirp agus intinne.”

Sa mbliain 2021 stiúir sé seó le daoine óga ón bpobal Bundúchasach ina raibh an chleasghleacaíocht agus an phuipéadóireacht mar chuid de.

Dhírigh an scéal ar chrann a bhí ag briseadh trí urlár foirgneamh coilíneach agus é ina shiombail ar athbheochan chultúr agus teanga Kaurna.

“Leagan beag a bhí ann den chomhthéacs mór.”

Roghnaigh siad crann mar íomhá sa dráma mar gheall ar an nasc atá idir an teanga agus an tírdhreach i gceantar Adelaide i gcónaí. ‘Garra’ an focal atá ar an gcrann mar gur ‘Garawidapari’ an t-ainm atá ar an abhainn in Adelaide. Ciallaíonn sé ‘abhainn choill an ghuma dheirg’ i dteanga Kaurna.

“Tá an nasc le háit an-tábhachtach do phobal Kaurna agus sa seó sin bhí muid ag breathnú ar fhocail sa gceantar agus á sníomh isteach sa dráma. Cloistear glór Katrina Power ann, duine de sheanóirí Kaurna agus í ag caint ar an gcrann mar shiombail den teanga atá ag teacht ar ais agus ag briseadh tríd,” a deir Hoare.

Níos mó